Cén chéad rud a thiocfadh isteach i gceann duine nuair a cuirtear an cheist, cad is spioradáltacht ann?
A bheith ag baint lán na súl as áilleacht an Sagrada Familia i mBarcelona?
A bheith in Ard-Eaglais Notre Dame ag breith buíochais chomh cumasach ealaíonta is atá an t-athchóiriú ó loisceadh go talamh é blianta beaga ó shin?
A bheith suite ar stól ard ag diúgadh fíona led ghrá geal lá breá samhraidh?
Arb in samplaí maithe spioradáltachta?
Is maith is cuimhin le cuid againne, cailíní óga soineanta i dtús ár saoil, an Cúrsa Spioradálta a bhíodh romhainn tar éis saoire na Nollag i scoil chónaithe ar bhruach bhá an Daingin.
Ár gcroíthe inár mbróga ag filleadh ar hallaí is fallaí fuara tar éis scléip na féile agus gan romhainn ach trí lá is oíche den troscadh is tréanas is staonadh ó chaint is cadráil an déagóra.
B’fhada ó spioradáltacht é, mo léir.
Pionós is briseadh croí.
Ar éigean go raibh aon leigheas ag na Siúracha beannaithe bochta ar an gcóras a bhí i bhfeidhm, an cultas reiligiúnach ina rabhadar teanntaithe.
Má chreideadar go raghadh trí lá is trí oíche ciúnais chun sochair ghearrchailí óga na seascaidí, bhí dearúd orthu.
Thógfadh sé níos mó ná san teaspach na óige a chloí, buíochas le Dia! Bhí an gráin dhearg ag ár bhformhór ar an dtréimhse ‘spioradáltacht’ chéanna.
Ach is mé ag déanamh isteach ar a bheith cnagaosta inniu, tuigim tábhacht na spioradáltachta i saol an duine. Spioradáltacht roghnaitheach!
A bheith suite ar do chorraghiob ag análú go rithimiúil ag machnamh ar chora crua an tsaoil, gan trácht ar lón an lae amáraigh.
Tuigim inniu an tábhacht a bhaineann le sos a thógaint agus spás a thabhairt don gceann. Lón anama don gcorp is don bplaicide. Fuaireas é sin le fíordhéanaí agus gan aon choinne agam leis.
In áit ná raibh aon súil agam leis.
Agus níor ghá dhom dul thar tairseach mo thearmainn chuige sin ach an oiread.
Níor chosain sé pingin orm anuas air sin. Agus bhí sciatháin orm ina dhiaidh.
Trí oíche a chaitheamh ar mo sháimhín só, ag éisteacht le Corn na mBan, Corn na bhFear is Corn Uí Riada. a bhuíochas do Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Oireachtas na Samhna 2026 ag teacht chugam beo ó Chill Airne.
Gan aon bhrú ná dualgas orm idirdhealú a dhéanamh idir na hiomaitheoirí im’ chóras marcála.
Shileas allas ar feadh roinnt mhaith blianta leis an gcúram san. Dualgas trom agus pribhléid gur beag é an buíochas ach teitheadh as an áit ar eagla sciúrsála.
Ach pléisiúr ó thalamh é, bheith suite go compordach ag baint lánsásamh is taitneamh as a bheith ag éisteacht le hamhránaithe, óg is críonna, ag canadh óna gcroí amach más ar ardán mínádúrtha féin é.
Gura fada binn iad!
Fág freagra ar 'Bhí fonnadóirí Chill Airne ina dtobar spioradáltachta ar an teallach'