Níl dáta socraithe go fóill do scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Thug Foras na Gaeilge le fios anuraidh gur in 2026 a reáchtálfaí an chéad scrúdú eile. Tá ceithre bliana ann ó bhí an scrúdú ann

Níl dáta socraithe go fóill do scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Níl aon dáta socraithe ag Foras na Gaeilge go fóill do scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí. Tá beagnach ceithre bliana ann ó reáchtáladh an scrúdú go deireanach i mí na Nollag 2022.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc an bhliain seo caite go raibh sé i gceist acu an scrúdú d’aistritheoirí a reáchtáil arís in 2026, a fhad is a thiocfadh “méadú mór” ar bhuiséad na heagraíochta.

Dúirt urlabhraí de chuid an Fhorais le Tuairisc an tseachtain seo nach bhfuil an dáta socraithe go fóill ach go bhfuil siad i mbun socruithe faoi láthair leis an scrúdú a eagrú.

“Níl aon dáta socraithe go fóill do Scrúdú an tSéala. Táimid ag ullmhú faoi láthair le próiseas soláthair a fhógairt le hinstitiúid oideachais a roghnú le scrúduithe an tSéala a bhainistiú.

“Nuair atá an próiseas sin curtha i gcrích beimid in ann dáta a fhógairt don chéad scrúdú eile,” a dúirt an t-urlabhraí.

Reáchtáladh scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí den uair dheireanach i mí na Nollag 2022, in Ollscoil Uladh. Reáchtáladh scrúduithe eile in 2021, 2020, 2017, agus 2016 in Ollscoil na Gaillimhe. Ba í Ollscoil Uladh a d’eagraigh an scrúdú Gaeilge do phost an Choimisinéara Gaeilge sa Tuaisceart freisin.

Is cáilíocht ghairmiúil aitheanta d’aistritheoirí Gaeilge é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhunaigh Foras na Gaeilge in 2006. Deir an Foras gurb é ‘An Séala’ an “gradam gairmiúil is tábhachtaí ar fad” do shaoraistritheoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus ó chliaint eile.

Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge, agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.

Bhain conspóid leis an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí in 2025 nuair a tháinig sé chun solais go raibh daoine ar éirigh leo i scrúdú na bliana 2022 fós ag fanacht ar an teastas ag tús na bliana.

Seoladh amach na teastais tríd an bpost níos deireanaí sa bhliain, beagnach dhá bhliain go leith ó reáchtáladh an scrúdú i lár mhí na Nollag 2022.

Fág freagra ar 'Níl dáta socraithe go fóill do scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí'