D’fhéadfadh ciorruithe foirne atá ag an BBC “léirscrios” a dhéanamh ar aonad Gaeilge an chraoltóra.
Tugadh le fios d’fhoireann an aonaid ag cruinniú ar líne an tseachtain seo caite go mbeadh deireadh á chur le trí cinn de na cúig phost lánaimseartha san aonad.
Iarracht atá sna ciorruithe seo ag an BBC ó thuaidh thart ar £4.1 milliún a shábháil roimh dheireadh 2027/28, agus an BBC meáite ar £500 milliún a shábháil ina chuid seirbhísí ar fad.
Má chuirtear na ciorruithe foirne i bhfeidhm ní bheadh ach beirt den bhreis is 600 duine atá fostaithe ag an BBC ó thuaidh ag plé leis an nGaeilge.
Deir Conradh na Gaeilge gur údar “náire” an cinneadh don chraoltóir agus gurb amhlaidh go bhfuil an BBC “ag éirí níos naimhdí” i leith na teanga.
Tá cruinniú á lorg go práinneach ag comhalta den Tionól Reachtach an SDLP, Patsy McGlone, leis an BBC ó thuaidh faoi na postanna seo a chaillfear i rannóg na Gaeilge agus faoin athstruchtúrú atá le déanamh san eagraíocht.
“Ní féidir amharc ar an nGaeilge mar rogha bhreise – is cuid lárnach í dár bhféiniúlacht chomhroinnte agus bhí ról tábhachtacha ag an BBC i gcur chun cinn agus i bhforbairt na teanga i measc ghlúnta an lae inniu agus an lae amárach.
“Tá cruinniú práinneach iarrtha agam leis an lucht ceannais ar an BBC anseo sa tuaisceart ar mhaithe le soiléireacht a fháil faoi na moltaí seo, faoin tionchar a bheidh acu ar an bhfoireann agus ar an lucht féachana is éisteachta agus faoina bhfuil á dhéanamh leis an tseirbhís craolacháin áitiúil agus na seirbhísí i nGaeilge a chosaint. Tá freagraí soiléire tuillte ag na daoine lena mbaineann na cinntí seo.”
Dúirt an Comhalta McGlone go raibh sé ag bualadh le Foras na Gaeilge le himpleachtaí mholtaí an BBC a phlé.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil na ciorruithe atá beartaithe ar aonad na Gaeilge “díréireach” i gcomparáid le ciorruithe atá beartaithe in áiteanna eile sa BBC. Bheadh “tionchar millteanach” ag na ciorruithe ar réimse na gclár Gaeilge.
“Tá gach seans, de dheasca na gciorruithe seo, go dtiocfaidh deireadh le cláir Ghaeilge ar BBC Raidió Uladh ar nós Blas, clár a bhfuil duaiseanna bainte aige go hidirnáisiúnta roimhe seo,” a dúradh.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin go bhfuil “an cinneadh tubaisteach” faoi aonad na Gaeilge á dhéanamh tráth a bhfuil “pobal na teanga faoi bhláth” sa Tuaisceart.
“Déanfaidh na ciorruithe seo léirscrios ar fhoireann raidió a bhfuil duaiseanna bainte acu go hidirnáisiúnta as ucht a gcuid saothair, agus beidh sé tubaisteach do chraoltóireacht na Gaeilge ó thuaidh trí chéile.
“Feictear dúinn go bhfuil na ciorruithe seo iomlán díréireach i gcomparáid le rannóga agus aonaid eile laistigh den BBC. Tá sé deacair a shamhlú go mbeadh siad ag cur deireadh le 60% d’aon fhoireann nó rannóg eile,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Dúirt sé go raibh an Ghaeilge in áit na leathphingine sa BBC, fiú gan bacadh leis na ciorruithe nua.
Dúirt sé go bhfuil dhá stáisiún raidió Breatnaise an BBC, Radio Cymru agus BBC Radio Cymru 2 a mbíonn 200 uair a chloig á chraoladh acu agus gur 90 uair a chloig de chláir trí Ghàidhlig a chraoltar gach seachtain ar BBC Radio na nGàidheal.
Buiséad £12.8 milliún sa bhliain a bhíonn ag craoltóir na Breatnaise agus timpeall £3.7 milliún a bhíonn ag BBC Radio na Gàidheal.
Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge gurb údar “náire” ag an BBC na ciorruithe ar a n-aonad Gaeilge.
“Ní mór don BBC saineolas agus taithí na foirne Gaeilge a chosaint in áit iad a scrios. Ba cheart don BBC infheistiú san fhoireann chun gur féidir cur leis an soláthar reatha agus freastal cothrom a dhéanamh ar phobal na Gaeilge.
“Is cosúil, áfach, go bhfuil an BBC ag éirí níos naimhdí don Ghaeilge trí chéile,” arsa Mac Giolla Bhéin.
Dúirt sé nach é amháin nach bhfuil aon stáisiún Gaeilge ag an BBC ach nach bhfuil aon pholasaí corparáideach ag craoltóir na Breataine don Ghaeilge, nach mbíonn aon chomharthaíocht dhátheangach acu ina bhfoirgnimh agus nach bhfuil ach líon fíorbheag d’ábhar Gaeilge do pháistí agus daoine óga acu.
“Anois tá siad ag cur i bhfeidhm ciorruithe díréireacha éagothroma atá dírithe ar lucht na Gaeilge san eagraíocht. Fágann sin rudaí a bhí ar lag trá cheana féin in áit i bhfad Éireann níos measa.”
Dúirt Mac Giolla Bhéin nárbh fholáir don BBC agus don Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt cuimhneamh ar na “dualgais shonracha” atá orthu faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun “gníomh diongbháilte” a dhéanamh ar son na Gaeilge ó thaobh cúrsaí craoltóireachta.
Ní mór na ciorruithe seo a tharraingt siar “láithreach”, a dúirt sé.
Tá Conradh na Gaeilge chun dul i mbun stocaireachta le páirtithe Stormont, le Rúnaí Stáit na Breataine, le haire cultúir, meán agus spóirt rialtas na Breataine, Lisa Nandy, le Rialtas na hÉireann, agus le Stiúrthóir an BBC sa Tuaisceart, Adam Smyth.
Dúirt an BBC le The Irish News nach raibh aon athrú ar “thiomantas an chraoltóra do chláir agus seirbhísí i nGaeilge agus gur mian leis tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu”.
“Is é is aidhm lenár gcuid pleananna níos mó ábhar i nGaeilge a chraoladh ar BBC Radio Ulster/Foyle agus bealaí nua a fhorbairt le hoibriú leis an earnáil léirithe neamhspleách – amhail socruithe dá leithéid atá ann do chláir Ghaeilge do theilifís an BBC.
“Tuigimid go bhfuil na socruithe seo dian ar na baill foirne sa BBC atá i gceist agus is mian linn oibriú go dlúth leo agus na hathruithe seo ag tarlú agus deiseanna nua á n-aithint do sheirbhísí Gaeilge an BBC.”
Tá sé i gceist post nua a chruthú don léiriúchán Gaeilge agus tá sé i gceist soláthar breise a chur amach ar conradh chuig comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.
Tá sé i gceist ag an BBC ó thuaidh fáil réidh le suas le 50 post lánaimseartha nó a gcomhionann. Fuarthas thart ar a leath sin leis an scéim dheonach iomarcaíochta a seoladh níos túisce i mbliana.
Maíonn an BBC nach mbeidh aon athrú ar chaiteachas an BBC ar chraoltaí Gaeilge nó Éireannach ar an raidió.
Gheofar níos mó den soláthar ón earnáil neamhspleách, rud a fhágfaidh laghdú ar fhoireann an BBC féin sa rannóg.
Fág freagra ar 'Údar ‘náire’ ciorruithe foirne an BBC, atá ‘ag éirí níos naimhdí’ i leith na Gaeilge'