GAILEARAÍ: Laochra na hÉireann, Celtic agus Manchester United cois Laoi do chluiche ómóis Liam Miller

GAILEARAÍ: Laochra na hÉireann, Celtic agus Manchester United cois Laoi do chluiche ómóis Liam Miller

Sean Ó Mainnín

Bhí Páirc Uí Chaoimh lán go béal tráthnóna inné agus nach mór 43,000 duine i láthair don chluiche ómóis do Liam Miller, a bhásaigh níos túisce i mbliana. Ghlac iarlaochra ó thrí cinn de na foirne ar imir Miller dóibh, Éire, Celtic agus Manchester United, páirt sa chluiche ar son na carthanachta agus mhuintir Miller. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie




FÍSEÁN: Nuair a tháinig An Cheathrú Rua i gcabhair ar Galway United

FÍSEÁN: Nuair a tháinig An Cheathrú Rua i gcabhair ar Galway United

Cothrom an ama seo i 1986, bhí fadhb mhór ag Galway United. Bhí sé beartaithe go mbeidís ag imirt in aghaidh FC Groningen na hÍsiltíre sa chéad bhabhta de Chorn UEFA ag tús mhí Dheireadh Fómhair, ach ní raibh páirc ar bith acu. Dhiúltaigh CLG Staid an Phiarsaigh a chur ar fáil dóibh ach tháinig pobal na Ceathrún Rua i gcabhair orthu agus chuir siad Páirc an Chathánaigh ar fáil don chluiche