Shocraigh mé gléasadh suas don jab inniu…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus scríbhneoir ag obair sa bhaile cuid mhór den am, bíonn an baol ann i gcónaí go gcaillfidh sé an teagmháil leis an ngnáthshochaí

Shocraigh mé gléasadh suas don jab inniu…

Ní raibh pioc fonn oibre orm ar maidin agus theastaigh seift bhreise éigin chun spreagadh a thabhairt dom.

Isteach liom sa vardrús siúil isteach agus amach liom agus bríste néata dúghorm orm nár caitheadh riamh cheana; cheannaigh cara de mo chuid do bhainis é ach bhí sé róbheag dó. Léine dheas, bróga reatha snasta … lár mhí Dheireadh Fómhair atá ann ach de bharr athrú na haeráide ní bhíonn cóta ag teastáil.

Ní mise a chum an cleas seo ach an gúrú scríbhneoireachta ó Mheiriceá, Natalie Goldberg. Téann sise níos faide leis an scéal. Molann sí toitín a chur ag gobadh amach as do bhéal mura gcaitheann tú tobac, nó béaldath gorm a chur ar do bheola – rud ar bith nach ndéanfá de ghnáth agus a chuirfeadh ar do chumas ligean ort féin gur duine eile thú agus tú i mbun scríbhneoireachta. Duine dána, lán misnigh a mbeadh fios a ghnó aige.

Ba leor domsa an bríste néata dúghorm sin. Ní fear mé a chaitheann brístí néata, agus a luaithe agus a mhothaigh mé an t-éadach mín, slíoctha sin ar mo chosa mhothaigh mé … éagsúil. Amhail is gur ball fiúntach den lucht saothair mé, do mo réiteach féin do lá tairbheach san oifig.

Ar feadh bliana nó dhó, nuair a bhí cónaí orm fós i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, bhí spás oibre ar fáil dom i gconsalacht na hÍsiltíre sa chathair sin maidin Mháirt agus maidin Déardaoin. Thaitníodh sé go mór liom a bheith sáinnithe i mbus an chéad rud ar maidin le hoibrithe eile na cathrach agus fíorfhuaraitheoir uisce a bheith ar fáil ag a bhféadfainn cúrsaí móra agus beaga an tsaoil a phlé le lucht na consalachta, a raibh caidreamh agam leo mar a bheadh agat le comhghleacaithe.

Má bhíonn tú ag maireachtáil ar an bpeann amháin, mar a bhímse, bíonn an baol ann i gcónaí go gcaillfidh tú an teagmháil leis an ngnáthshochaí. Agus tú ag obair sa bhaile i d’aonar cuid mhór den am déanann tú dearmad, de réir a chéile, ar an gcaoi a maireann mórchuid na ndaoine.

Rud a d’fhéadfadh a bheith ina chonstaic mhór agus iarracht á déanamh agat an saol comhaimseartha a léiriú i do chuid scríbhneoireachta.

Sin é an fáth gur chuir mé orm an bríste néata sin ar maidin agus gur thug mé aghaidh ar an leabharlann ag a ceathrú chun a naoi, teirmeas lán tae i mo ghlac.

Fág freagra ar 'Shocraigh mé gléasadh suas don jab inniu…'