Ainmneacha Gaeilge amháin le tabhairt ag mic léinn ar láithreacha i gColáiste na Tríonóide

Ritheadh rún ag cruinniú de chuid Aontas na Mac Léinn inar moladh go n-éireofaí as leithéidí ‘the Arts Building’ a úsáid agus ‘Foirgneamh na nEalaíon’ a úsáid ina áit

Ainmneacha Gaeilge amháin le tabhairt ag mic léinn ar láithreacha i gColáiste na Tríonóide

Ritheadh rún ag cruinniú de chuid Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide a fhágann gur i nGaeilge agus i nGaeilge amháin a thagróidh an tAontas do láithreacha agus foirgnimh ar champas na hollscoile, beag beann ar an teanga atá in úsáid.

Tuairiscíodh ar The University Times, nuachtán na mac léinn i gColáiste na Tríonóide, gur ritheadh an rún gan aon vóta amháin ina choinne ag an gcruinniú de chuid Aontas na Mac Léinn an mhí seo.

Ba é Hugh Ó Ríordáin, mac léinn Gaeilge agus Gearmáinise, a mhol an rún go dtabharfaí droim láimhe do leithéidí ‘The Arts Building’, ‘College Green’, ‘Examination Hall’, ‘Buttery Restaurant’, agus ‘Graduates’ Memorial Building’.

Is ‘Foirgneamh na nEalaíon’, ‘Faiche an Choláiste’, ‘Halla na Scrúduithe’, ‘An Bhutrach’, agus ‘Halla Cuimhneacháin na gCéimithe’ na leaganacha a úsáidfear feasta i ngnó, imeachtaí, agus comhfhreagras Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide.

Agus é ag labhairt ar an rún ag an gcruinniú, tharraing Ó Ríordáin friotal bhunaitheoir Chonradh na Gaeilge, Dubhghlas de hÍde, chuige féin agus dúirt “our topographical nomenclature too has been shamefully corrupted to suit English ears” – ráiteas a rinne an Craoibhín Aoibhinn ina aiste cháiliúil ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’.

Tagraíodh i dtéacs an rúin féin don choilíneachas Briotanach in Éirinn agus don “scrios” a rinne rialtas na Breataine ar logainmneacha Gaeilge in Éirinn agus ar an nGaeilge féin.

Agus an rún rite anois, beidh “rialacháin” agus “polasaithe” le forbairt ag Oifigeach Gaeilge an Aontais i gcomhar leis an gCoiste Gaeilge leis an mbeartas nua a chur i bhfeidhm sa gcoláiste.

Fág freagra ar 'Ainmneacha Gaeilge amháin le tabhairt ag mic léinn ar láithreacha i gColáiste na Tríonóide'