An Garda Síochána lena bpolasaí oiliúna Gaeilge a athrú mar gheall ar an bhfás mór ar líon na ndaltaí scoile le díolúine

Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndíolúintí a bhronntar ar dhaltaí iar-bhunscoile, rud a thug ar an nGarda Síochána athmhachnamh a dhéanamh ar a gcur chuige i leith na Gaeilge

An Garda Síochána lena bpolasaí oiliúna Gaeilge a athrú mar gheall ar an bhfás mór ar líon na ndaltaí scoile le díolúine

Tá an Garda Síochána chun a gcur chuige maidir le teagasc na Gaeilge do ghardaí faoi oiliúint a athrú mar gheall ar an líon mór daltaí scoile a mbíonn díolúine ó staidéar na Gaeilge acu.

Meastar gurb é seo an chéad uair ar thagair comhlacht stáit amhail an Garda Síochána don fhás as cuimse ar líon na ndíolúintí mar chúis lena bpolasaí Gaeilge a athrú.

Tháinig sé chun solais ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir go bhfuil cur síos sa Report of the Garda Training Review faoi phlean atá ag an nGarda Síochána a bpolasaí faoi theagasc na Gaeilge ina gcoláiste oiliúna a athrú mar gheall ar fhás líon na ndíolúintí.

Tháinig méadú 109% idir 2017-2025 ar líon na ndíolúintí a bronnadh ar dhaltaí iar-bhunscoile. Bhí díolúine ag 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile anuraidh, ardú ó 2.5% i 1999 agus ó 9.4% in 2017.

Deirtear sa Report of the Garda Training Review, a d’fhoilsigh an Rialtas i mBéarla amháin an tseachtain seo caite:

“Tabharfaidh sé seo [an cur chuige nua] san áireamh go bhfuil líon na nGardaí faoi oiliúint a mbíonn díolúine ón nGaeilge ar scoil acu ag méadú, chomh maith leis an réimse leathan iarrthóirí atá i dteideal cur isteach ar a bheith sa Gharda Síochána, daoine ón AE agus áiteanna eile nach raibh aon phlé acu leis an nGaeilge roimhe seo.”

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil “srian leis an leibhéal Gaeilge” is féidir a theagasc i gColáiste an Gharda Síochána mar gheall ar an “méad teoranta ama” a chaitheann Gardaí faoi oiliúint sa choláiste.

Dá bharr sin, ní dócha, a deirtear, go mbeidh dóthain Gaeilge á teagasc do ghardaí faoi oiliúint le go mbeadh siad ábalta a gcuid oibre, nó oibríocht de chuid na nGardaí, a dhéanamh trí Ghaeilge.

“Ina áit sin, meastar go mbeidh béim ar scileanna comhrá i nGaeilge agus ar a chinntiú go dtuigeann Gardaí cearta an té atá ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh i gcéad teanga oifigiúil an stáit,” a deirtear sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt.

Deirtear sa tuarascáil go ndeir an Garda Síochána féin go bhfuil siad tiomanta do dhualgas earcaíochta an stáit i leith na Gaeilge a chomhlíonadh, is é sin go mbeadh 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí líofa sa Ghaeilge faoi 2030.

Deirtear go leagtar béim i mbabhtaí earcaíochta na heagraíochta ar chainteoirí líofa Gaeilge a earcú.

Fág freagra ar 'An Garda Síochána lena bpolasaí oiliúna Gaeilge a athrú mar gheall ar an bhfás mór ar líon na ndaltaí scoile le díolúine'