Jeffrey Donaldson ciontaithe as éigniú agus 17 gcion gnéis eile

Fuarthas iarcheannaire an DUP ciontach in ionsaithe gnéis a rinne sé ar bheirt chailíní idir na blianta 1986 agus 2008

Jeffrey Donaldson ciontaithe as éigniú agus 17 gcion gnéis eile

Ciontaíodh iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson as páiste a éigniú agus 17 gcion gnéis eile i gCúirt Chorónach an Iúir inniu. Phléadáil Donaldson, a bhí ina cheannaire ar an DUP ó 2019 go 2024, neamhchiontach as na cúiseanna a cuireadh ina leith. Chiontaigh an giúiré cúigear ban agus seachtar fear é d’aon ghuth sa chúirt inniu.

Mhair an triail ceithre seachtaine agus cuireadh 18 gcúis i leith Donaldson a bhain le hionsaithe gnéis a rinne sé ar bheirt chailíní óga idir na blianta 1985 agus 2008 – tráth a raibh sé ina bhall tofa i dTionól Thuaisceart Éireann, ar chomhairle cathrach Lios na gCearrbhach, agus in Westminster.

Fuarthas ciontach in éigniú é chomh maith le ceithre chúis ró-mhígheanasacha agus 13 chúis ionsaí mígheanasach ar bhean sa chúirt inniu. Bhí na mná a chuir na líomhaintí i leith Donaldson ina leanaí bunscoile nuair a d’ionsaigh an polaiteoir aitheanta iad.

Cuireadh siar faoi choinneáil Donaldson nó go ngearrfar téarma príosúnachta air ar an 25 Meán Fómhair. Dúirt an breitheamh go mbeadh téarma fada i gceist agus go gcuirfí ar chlár na gciontóirí gnéis é. Tá Donaldson 63 bliana d’aois.

Fuarthas go ndearna bean chéile Donaldson, Eleanor Donaldson, na cionta a cuireadh ina leith siúd chomh maith. Cúisíodh í as a bheith ag cabhrú agus ag neartú le Jeffrey Donaldson agus a chionta siúd á ndéanamh aige.

Níor cuireadh triail choiriúil ar Eleanor Donaldson mar gheall ar chúrsaí meabhairshláinte ach rinneadh éisteacht iniúchta ar fhíricí faoi na cúiseanna a cuireadh ina leith. Iarradh ar an ngiúiré céanna cinneadh a dhéanamh cé acu an ndearna nó nach ndearna sí na cionta sin, ach ní ghearrfar téarma príosúnachta uirthi.

Chaith an giúiré beagán le cois deich n-uaire an chloig i mbun comhairle lena chéile sular cinneadh d’aon ghuth go raibh an lánúin ciontach.

Fág freagra ar 'Jeffrey Donaldson ciontaithe as éigniú agus 17 gcion gnéis eile'