Ghlaoigh Tony MacMahon orm le rá go raibh sé chun a bhosca ceoil a dhíol…

Réalta cheoil a bhí Tony MacMahon an boscadóir aitheanta atá imithe ar shlí na fírinne

Ghlaoigh Tony MacMahon orm le rá go raibh sé chun a bhosca ceoil a dhíol…

Ghlaoigh Tony MacMahon orm le rá go raibh sé chun a bhosca ceoil a dhíol. Bhí ceoltóir roghnaithe aige, agus dá mbeadh sé riamh á iarraidh ar ais le port a chasadh, bheadh an cead sin aige agus fáilte. “Déanfaidh sé sin radharc iontach” an chéad rud a dúirt mé liom féin, “glúin amháin ag fágáil a hoidhreachta ag an gcéad ghlúin eile – an bosca a fuair Tony óna laoch féin Joe Cooley, anois á thabhairt do cheoltóir óg eile.”

B’in 2017 agus bhí mise i mbun scannánaíochta ag an am ar Slán leis an gCeol, scannán ar shaol agus ar shaothar Tony, agus mé, b’fhéidir, á dhéanamh faoi dheifir agus faoi dhriopás le teann cearthaí. Bhí mé faoi scáth ar shlí mar go raibh laoch amháin agam os comhair an cheamara, agus Séamus Deasy, laoch eile de mo chuid, taobh thiar den cheamara.

Mise go tapógach ag iarraidh an rud ceart a rá mar stiúrthóir agus iadsan beirt i mbun a gcuid oibre gan mhasla gan bhraodar. Seans gur mó cláracha a bhí déanta acusan beirt ná mar a bhí feicthe agamsa i gcaitheamh mo shaoil.

Bhí a ábaltacht cheoil beagnach caillte ag Tony de bharr crith a bhí tagtha ina lámha. Is cuimhin liom gur bhuail dea-ghiúmar é lá amháin agus gur chas sé cúpla port dom. Rinne mé scannánaíocht air, agus go deimhin ní raibh sé éasca breathnú air. Mar sin féin, ag an am bhí dóchas againn go n-éireodh leis dul faoin scian agus máinliacht inchinne a fháil a leigheasfadh an cás.

‘Deep Brain Stimulation’ a thugtar ar an gcóireáil seo, agus cé go bhféadfadh sé a bheith contúirteach bhí dóchas agam gur gearr go mbeadh Tony ag ceol arís. Bhí sé i gceist agam scannánaíocht a dhéanamh ar an turas sin, scéal an fhéinics ag éirí ó luaithrigh na tine, Tony ag dul suas ar an stáitse go lúcháireach agus ag scaoileadh dreas ríleanna amach uaidh ar nós piléir as gunna ag bainis Bheidiúnach sa ngaineamhlach.

Ní mar a shíltear a bítear faraor agus sílimse anois gur in oirchill an bháis a dhíol Tony a bhosca. Thuig sé nach raibh agus nach mbeadh a shláinte sách maith aige le dul faoi scian. Bhí sé céim chun cinn orainn, mar a bhí ar go leor bealaí ar feadh a shaoil. Is dóigh go raibh sé ag iarraidh a bhosca a bheith fágtha go sábháilte ag an gcéad ghlúin eile sula bhfágfadh sé féin muid.

Bhí aithne sa teach sin againne in Aill na Brún ar Tony mar réalta cheoil. Thagadh sé go minic ag imeachtaí i gConamara agus is iomaí uair a tháinig sé ag Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna. Is maith is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo ghasúr, nuair a thagadh sé ar an teilifís chun ceoil, go ligfí béic sa teach “tá Tony ar an teilifís” agus ritheadh muid sa seomra suí chun éisteacht leis. Mar cheoltóir ní raibh a shárú ann. Bhí croí, spiorad agus spraoi sna ríleanna agus sna poirt a chasadh sé. Bím fós fágtha faoi gheasa ag draíocht a fhoinn mhalla.

Caithfear moladh freisin a thabhairt dhó don tsárobair a rinne sé mar léiritheoir in RTÉ. Thuig sé ceoltóirí traidisiúnta agus thuig sé muintir na tíre go smior. Fuair sé an dream is fearr le bheith ar a chláracha agus bhain sé an chuid ab fhearr astu ar an gceamara. Thug an méid a rinne sé ardán náisiúnta don cheol traidisiúnta, agus d’fhéadfaí a rá ardú céime i súile an mhórphobail.

Bhí pearsantacht chasta aige agus d’admhaigh sé féin liom go raibh claonadh aige a bheith ag argóint le daoine in aon turas – ag iarraidh daoine a chur trína chéile. Bhris sé amach lena chlann agus le daoine eile a bhí gar dó. Bhí luí aige a bheith curtha thar bharr a chéille le háthas an cheoil agus na craoltóireachta. Théadh sé suas go dtí plána níos airde, mar a deir sé féin liom. Ach nuair a bhí an port casta nó an clár déanta, thitfeadh an lug ar an lag air.

Mar a mhínigh sé dom, bhí sé cráite ag an ngalar dubhach agus an lagar spride ar feadh a shaoil. D’éiríodh leis teitheadh uaidh an fhad agus a bhíodh sé ar an mbosca, ach ba bhuille marfach a bhí ann dá spiorad nuair a chaill sé a ábaltacht cheoil.

Níor thuig mise an lá úd go raibh deireadh ré os mo chomhair amach.

Tuigim anois é. Slán a Tony. Ba mhaith thú.

Fág freagra ar 'Ghlaoigh Tony MacMahon orm le rá go raibh sé chun a bhosca ceoil a dhíol…'

  • Norita Ní Chartùir

    Rinne tù do chuid leis an gclàr. 👍