ÓMÓS – Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021

Bhí an file Máire Mhac an tSaoi agus an fealsúnaí Desmond Fennell i measc na mórGhael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021

ÓMÓS – Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021

Bhí an file iomráiteach Máire Mhac an tSaoi agus an fealsúnaí aitheanta Desmond Fennell i measc na mórGhael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021.

Mí Dheireadh Fómhair a bhásaigh Máire Mhac an tSaoi duine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois a chum cuid  de mhórshaothair litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.

Bhí sí 99 bliain d’aois.

I mí Iúil, a fágadh slán i mBaile Átha Cliath le Desmond Fennell, 92, an scríbhneoir, fealsúnaí agus Gael, ar fhág a smaointe faoi chaomhnú na Gaeilge agus chultúr na hÉireann lorg mór ar ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, ar ghlúin gníomhaithe teanga agus ar an nGaeltacht féin.

Mí Mheán Fómhair a fuarthas an drochscéal faoi bhás Bhríd Ní Chualáin, an craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta.

Chaith Bríd Ní Chualáin, as Roisín na Mainiach i gCarna, breis agus 30 bliain ag obair le Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara.

Mí Eanáir a bhásaigh Éamonn Ryan, duine de na bainisteoirí peile ba mhó rath riamh. Bhí sé i gceannas ar fhoireann ban Chorcaí le linn ré órga an chontae agus bhuaigh Corcaigh Craobh Shinsir na hÉireann deich n-uaire sa 12 bliain a chaith Éamonn Ryan i gceannas orthu.

An mhí chéanna a d’imigh Tom Neilí Ó Mainín as Corca Dhuibhne ar shlí na fírinne.

Feirmeoir, iascaire, seanchaí, staraí, amhránaí agus fear cuideachtan go smior ba ea Tom Neilí Ó Mainín ó Thíorabháin.

I mí Feabhra a bhásaigh Dónal Ó Loingsigh as Múscraí, duine d’oideachasóirí móra na Gaelscolaíochta, agus an mhí chéanna cuireadh i Reilig an Chnoic in Indreabhán Timín Joe Tim Ó Curraidhín as an gCnocán Glas, fear gnímh, pobail agus CLG.

Bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd a léirigh ómós mí Feabhra don sárcheoltóir traidisiúnta Joe Burke, a bhásaigh in aois a 81 bliain.

Ar na ceoltóirí eile a bhásaigh I mbliana agus a d’fhág oidhreacht shaibhir le huacht againn bhí Tony MacMahon an boscadóir aitheanta agus Albert Fry, duine de Ghaeil mhóra na hÉireann.

Bhí clú ar an Fheirsteach, Albert Fry, mar gheall ar a chuid oibre i gCumann Chluain Ard, gorlann d’athbheochan na Gaeilge ó thuaidh le corradh agus 80 bliain, mar gheall ar a sheal mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus mar amhránaí a chuir cuid mhór d’amhráin Thír Chonaill i mbéal an phobail.

I mí na Bealtaine buaileadh an dara drochbhuille in imeacht cúpla seachtain ar Ghaeil Bhéal Feirste nuair a bhásaigh Máirtín Mac Grianna nó Máirtín Dhónaill Fheidhlimidh Dhómhnaill Phroinsias de shliocht Rann na Feiste i nGaeltacht Thír Chonaill.

D’imigh Máirtín ar shlí na fírinne 17 lá i ndiaidh dá compánach buan agus a chomrádaí saoil, Albert Fry, bás a fháil.

Léiríodh ómós sa Ghaeltacht mí Feabhra  d’iarbhanaltra as Corca Dhuibhne a bhí i mbun cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte nuair a cailleadh í.

Bhásaigh Joan Lucey (Ní Bhrosnacháin roimh phósadh di) sa bhaile sa Daingean.

Mí an Mhárta a bhásaigh Pádraig Ó hAoláin, iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Cumadóir amhrán ab ea Pádraig Ó hAoláin chomh maith agus i measc na n-amhrán a chum sé bhí Cóilín Phádraig Shéamis agus Cumha.

Mí Aibreáin a bhásaigh an tAthair Tomás Ó hIceadha, iarshagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh agus duine de cheannródaithe na drámaíochta in Iarthar Duibhneach. Bhí sé 96 bliain d’aois.

Chuaigh Tom Sailí Ó Flaithearta, an t-aisteoir agus drámadóir clúiteach as an gCeathrú Rua, ar shlí na fírinne an mhí chéanna agus é in aois a 89 bliain.

Ba chainteoir líofa Gaeilge é Brendan Óg Ó Dufaigh an laoch óg peile as Muineachán ar chuir a bhás tragóideach an tír go léir faoi bhrón an samhradh seo.

Peileadóir óg freisin ab ea Maitiú Ó Domhnaill as an gCeathrú Rua, a cailleadh i dtimpiste bhóthair. Fear é a raibh aithne mhór agus cion mór air ina cheantar dúchais agus a bhí ina imreoir peile cumasach lena chlub.

Mí na Samhna a bhásaigh Micheál Ó Gruagáin, aisteoir, iarcheannasaí ar Bhord na Gaeilge agus duine de bhunaitheoirí Aisteoirí Bulfin.

Bhí Anraí Mac Giolla Chomhaill, an scoláire Gaeilge as Doire ar dhuine de na Gaeil mhóra eile a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021. Fear é a rinne obair iontach le linn a shaoil ar son na Gaeilge agus ar son lucht foghlama na teanga go háirithe. 

Ar na Gaeil aitheanta eile a d’imigh uainn in 2021 bhí Séamus Ó Scolaí, scríbhneoir, foilsitheoir agus Gael go smior agus Tomás Ó Máille as Tuar Mhic Éadaigh, fear mór pobail, ceoil agus teanga.

Cailleadh freisin i mbliana Rónán Ó Dubhthaigh, léiritheoir teilifíse a bhí ar an gcéad cheannasaí ar an gCúrsa Cumarsáide Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a sholáthair go leor iriseoirí agus craoltóirí do na meáin Ghaeilge.

I ndeireadh na bliana a fuarthas an drochscéala go raibh Áine Seoighe imithe uainn. D’oibrigh Áine do Bhord na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Glór na nGael agus bhí aithne mhór uirthi i saol na Gaeilge mar gheall ar a cumas agus a croíúlacht, a fuinneamh agus a díograis.

“Bhí croí Áine fréamhaithe i ndaoine agus is ar an mbonn sin a thug sí faoina cuid oibre…Tháinig ‘an duine’ chun tosaigh ar an gcóras i gcónaí,” a dúradh i ráiteas ó Ghlór na nGael.

Ar na Gaeil eile a bhásaigh in 2021 bhí Risteard Mac Aodha, damhsóir agus gníomhaí teanga agus cultúir as Boston agus Pádraic John William Seoighe as Ros an Mhí, bádóir ar chailliúint mhór a bhás do bhádóirí agus do shaol na mbád seoil is na seoltóireachta.

Cailleadh freisin an t-ailtire agus Gael cumasach, Pat McCabe, an Dr Tom McGinley, bunaitheoir Ospís an Fheabhail, Tony Birtill, údar agus iriseoir as Learpholl agus an tAthair Dónál Ó Briain, iarshagart paróiste Bhaile Bhuirne.

Fág freagra ar 'ÓMÓS – Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021'