GAILEARAÍ:  €50,000 bronnta ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille ar cheithre eagraíocht pobail

GAILEARAÍ / €50,000 bronnta ag Comhar Creidmheas Cholm Cille ar cheithre eagraíocht pobail

Sean Ó Mainnín

Bronnadh €50,000 ó Ciste Pobail Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Conamara ar cheithre eagraíocht i searmanas i gceanncheathrú CCCC in Indreabhán, Conamara le deireanaí. Is iad a fuair ná: Pastime Chonamara – €10,000; Cumann Lúthchleas Gael, an Spidéal – €10,000, Scoil Éinne, an Spidéal – €10,000 agus Scoil Cholmcille, an Tulach – €20,000. Pictiúir: Seán Ó Mainnín




GAILEARAÍ: Amhráin, ceol agus cuimhní cinn ag Féile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain

GAILEARAÍ / Amhráin, ceol agus cuimhní cinn ag Féile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain

Bhailigh idir shean agus óg le chéile i gCarna ag tús na míosa d'Fhéile Joe Éinniú agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bunaíodh an fhéile i 1986 i gcuimhne ar an amhránaí sean-nóis mór le rá, Joe Éinniú, le comóradh a dhéanamh ar a oidhreacht agus le traidisiún na hamhránaíochta ar an sean-nós a cheiliúradh agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Pictiúir: Cathal Ó Cuaig



GAILEARAÍ: Scríbhneoirí Chorcaí i lár an aonaigh ag Dinnseanchas sa Taibhdhearc ag Féile Cúirt

GAILEARAÍ / Scríbhneoirí Chorcaí i lár an aonaigh ag Dinnseanchas sa Taibhdhearc

Sean Ó Mainnín

Filí agus scríbhneoirí Chorcaí Chorcaí ag caint ag Dinnseanchas sa Taibhdhearc. Togra é Dinnseanchas, a d'eagraigh na foilsitheoirí Có Iar-Chonnacht, a dhéanann nascadh idir an litríocht nua-aimseartha agus an dinnseanchas sa litríocht. Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín a labhair. Bhí ócáidí Gaeilge eile ar siúl timpeall chathair na Gaillimhe mar chuid d'fhéile Cúírt. Pictiúir: Seán Ó Mainnín