Ba chóir don BBC athbhreithniú a dhéanamh ar chiorruithe Gaeilge – Deeds

Tá sé i gceist ag an BBC deireadh a chur le trí cinn de na cúig phost lánaimseartha atá in aonad Gaeilge an chraoltóra

Ba chóir don BBC athbhreithniú a dhéanamh ar chiorruithe Gaeilge – Deeds

Deir An Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds gur cheart don BBC “athbhreithniú” a dhéanamh ar a gcinneadh deireadh a chur le trí cinn de na cúig phost lánaimseartha atá in aonad Gaeilge an chraoltóra.

Dúirt Deeds gur údar imní na ciorruithe toisc an tábhacht a bhaineann leis an gcraoltóireacht maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

“Is cúis imní é dom go bhfuil moltaí ann leis an acmhainn inmheánach atá ag aonad Gaeilge an BBC a laghdú. Tá ról tábhachtach ag an chraoltóireacht Ghaeilge le cinntiú go mbíonn an Ghaeilge le feiceáil, le cluinstin agus á húsáid mar chuid den ghnáthshaol i dTuaisceart Éireann,” a dúirt Pól Deeds.

Mhol an Coimisinéir go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh an BBC faoi Aonad na Gaeilge.

“Mholfainn go láidir go ndéanfaí riachtanais lucht féachana/éisteachta na mionteangacha, agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a thiocfadh a bheith ann don Ghaeilge, a mheas ina iomlán, agus go ndéanfaí athbhreithniú ar aon chinntí le croí-sheirbhísí an BBC a laghdú.”

Dúirt Deeds go gcuireann an chraoltóireacht leis na deiseanna a bhíonn ag daoine cuid den saol a chaitheamh trí Ghaeilge.

“Tá deiseanna leis an teanga a chluinstin trí nuacht, cúrsaí reatha, spórt agus siamsaíocht thar a bheith luachmhar, go háirithe mar theanga mhionlaigh.

“Cuidíonn siad le spás a chruthú inar féidir le cainteoirí páirt a ghlacadh sa tsaol poiblí trí mheán na Gaeilge, agus ag an am céanna cuireann siad lucht féachana agus éisteachta nua ar an eolas i dtaobh na Gaeilge, neartaíonn siad muinín na ndaoine a bhaineann úsáid aisti, agus cinntíonn siad go leanann an dul chun cinn atá ann cheana féin ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge mar theanga bheo.”

Dúirt Deeds go dtuigeann sé go bhfuil brú airgeadais ar an BBC ach go bhfuil an Ghaeilge “go fóill ar gcúl i gcomparáid le teangacha dúchasacha eile sa Ríocht Aontaithe” ó thaobh na seirbhíse a chuireann an BBC ar fáil.

Tá dhá stáisiún raidió Breatnaise ag an BBC, Radio Cymru agus BBC Radio Cymru 2 a mbíonn 200 uair a chloig á chraoladh acu agus 90 uair a chloig de chláir trí Ghàidhlig a chraoltar gach seachtain ar BBC Radio na nGàidheal.

Buiséad £12.8 milliún sa bhliain a bhíonn ag craoltóir na Breatnaise agus timpeall £3.7 milliún a bhíonn ag BBC Radio na Gàidheal.

Deir an BBC le The Irish News nach raibh aon athrú ar “thiomantas an chraoltóra do chláir agus seirbhísí i nGaeilge agus gur mian leis tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu”.

Tá sé i gceist ag an gcraoltóir, a dúradh, “bealaí nua a fhorbairt le hoibriú leis an earnáil léirithe neamhspleách – amhail socruithe dá leithéid atá ann do chláir Ghaeilge do theilifís an BBC”.

“Tuigimid go bhfuil na socruithe seo dian ar na baill foirne sa BBC atá i gceist agus is mian linn oibriú go dlúth leo agus na hathruithe seo ag tarlú agus deiseanna nua á n-aithint do sheirbhísí Gaeilge an BBC.”

Tá sé i gceist post nua a chruthú don léiriúchán Gaeilge agus tá sé i gceist soláthar breise a chur amach ar conradh chuig comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.

I mí an Mheithimh chuir an Coimisinéir Gaeilge aighneacht faoi bhráid choiste na meán in Stormont maidir leis an gcairt nua a bhí á forbairt don BBC.

Dúirt sé san aighneacht sin go raibh an “easpa leanúnach ábhar Gaeilge ar theilifís, raidió agus nuacht dhigiteach an BBC” ina húdar mór imní. ”

Tá ráite ag Deeds gur chóir cur leis an maoiniú a bhíonn ar fáil do chraoltóireacht na Gaeilge agus le soláthar Gaeilge an BBC.

Tá sé i gceist ag an BBC ó thuaidh fáil réidh le suas le 50 post lánaimseartha nó a gcomhionann. Fuarthas thart ar a leath sin leis an scéim dheonach iomarcaíochta a seoladh níos túisce i mbliana.

Deir Conradh na Gaeilge go ndéanfadh na ciorruithe foirne “léirscrios” ar aonad Gaeilge an chraoltóra.

Údar “náire” na ciorruithe don BBC, atá “ag éirí níos naimhdí” i leith na Gaeilge, a deir Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ba chóir don BBC athbhreithniú a dhéanamh ar chiorruithe Gaeilge – Deeds'