Ní raibh fonn oibre orm inné.
Go hiondúil, scríobhaim an chéad dréacht de mo chuid colún don suíomh seo an chéad rud ar maidin, maidin an lae roimh an sprioclá. An lá dár gcionn, ar an sprioclá féin – arís, an chéad rud ar maidin – déanaim athléamh agus eagarthóireacht ar a bhfuil scríofa agam agus cuirim an colún críochnaithe go Bearna.
Ach ní raibh fonn oibre orm inné. Go leor oibre agus taistil an tseachtain seo caite, go leor oibre agus aclaíochta an tseachtain seo, agus idir chuile útamáil, dhúisigh mé maidin inné agus gan aon tuairim do cholún nua ar m’aigne.
Rud a bheadh ina ábhar mór imní agus struis dom blianta ó shin, nuair a thosaigh mé amach mar cholúnaí.
‘Nach mbíonn sé deacair cuimhneamh ar ábhar nua gach seachtain?’ a fhiafraíonn cairde díom ó am go chéile. ‘Faoi dhó gach seachtain,’ a cheartaím iad, óir gan amhras ní cúrsaí scríbhneoireachta agus litríochta amháin a bhíonn faoi chaibidil agam ar na leathanaigh seo ach cúrsaí móra agus beaga an ghnáthshaoil laethúil freisin.
Ní bhíonn sé éasca i gcónaí. Ach éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac; éist le cuisle na cathrach agus gheobhaidh tú colún.
De réir mar a chuaigh mé i dtaithí ar an gceird aisteach seo – cur síos a dhéanamh ní hamháin ar an Zeitgeist, ach ar an gcaoi le cur síos air – chruthaigh mé nós mo shúile a choinneáil ar oscailt agus mo chluasa a choinneáil ar bior ó cheann ceann na seachtaine. Feicim eachtraí, cloisim rudaí, agus casaim timpeall i m’aigne iad. Déanaim scagadh orthu mar a bheadh sirtheoir óir, ag caitheamh uaim mórchuid cloch a mbíonn loinnir orthu ar an gcéad radharc ach nach mbíonn aon mhaith leo nuair a scrúdaím i gceart iad, agus ag cur snasa ar an dornán sin a dhéanfadh colún.
I mo chodladh a dhéanaim cuid mhór den snasú sin is cosúil, m’fhochomhfhios ag obair i ngan fhios dom. Agus go hiondúil ar dhúiseacht dom an lá roimh sprioclá, bíonn an chéad abairt do cholún nua ar bharr m’aigne – cupán caife agus ar aghaidh liom.
Ní raibh mé go hiomlán cruinn nuair a dúirt mé ag barr an cholúin seo nach raibh fonn oibre orm inné. Ní hé go raibh leisce orm. Thug mé faoi jaibín eile a bhí le déanamh, chroch mé suas mála dornálaíochta san íoslach agus chuir allais.
Ní raibh an chéad abairt sin agam, ba é sin a bhí ag cur as dom.
Má tá rud amháin foghlamtha agam ó thosaigh mé ar an gceird seo, seo é:
Ná cuir peann le páipéar, ná hoscail doiciméad nua ar an ríomhaire mura mbíonn a fhios agat roimh ré céard í an chéad abairt a bhreacfaidh tú síos.
Caithfidh an chéad abairt ní hamháin an léitheoir ach an scríbhneoir féin a mhealladh isteach sa phíosa, agus níl rud ar bith a fhágfaidh i do staic thú ná a bheith ag stánadh ar leathanach bán.
Ar ámharaí an tsaoil, bhí an chéad abairt sin agam maidin inniu.
Fág freagra ar 'Éist le cuisle na cathrach agus gheobhaidh tú colún'