Ceann den iliomad feidhm atá ag na Náisiúin Aontaithe ná gur eagraíocht chearta an duine í ach ar chúiseanna follasacha a bhaineann lena struchtúr, tá sé ar an eagraíocht chearta an duine idirnáisiúnta is coimeádaí agus is cúramaí ó thaobh sáruithe cearta daonna a áireamh. Mar shampla tá meastacháin ó eagraíochtaí cearta daonna nó acadúla idirnáisiúnta don méid daoine a mharaigh fórsaí na Rúise i Mariupol idir 8000 duine agus 88,000 duine. Caithfear meastachán a dhéanamh mar nár thug údaráis na Rúise rochtain do na Náisiúin Aontaithe. Ach ní dhéanann na Náisiúin Aontaithe meastachán. Ní thugann siad ach figiúirí do bhásanna sonracha ar leith ar féidir leo iad a dhearbhú. Agus ní féidir leo a dhearbhú ach gur maraíodh 1,348 sibhialtach i Mariupol cé go n-admhaíonn siad gur dócha go bhfuil an fíorfhigiúir i bhfad níos airde.
Mar an gcéanna le tuarascáil faoi mhí-úsáid ghnéis i gcomhthéacs coimhlintí armtha a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe i mí Bealtaine, bhí an dúshlán céanna acu i gcás chogadh na hÚcráine. Tugann taobh amháin – an Úcráin – rochtain ar eolas do na Náisiúin Aontaithe agus ní thugann an taobh eile – an Rúis. Fágann sin nach bhfuil na Náisiúin Aontaithe ábalta labhairt le príosúnaigh chogaidh Úcránacha, nó le sibhialtaigh Úcránacha sna críocha gafa faoi sháruithe cearta daonna. Ní féidir leo ach labhairt le príosúnaigh a scaoileadh saor i malartú príosúnach nó le sibhialtaigh ar éirigh leo éalú ó na críocha gafa.
Ach i gcás na hÚcráine is féidir leo labhairt le haon sibhialtach is mian leo agus tá rochtain acu ar phríosúnaigh chogaidh Rúiseacha. Dar ndóigh ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil sáruithe cearta daonna de chuid fhórsaí na hÚcráine nach bhfuil siad ar an eolas fúthu.
Ach luíonn sé le réasún bunaithe ar an rochtain atá acu go mbeadh an líon sáruithe cearta daonna nach bhfuil siad ar an eolas fúthu i bhfad níos airde i gcás na Rúise ná i gcás na hÚcráine.
In ainneoin na ndúshlán seo léiríonn faisnéis na Náisiún Aontaithe go bhfuil i bhfad níos mó mí-úsáid ghnéis ar thaobh na Rúise ná ar thaobh na hÚcráine.
Tá seo ag teacht leis an bpatrún i dtuarascálacha ó na Náisiúin Aontaithe faoi gach saghas sáruithe cearta daonna ó thosaigh an mórionradh – céasadh, marú sibhialtacht, fuadach páistí srl.
Is figiúirí don bhliain seo caite amháin atá i gceist anseo agus tá eachtraí a tharla in 2025 san áireamh chomh maith le heachtraí a tharla roimh 2025 ach nach ndearnadh taifead orthu go dtí 2025. D’aimsigh an tuarascáil 310 cás ina raibh an Rúis freagrach as foréigean gnéis lena n‑áirítear éigniú, éigniú grúpa, ciorrú baill ghiniúna, turraingeacha leictreacha agus bualadh ar na baill ghiniúna. Bhí tionchar ag na cásanna sin ar 280 fear, 26 bean agus ceathrar cailíní, agus bhí siad curtha i leith fhórsaí armtha agus slándála na Rúise, lena n‑áirítear an tSeirbhís Chónaidhme Príosúnachta, fórsaí armtha na Rúise agus an tSeirbhís Slándála Cónaidhme.
I gcás amháin, éigníodh príosúnach cogaidh fireann le scian ag fórsaí armtha na Rúise nuair a gabhadh é in 2022, agus ina dhiaidh sin cuireadh faoi fhoréigean gnéasach arís agus arís eile é – lena n‑áirítear lomnochtadh éigeantach, buillí agus turraingeacha leictreacha ar na baill ghiniúna – ag foireann na bpríosún go dtí gur scaoileadh saor é in 2025.
Deineadh taifead ar 31 cás foréigin ghnéasaigh a bhain le fórsaí Úcránacha lena n-áirítear an tArm, an tSeirbhís Slándála agus foireann na bpríosún. Bhain na sáruithe sin le turraingeacha leictreacha agus buillí ar na baill ghiniúna agus lomnochtadh éigeantach. Bhain siad le 27 fear agus 4 ban, lena n‑áirítear coinneálaithe agus príosúnaigh chogaidh. Níor tuairiscíodh aon chásanna éignithe.
Phléigh an tuarascáil freisin le foréigean gnéis i gcomhthéacs Iosrael agus Stát na Palaistíne. Tuairiscítear go ndearna seisear de na gialla Iosraelacha a scaoil Hamas saor in 2025 gearáin maidir le foréigean gnéasach – triúr fear agus triúr ban. Ní raibh na Náisiúin Aontaithe ábalta na cásanna a dhearbhú mar go ndiúltaíonn Iosrael comhoibriú lena gcuid fiosrúchán.
In 2025, de réir na tuarascála leanadh de phatrún foréigin ghnéasaigh a thaifeadadh i gcoinne Palaistíneach a bhí á gcoinneáil in Iosrael agus sna Críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil.
Bhí dúshláin ag bailiú fianaise mar gheall ar dhiúltú leanúnach rialtas Iosrael rochtain a thabhairt ar áiteanna coinneála, chomh maith le Gaza. Dúradh freisin gur dúshlán iad bagairtí soiléire a rinne fórsaí armtha agus slándála Iosrael chun iallach a chur ar dhaoine gan aon mhí‑úsáid a thuairisciú.
Sa bhliain 2025, d’fhíoraigh na Náisiúin Aontaithe eachtraí foréigin ghnéasaigh a rinneadh i gcoinne 14 fear, seachtar ban, naonúr buachaillí agus cailín amháin ó Stráice Gaza agus ón mBruach Thiar. Áiríodh i measc na sáraithe: éigniú, lena n‑áirítear le hearraí, éigniú grúpa, iarracht ar éigniú, foréigean fisiciúil i leith na mball giniúna, lámhach dírithe ar na baill ghiniúna i roinnt cásanna, teagmháil le cíocha agus na baill ghiniúna, nocht-chuardach agus cuardaigh choirp gan chúis shoiléir slándála, lomnochtadh éigeantach agus bagairtí éignithe.
Rinneadh éigniú agus éigniú grúpa, uaireanta arís agus arís eile, i gcoinne naonúr íospartach, an chuid is mó díobh ó Gaza. Áiríodh i measc na ndaoine a líomhnaítear a sháraigh cearta an duine Fórsaí Cosanta Iosrael, Seirbhís Príosún Iosrael (lena n‑áirítear na fórsaí speisialta Keter) agus Aonad Frithsceimhlitheoireachta na bPóilíní (Yamam). I gcásanna áirithe, rinneadh scannánú nó grianghrafadóireacht ar na sáruithe, lena n‑áirítear cás amháin éignithe.
Phléigh tuarascáil na Náisiún Aontaithe freisin le foréigean gnéis i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC), Poblacht na hAfraice Láir, An tSúdáin, An tSúdáin Theas, An tSomáil, An Nigéir, Mósaimbíc, Mailí, Buircíne Fasó, Éimin, An Iaráic, An tSiria, Háítí, An Cholóim, Maenmar agus An Afganastáin.
Cén fáth mar sin gur dhírigh mé isteach ar An Rúis/An Úcráin agus Iosrael/An Phalaistín go sonrach?
Aontaíonn formhór daoine in Éirinn gurb í an Rúis is mó atá freagrach as formhór na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta daonna san Úcráin, ach tá mionlach a chreideann go bhfuil an dá thaobh chomh dona lena chéile nó a mhaíonn fiú go bhfuil an Úcráin níos measa.
Aontaíonn formhór daoine in Éirinn go raibh ionsaí Hamas ar Iosrael barbartha ach go bhfuil i bhfad níos mó sáruithe cearta daonna déanta ag Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach ná vice versa agus go deimhin glactar leis go forleathan leis go bhfuil cinedhíothú ag tarlú i nGaza.
Nuair a scríobhaim alt ag tarraingt aird ar mhí-iompar na Rúise bíonn mionlach glórach ag ceistiú na fianaise agus na bhfoinsí agus mar an gcéanna le haltanna ag tarraingt airde ar mhí-iompar Iosrael. Faoi alt amháin a scríobh mé mhaígh léitheoir gurbh iad seirbhísí faisnéise ‘na dtíortha cogaíochta maidir lena gcuid amhrais sna meáin chumarsáide’ a roghnaíonn na cásanna a fhiosraíonn Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Human Rights Watch agus Amnesty International.
Is é mo thuiscint go bhfuil formhór an dream a bhíonn ag ceistiú na fianaise i gcás na Rúise lánsásta glacadh leis an bhfianaise i gcoinne Iosrael, agus measaim go bhfuil sin fíor go pointe an bealach eile timpeall freisin. Feictear dom gur mionlach bídeach in Éirinn a thaobhaíonn leis an Rúis agus le hIosrael araon. Mar sin ceapaim go bhfuil sé spéisiúil an fhianaise ón tuarascáil chéanna ón bhfoinse chéanna faoin dá chás a chur i láthair le chéile.
I ndeireadh na dála aimseoidh na daoine seo foinsí agus tráchtairí a dhearbhóidh dóibh an rud a chreideann siad cheana féin.
Creidfidh siad an rud is mian leo a chreidiúint. Ach is féidir é a dhéanamh beagáinín níos mhíchompordaí dóibh, agus beagáinín níos soiléire don chuid eile againn.
Fág freagra ar 'An foréigean gnéis san Úcráin agus sa Phalaistín – foinsí agus fíricí'