Bhí mé i mo sheasamh, ocht mbliana ó shin, in ollsiopa éadaí i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, nuair a chuir cara liom ó chathair São Paulo glaoch orm ag iarraidh deireadh seachtaine cois trá a eagrú, taobh ó thuaidh de Salvador, am éigin i dtús mhí Eanáir.
‘Ach beimid inár gcónaí i ndeachtóireacht faoin am sin!’
An tráth seo den bhliain a bhí ann, deireadh mhí Dheireadh Fómhair, cúpla lá roimh an dara babhta vótála i dtoghchán uachtaránachta na bliana 2016, gach cuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Jair Bolsonaro, iarrthóir de chuid na heite fíordheise nár cheil riamh an mhian a bhí aige deachtóireacht a bhunú dá mbeadh an deis aige. Shíl mé go raibh sé áiféiseach deireadh seachtaine saoire cois trá a phleanáil agus todhchaí an daonlathais, na gcearta daonna agus go leor leor eile idir dhá cheann na meá.
Bhí an bua ag Jair Bolsonaro sa toghchán sin ach níor éirigh leis deachtóireacht a bhunú le linn a thréimhse uachtaránachta. A bhuíochas, dar liom, ní hamháin le láidreacht institiúidí an stáit sa Bhrasaíl ach – go háirithe b’fhéidir – le paindéim COVID, a d’fhág nár éirigh le Jair Bolsonaro pé pleananna frithdhaonlathacha a bhí aige a chur i gcrích, agus a d’fhág go raibh an lámh in uachtar i dtoghchán uachtaránachta 2022 ag a chéile comhraic, Luiz Inácio da Silva, nó Lula mar is fearr aithne air.
Ach seachtain ghlan i ndiaidh insealbhú Lula, ar an 8 Eanáir 2023, rinne Jair Bolsonaro agus a lucht tacaíochta iarracht coup d’état a dhéanamh. Ciontaíodh é as an iarracht sin anuraidh agus gearradh tréimhse phríosúnachta 27 mbliana agus 3 mhí air; tá sé faoi bhraighdeanas baile ó shin.
Ar aghaidh go dtí an lá inniu, agus ní ritheann liom ach na focail: déjà vu.
Dé Domhnaigh beag seo, i vóta réitigh i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo, beidh Lula á fhéachaint leis an mac is sine ag Jair Bolsonaro, Flávio Bolsonaro – fear a bhfuil sé ráite aige gur pardún a thabhairt dá athair an chéad rud a dhéanfaidh sé má thoghfar ina uachtarán é, ionas go mbeidh a athair, fear a ciontaíodh as iarracht coup d’état a dhéanamh ceithre bliana ó shin, ina sheasamh in aice leis lá an insealbhaithe, an 1 Eanáir 2027.
Níos túisce an mhí seo, bhí rud beag le cois 47 faoin gcéad de na vótaí ag Flávio Bolsonaro sa chéad bhabhta vótála agus bhí rud beag le cois 45 faoin gcéad ag Lula. Toisc nach raibh móramh 50 faoin gcéad +1 ag ceachtar iarrthóir, tá gá leis an vóta réitigh Dé Domhnaigh beag seo.
Chuir dlúthchara liom ón mBrasaíl, mo ’dheartháir óg’ Brasaíleach Moisés, físeán chugam: ‘Cnoc Chríost’ i gceantar ardaicmeach Barra i gcathair Salvador tráthnóna Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart, an cnoc féin agus na sráideanna máguaird dearg le daoine, lucht tacaíochta Lula, bratacha Pháirtí na nOibrithe (PT) in airde acu.
‘É a Bahia, porra!’ a bhéiceann bean amháin, ‘Seo stát Bahia, a dhiabhail!’ Ní bhfaighidh Bolsonaro ar bith, sean nó óg, an lámh in uachtar sa stát seo atá sí ag iarraidh a rá. Agus ní bhfaighidh. Tá an chuma ar an scéal go gcaithfidh beirt as gach triúr in Bahia, an stát arb í Salvador an phríomhchathair, vóta do Lula Dé Domhnaigh beag seo.
Ach má bhreathnaíonn tú ar léarscáil na Brasaíle ina hiomláine, athraíonn an scéal. Dath dearg (Lula) ar an leath ó thuaidh den tír den chuid is mó agus dath gorm (Flávio Bolsonaro) ar an leath eile, ó dheas. Gan dabht bíonn saibhir agus daibhir ina gcónaí i mullach a chéile sa Bhrasaíl agus meascán mearaí ceart is ea scéal na ndathanna craicinn, ach ar an mórgóir bíonn dath níos gile ar chraiceann na mBrasaíleach ó dheas, agus is fearr caighdeán an tsaoil sna bólaí sin go minic.
Leath agus leath, mar sin. Tá os cionn 158 milliún vótóirí sa Bhrasaíl ach níos túisce an mhí seo, sa chéad bhabhta, ní raibh ach difear 2.2 milliún vóta idir Flávio Bolsonaro agus Lula.
Gan an naonúr iarrthóirí eile a sheas sa chéad bhabhta ag glacadh páirte sa vóta réitigh, gach seans gur lú fós an difear idir an bheirt iarrthóirí Dé Domhnaigh.
Le trí seachtaine anuas, tá a sheacht ndícheall á dhéanamh ag Lula an bhearna idir é féin agus ‘Bolsonaro Óg’ a dhúnadh. Dar liom go bhfuil seans éigin aige an bhearna sin a laghdú, ar a laghad. Cé go bhfuil dualgas ar chuile Bhrasaíleach idir 18 agus 70 bliain d’aois vóta a chaitheamh sna toghcháin, níor bhac duine as gach ceathrar é sin a dhéanamh sa chéad bhabhta vótála i dtús na míosa. Ar an mórgóir, bíonn níos mó faobhair faoi vótóirí na heite deise vóta a chaitheamh, ach cá bhfios nach dtiocfaidh níos mó den eite chlé amach Dé Domhnaigh agus an chuma ar an scéal go bhféadfadh ceithre bliana eile faoi mhuintir Bolsonaro a bheith rompu.
Féirín d’aicme oibre na Brasaíle a chuir rialtas Lula i bhfeidhm díreach in am don dara babhta vótála ná deireadh a chur leis an tseachtain oibre 6 lá; seachtain oibre 40 uair an chloig a bheidh i bhfeidhm feasta.
Ach an leor é sin chun a chur ina luí ar vótóirí na Brasaíle gur chóir dóibh a cheathrú tréimhse mar uachtarán a bhronnadh ar fhear a bheidh 81 bliain d’aois lá an insealbhaithe? Bhí Lula i gceannas ar an mBrasaíl cheana idir 2003 agus 2011 agus arís ó 2023 i leith agus i súile go leor Brasaíleach, is ionann é agus an tseanpholaitíocht.
Níl Flávio Bolsonaro ach 45 bliana d’aois, ach fearacht a athar, tá a chuid dearcthaí ar cheisteanna sóisialta seanfhaiseanta agus fíorchoimeádach. Drochnuacht don timpeallacht agus do chúrsaí aeráide a bheidh ann freisin má thoghtar Bolsonaro óg.
Ní raibh an dífhoraoisiú sa dufair is mó ar domhan ag leibhéal níos ísle riamh ná mar a bhí le blianta beaga anuas, le linn an tríú tréimhse ag Lula ina uachtarán, ach tá sé ráite ag Flávio Bolsonaro go mbeidh cead ag feirmeoirí ‘a rogha rud a dhéanamh ar a gcuid tailte féin’ má thoghtar é.
I ndíospóireacht teilifíse an chraoltóra Band Dé Domhnaigh, bhí an bheirt iarrthóirí go mór in adharca a chéile, gach fear ag cur caimiléireachta i leith an fhir eile. Tá sé ráite ag Lula go dtabharfaidh sé cead don údarás toghchánaíochta (TSE) a chuid sonraí bainc agus teileafóin féin, chomh maith le sonraí bainc agus teileafóin a chlainne, a fhoilsiú go poiblí, agus thug sé dúshlán do Flávio Bolsonaro an rud céanna a dhéanamh.
Chuir Lula i leith mhuintir Bolsonaro lena chois gur puipéid de chuid Donald Trump iad, agus go bhfuil siad ag iarraidh an Bhrasaíl a thabhairt ar láimh do na Stáit Aontaithe.
Spéisiúil go leor, ar feadh cúpla lá an tseachtain seo caite, ar éigean go bhféadfaí teacht ar Instagram, ardán de chuid an chomhlachta Mheiriceánaigh META, ar chuntas Lula. ‘Fabht theicniúil’ a dúirt META nuair a d’éiligh an t-údarás toghchánaíochta míniú agus tugadh 48 n-uaire an chloig do chomhlacht Mark Zuckerberg an fabht a réiteach.
Díospóireacht amháin eile atá beartaithe idir Lula agus Flávio Bolsonaro, oíche Déardaoin, ar an ngréasán Globo, an craoltóir is mó sa Bhrasaíl.
Ansin, Dé Domhnaigh, beidh ar mhuintir na Brasaíle rogha a dhéanamh a bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith aici do chearta sóisialta ina dtír féin, agus don pholaitíocht idirnáisiúnta agus do chúrsaí aeráide lena chois.
Mo thuairim féin?
Tá an scannán seo feicthe agam cheana.
Beidh Flávio Bolsonaro agus Lula gob ar ghob Dé Domhnaigh, mar atá sna pobalbhreitheanna (51.1% á thuar do Bolsonaro agus 48.9 faoin gcéad do Lula sa cheann is deireanaí, ag AtlasIntel/Bloomberg.)
Ach ó cuireadh i bhfeidhm córas toghchánaíochta reatha na Brasaíle sa bhliain 1989, níor éirigh le hiarrthóir ar bith nach raibh an bua aige sa chéad bhabhta an bua a fháil sa dara babhta.
Fág freagra ar 'An Bhrasaíl: ‘Déjà vu’ agus duine de mhuintir Bolsonaro chun cinn sa rás don uachtaránacht'