Tacaíocht d’Éirinn aontaithe ag fás agus tuilleadh meatha ar thacaíocht don aontas

Léiríonn torthaí na pobalbhreithe is deireanaí ar cheist Éire aontaithe go bhfuil an t-éileamh ar Éirinn nua ag fás agus tacaíocht don Aontas ag titim

Tacaíocht d’Éirinn aontaithe ag fás agus tuilleadh meatha ar thacaíocht don aontas

Ceist bheo ar dhá thaobh na teorann. Cor nua sa phlé faoi Éire aontaithe. Méadú ar an tacaíocht d’athrú bunreachtúil ó thuaidh agus ó dheas, Fianna Fáil agus Fine Gael ag dul i ngleic leis an obair riachtanach mar réamhullmhúchán do reifreann faoin teorainn. Tráth a bhfuil polaitíocht i dTuaisceart Éireann an-leochaileach, ag éirí níos guagaí gach lá, b’údar imní d’aontachtaithe torthaí pobalbhreithe a léirigh treocht a thug uchtach do náisiúnaithe.

Sa Tuaisceart, rinneadh an taighde don phobalbhreith is deireanaí ó Lucid Talk don Belfast Telegraph ag deireadh na míosa seo caite. Ag teacht sna sála ar achrann Dhroim Crí bhí méadú de bheagán ar an tacaíocht d’Éirinn aontaithe le bliain, ardú aon phointe amháin go 42%. Ba é an díol suntais go raibh an tacaíocht don Aontas leis an mBreatain laghdaithe go 46%. Anuraidh bhí 48% i bhfabhar fanacht san Ríocht Aontaithe, bearna seacht bpointe idir iad agus an lucht tacaíochta d’Éirinn aontaithe; buille ab ea laghdú na bearna go ceithre phointe. An bhliain roimhe sin, in 2023, bhí Aontachtaithe deich bpointe chun tosaigh, 49% in aghaidh 39%.

Léiríodh freisin gur i measc na sean, ó aois 55 ar aghaidh, is mó an tacaíocht Aontachtach agus gur daoine faoi 55 is mó atá i bhfabhar Éire aontaithe. Ó tá Sinn Féin agus SDLP tiomanta d’athaontú na tíre agus na páirtithe aontachtacha don Ríocht, ba í an cheist le fada cén tionchar a bheadh ar vótáil i reifreann ag na páirtithe atá gan lipéad náisiúnach nó aontachtach, Alliance agus an Comhaontas Glas. De réir na pobalbhreithe a foilsíodh ag deireadh na seachtaine vótálfadh 38% de lucht tacaíochta an dá pháirtí sin ar son Éire nua agus 19% ar son an Aontais ach dúirt 43% nach raibh cinneadh déanta acu.

D’fhág Comhaontú Aoine an Chéasta an chumhacht ag Státrúnaí na Breataine do Thuaisceart Éireann an cinneadh a dhéanamh cathain a ghairfí reifreann faoin stádas bunreachtúil. Dheinfí é nuair a chinnfeadh sé go raibh dóthain tacaíochta ag aontú na hÉireann chun go nglacfaí leis sa reifreann. Ní raibh aon Státrúnaí toilteanach labhairt faoi dháta go fóill, ná fiú faoi na critéir a chaithfí a shásamh chun dáta a roghnú.

Beifear ag súil go mbeidh na grúpaí staidéir atá á mbunú ag an Taoiseach, Mícheál Martin chun féidearthachtaí a scrúdú, chomh maith leis na cinn atá fógartha ag Fine Gael, in ann eolas a fháil óna gcomh-urraitheoir ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, rialtas na Breataine. Chuir náisiúnaithe ó thuaidh fáilte roimh spéis nua pháirtithe an rialtais ó dheas sa gceist fiú más iomaíocht lena chéile a spreag iad.

Teastaíonn tacaíocht ó naonúr as gach deichniúr náisiúnach agus beagnach seisear as gach deichniúr de lucht tacaíochta Alliance/Comhaontas Glas le go rithfí an reifreann taobh istigh de na deich mbliana seo chugainn agus bíonn Sinn Féin á éileamh faoi 2030. Deir móramh aontachtach áfach nár cheart reifreann a ghairm go deo.

Ní nach ionadh, tá 80% de lucht tacaíochta an TUV glan i gcoinne reifrinn agus 74% den DUP. Tá an freasúra san UUP, páirtí a thacaigh le Comhaontú Aoine an Chéasta, níos lú ag 52%. Údar imní is ea é gur dhúirt trí cheathrú de na haontachtaithe a d’fhreagair an suirbhé nach bhféadfaidís glacadh le hÉirinn aontaithe. Ghlacfadh an cúigiú cuid leis. Dúirt 87% ón TUV agus 80% DUP go mbeadh toradh reifrinn i bhfabhar Éire aontaithe do-ghlactha. Níor léir conas a léireodh siad a ndiúltú ach dúirt roinnt ó Alliance nach vótálfadh siad d’Éirinn aontaithe dá mbeadh baol foréigin ann.

Ní bhíonn na pobalbhreitheanna éagsúla ag teacht lena chéile i gcónaí agus uaireanta athraíonn an treocht i sraith de thorthaí an chomhlachta chéanna. Go ginearálta, áfach tá tacaíocht d’aontú na hÉireann, nó Éire nua ag fás, lucht tacaíochta an status quo ag dul in aois agus an óige ag iarraidh athruithe.

Deir ionadaithe ón DUP gur gheall le turcaithe ag vótáil don Nollaig a bheadh iontu dá nglacfaidís páirt sa phlé faoi dheireadh a chur lena dtír. Más mian leo buanna na Ríochta a dhíol le vótálaithe áfach, ní hé a leas beag is fiú a dhéanamh den dioscúrsa a leanfaidh dá mbuíochas má dhéanann siad faillí ann.

Fág freagra ar 'Tacaíocht d’Éirinn aontaithe ag fás agus tuilleadh meatha ar thacaíocht don aontas'