Tá agallamh Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann [PSNI] ar Pheadar Tóibín, ceannaire pháirtí Aontú, curtha ar athlá tar éis dó a iarraidh go reáchtálfaí an t-agallamh i nGaeilge. Is cuid d’fhiosrúchán na bpóilíní é an cruinniú faoin agóid a tharla i bPort an Dúnáin mí Mheán Fómhair chun paráid na nOráisteach síos Bóthar Gharbhachaidh a chosc.
Bhí an t-agallamh le bheith ar siúl inniu i mBéal Feirste.
Scríobh an PSNI go dtí an Teachta Tóibín an tseachtain seo ag iarraidh air freastal ar an agallamh mar chuid dá bhfiosrúchán faoi agóid Bhóthar Gharbhachaidh mí Meán Fómhair.
Chruinnigh an lucht agóide ag an mbóthar chun cosc a chur le paráid de chuid an Oird Oráistigh síos an bóthar sin.
Tá Peadar Tóibín ina Theachta Dála don Mhí Thiar agus nuair a d’iarr sé go mbeadh an cruinniú leis an PSNI i nGaeilge dúradh leis go raibh an cruinniú á chur ar athlá go dtí go mbeadh foireann agallaimh a mbeadh Gaeilge acu ar fáil.
I dtús na seachtaine seo a fuair Tóibín an ghairm seo ón PSNI agus dúirt sé go raibh rún aige freastal ar chruinniú leo ach gur an-chur amú ama a bhí ann.
“Creidimse gur chóir comhoibriú go hiomlán le fiosrúchán an PSNI. Rachaidh mé go dtí an cruinniú leis an PSNI agus freagróidh mé aon cheist atá acu,” a dúirt sé.
“Mar sin féin sílim gur cur amú uafásach é ar am na bpóilíní agus na n-ionadaithe tofa a bheith ag dul go dtí na cruinnithe seo nach bhfuil iontu ach cur i gcéill. Níl ciall ar bith leis.
“Tá beagnach ceithre mhilliún punt caite sa Tuaisceart cheana féin ar an bpóilíneacht a rinneadh ar na hagóidí seo. Anois caithfimid tabhairt faoi chainteanna cur i gcéill leis an PSNI freisin.”
Fág freagra ar 'Agallamh an PSNI ar cheannaire Aontú, Peadar Tóibín curtha ar athlá agus é iarrtha aige go mbeadh an t-agallamh i nGaeilge'