Cosaint déanta ag Aire na Gaeltachta ar leasú ar sprioc an stáit d’earcú Gaeilgeoirí

Deir Dara Calleary gurb é an bealach go mbainfear amach an sprioc 20% ná trí bhaill foirne sa tseirbhís phoiblí a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó a gcumas inti a fheabhsú

Cosaint déanta ag Aire na Gaeltachta ar leasú ar sprioc an stáit d’earcú Gaeilgeoirí

Tá cosaint déanta ag Aire na Gaeltachta ar an leasú atá á dhéanamh ag an rialtas ar sprioc earcaíochta an stáit go mbeadh 20% d’earcaigh nua chun na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi dheireadh na bliana 2030.

Cé go ndeirtear in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasú) go mbainfidh an sprioc 20% le daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí”, tá an rialtas ag iarraidh go mbeadh daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí cheana féin san áireamh chomh maith.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil an leasú le déanamh ar an reachtaíocht chun “soiléireacht” a chur ar fáil “go mbeadh earcaigh nua agus iad siúd a fuair ardú céime chuig ról leis an nGaeilge i gcomhlacht poiblí san áireamh sa chomhaireamh don sprioc seo.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin, dúirt an tAire Calleary nach raibh sé i gceist aon “mhion-sprioc” a leagan síos maidir cé mhéad den 20% ar gá iad a bheith ina n-earcaigh nua.

Glacadh sa Dáil leis an leasú atá molta ag an Aire Calleary agus tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a achtófar Bille Údarás na Gaeltachta, atá á chur trí Thithe an Oireachtais faoi láthair.

Dúirt an tAire gurb é an bealach a mbainfear amach an sprioc 20% ná trí bhaill foirne sa tseirbhís phoiblí a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó a gcumas inti a fheabhsú.

“Ní mór dúinn cur chuige agus éiceachóras a chothú chun tacú le baill foirne le linn a ngairmeacha beatha chun a n-inniúlacht a choinneáil agus a fheabhsú chun iad a chumhachtú chun a gcuid scileanna a úsáid san ionad oibre agus seirbhísí poiblí á gcur ar fáil.

Sin mar a bhainfear rath amach le himeacht ama, i mo thuairimse, rud a rachaidh chun tairbhe phobal na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.”

Dúirt an tAire Calleary go raibh anspéis atá ag daoine sa tseirbhís phoiblí ca gcumas sa nGaeilge a fheabhsú agus an teanga a úsáid ina gcuid oibre. Bhí an “dea-thoil” sin feicthe aige féin “go minic”, a dúirt sé.

Deir sé go bhfuil “éileamh as cuimse” ar chúrsaí Gaeilge don státseirbhís le blianta beaga anuas. Dúirt sé go raibh nach mór 600 duine ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge in earrach 2026, ardú ó 163 in earrach 2022.

Thagair sé chomh maith de thorthaí an tsuirbhé a rinneadh mar chuid d’ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus an 50% den 35,000 rannpháirtí a dúirt gur mhian leo cur lena n-inniúlacht teanga.

Dúirt an tAire Calleary go raibh sé i dteagmháil leis na hairí rialtais eile faoin ról atá acu i mbaint amach spriocanna na reachtaíochta teanga.

“Tá sé treisithe agam le mo chomhghleacaithe rialtais go léir chomh maith an ról atá againn uile i dtaobh na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach agus beidh mé ag súil le tuairisciú ar an dul chun cinn a rinneadh le linn 2026 i mo thuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú an Achta.”

Tá amhras ann go mbainfear amach an sprioc earcaíochta 20% faoi dheireadh 2030. Dúradh ag coiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh i leith na sprice.

Dúirt an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh gur gá aghaidh a thabhairt “go práinneach” ar na fadhbanna soláthair a bhaineann leis an nGaeilge “ag gach leibhéal den chóras oideachais” más faoin Rialtas an fhadhb a réiteach.

Thagair an Dr Walsh don suirbhé a rinneadh ar chomhlachtaí poiblí roimh fhoilsiú Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, suirbhé inar frítheadh nach raibh ach idir 9-11% d’fhostaithe na státseirbhíse inniúil sa Ghaeilge. Dúirt sé nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil “aon dul chun cinn suntasach déanta ó shin” maidir le daoine breise le Gaeilge a earcú.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Aire na Gaeltachta ar leasú ar sprioc an stáit d’earcú Gaeilgeoirí'