An misneach a bhí riachtanach chun mí-úsáid ghnéis a chur i leith réalta mhór pholaitiúil. Bhí a fhios acu go dtabharfaí fogha fúthu go fíochmhar sa chúirt. Bhí a fhios acu freisin go mbeadh spéis ag an domhan is a mháthair sa chás agus go mbeadh meáin chumarsáide as chuile cheard ag faire orthu. Tá ardmholadh faighte ag an mbeirt bhan a ndearna Jeffrey Donaldson ionsaithe péidifíleacha orthu nuair a bhíodar ina gcailíní beaga.
Ní chuirfidh rialú na cúirte an dochar a rinneadh dóibh ar ceal ach tá súil go dtabharfaidh an t-aitheantas dlíthiúil faoiseamh dóibh agus deis téarnaimh.
Tar éis triail a mhair ceithre seachtaine chinn an giúiré, cúigear ban agus seachtar fear. d’aon ghuth go raibh Jeffrey Donaldson ciontach as an 18 cúis a cuireadh ina leith. Ciontach as éigniú an ghearánaí B chomh maith le naoi n-ionsaí mígheanasacha uirthi idir 1985 agus 1991. Ciontaíodh é freisin as ocht gcúis in aghaidh an ghearánaí A, an duine is óige den bheirt, idir 1999 agus 2008. Rialaíodh freisin gur chuidigh agus gur neartaigh a bhean Eleanor lena choireanna, ní le gníomh ach le faillí. Ní féidir ise a chiontú toisc nach raibh sí in ann a bheith páirteach san triail de bharr meabhairthinneas agus triail na bhfíoras a ritheadh ina cás.
Déanfar cinneadh sa bhfómhar faoin téarma príosúin a ghearrfar ar Jeffrey Donaldson. Dúirt an breitheamh gur téarma fada a bheadh i ndán dó. Ina theannta sin tá sé anois ar chlár na gciontóirí gnéis.
A leithéid de thitim, fear a bhí lárnach i saol poiblí Thuaisceart Éireann, ceannaire phríomhpháirtí na nAontachtach, an DUP, feisire Parlaiminte in Westminster, ridire agus ball de Rí-Chomhairle na Breataine. D’fhág sé an chúirt ar an Iúr i veain príosúin ar a bhealach go Maigh gCabraí mar phéidifíleach.
Scéal talamhchreathach ab ea é nuair a cúisíodh Jeffrey Donaldson breis is dhá bhliain ó shin. Bhí na ciallachais pholaitiúla tromchúiseach, d’éirigh sé as ceannaireacht an DUP ar an toirt agus chuir an páirtí a bhallraíocht ar fionraí. Shéan sé na cúiseanna ar fad.
Lean sé leis an séanadh le linn na trialach – ‘níor tharla sé’, ‘tá sé sin do-shamhlaithe’, ‘tá dul amú uirthi’. Chuir sé i leith na mban go raibh siad ag inseacht bréag. Ní hamháin go ndearna sé mí-úsáid orthu mar pháistí ach chinntigh a shéanadh go mb’éigean dóibh fianaise a thabhairt faoina gcrá agus déileáil le dian-chroscheistiú. Éagóir eile i gceann na héagóra.
“Brocach, suarach” a thug Gavin Robinson, ceannaire an DUP ar iompar a réamhtheachtaí. Bhí drochmheas an DUP follasach. Ba léir gur bhain an t-eolas a tháinig chun solais croitheadh astu. D’eagraigh siad preasócáid chomh luath is a chuala siad rialú na cúirte. Dúirt siad gur chuir an méid a cluineadh sa chúirt déistin orthu. Mhol siad an bheirt bhan go hard as a misneach. D’fháiltigh siad roimh an mbreithiúnas mar chruthúnas nach bhfuil éinne níos tábhachtaí ná an dlí. Bhí súil ag Gavin Robinson go dtabharfadh toradh na trialach uchtach d’íobartaigh mhí-úsáide eile chun gearán a dhéanamh agus a dhul chun cúirte.
Thairis sin b’fhacthas dóibh go ndearna Donaldson feall ar a bpáirtí agus ar an UUP ina raibh sé i dtosach, iad in amhras gur bhain sé mí-úsáid as a stádas ar feadh na mblianta. Fearacht Jon Burrows, ceannaire an UUP agus Jim Allister, ceannaire an TUV, d’éiligh siad go mbainfí a ridireacht de Donaldson agus go ruaigfí é ón rí-chomhairle. Meastar go nglacfar na céimeanna sin ar aon nós de dheasca a chiontaithe.
I ndeireadh an scéil tá an roth casta ar ais, ‘an t-uasal’ íslithe, Donaldson náirithe mar éigneoir péidifileach, bréagadóir a lig air féin gur Chríostaí athbheirthe deabhóideach é ach saol eile ar fad aige ar an gcúlráid. Tá an chumhacht a d’úsáid sé go neamhscrupallach cealaithe agus creidiúint is bailíochtú faighte ag a íobartaigh. Eiseamláir do dhaoine eile iad A agus B, mná misniúla agus gach tacaíocht a mbeadh glacadh acu leis dlite dóibh beirt.
Fág freagra ar 'Beirt bhan mhisniúla a thug saol eile Jeffrey Donaldson chun solais'