Ina leabhar nua Ar Lámh Shábhála, Coimisiún na Gaeltachta 1926 tá cuntas beoga ríshuimiúil ag John Walsh ar an gcoimisiún agus na daoine a bhunaigh an Ghaeltacht 100 bliain ó shin.
Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge, tá John in éineacht le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Maitiú Ó Coimín agus Gormfhlaith Ní Thuairisg chun plé a dhéanamh ar stair na Gaeltachta, ar cad is Gaeltacht ann, ar na hathruithe ar chás na Gaeltachta le 100 bliain agus ar na ceisteanna, na claonta, na fadhbanna, na haighnis agus na polasaithe nár tháinig aon athrú orthu le 100 bliain anuas.
Roimh bhunú Choimisiún na Gaeltachta in 1926, dúirt an chéad cheannasaí ar an saorstát William T Cosgrave ‘gur buaileadh agus gur robáladh agus gur fágadh an Ghaeilge leathmharbh i leataoibh an bhóthair’.
An cheist mhór a bhí aige ná an rabhamar chun ‘í a fhágaint ina luighe ansan nó an rabhamar chun í do leigheas agus í a chur ar láimh shábhála’?
Cén rogha a deineadh 100 bliain ó shin agus cén rogha atá le déanamh inniu againn?
Chomh maith leis an bplé faoi na ceisteanna sin, tá an t-uasdátú eisiach deireanach againn faoi phósadh Mhaitiú roimh an lá mór amárach.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: 100 bliain de realpolitik na Gaeltachta – an ag dul in olcas atá cúrsaí?'