Ní hé lá na gaoithe lá na scolb – an obair a thug dúinn an seanfhocal

Ba sa bhfómhar a bhítí ag deasú an tí, an tráth seo bliana -theastaigh lá tirim cineál ciúin ach dá mbeadh sé róchiúin sa bhfómhar, bhí tú ite ag na míoltóga

Ní hé lá na gaoithe lá na scolb – an obair a thug dúinn an seanfhocal

Feicim fós iad. Fir ar dhíon an tí agus iad ag sníomh na cíbe ina chéile go hairdeallach agus go stuama. Níorbh í sin an tuí atá á cur ar thithe anois, an beagán tithe ceann tuí atá fanta. Tá sníomh áirithe á déanamh ar an tuí speisialta sin agus deirtear go maireann sí ar feadh roinnt blianta.

Saol agus saothar agus stuaim de chineál eile a bhain le cíb an tsléibhe. D’fhás sí sna moingeanna agus ba mhinic nach mba san áit ba chóiriúla é.

Ach bíodh sé cóiriúil nó ná bíodh, theastaigh an chíb agus ní raibh de rogha ann go minic ach í a iompar abhaile ar do dhroim. Cíb shaothraithe go maith a bhí inti nuair a bhí sí leagtha síos in aice an tí.

Theastaíodh tuairim ocht n-ualach cíbe, ar a laghad, agus ualaí fáiscthe freisin. Bhí sé sin le n-iompar ar do dhroim ar thalamh garbh, cuid mhaith, ar feadh míle achair nó tuilleadh.

Thagadh lá a ndéanfaí deasú ar cheann an tí, agus ba dheacair lá cóiriúil a fháil freisin.

Ba sa bhfómhar a bhítí ag deasú an tí, an tráth seo bliana. Theastaigh lá tirim cineál ciúin ach dá mbeadh sé róchiúin sa bhfómhar, bhí tú ite ag na míoltóga.

Bhíodh fear ar chaon taobh den díon agus na gasúir – muid féin – ag freastal orthu. Gabháil, agus gabháilín eile á gcaitheamh suas chucu agus mise á rá leat, le teacht an ardtráthnóna bhíodh tú sách tuirseach do lá na cíbe.

Thiocfadh an lá, nó an oíche, sa ngeimhreadh nuair a thabharfadh an aimsir toradh ar do chuid oibre. Má choinnigh an deasú chuile bhraon amuigh, bhí an beart déanta go maith. Ach má tháinig braon anuas leis an mballa, chuirtí ceist thromchúiseach – cé a bhí ar an taobh sin den teach?

Ní raibh aon fhreagra ar an gceist. Is binn béal ina thost scaití.

Ar ndóigh chaití an sciobóil a dheasú freisin. Cé nach raibh an obair sin chomh trom, bhíodh cuairt eile le tabhairt ar na moingeanna le haghaidh soláthar eile cíbe,

Ní bhíonn an cineál sin oibre ar bun i gConamara anois.

Cuid den oidhreacht anois í agus féachann muid leis an scéal a choinneáil beo in Ionad na nImirceach i gCarna i gConamara. Beidh, Féile na Duilleoige san Ionad í mí na Samhna. Tráchtfar ar an gcíb, ar an saol agus ar an aimsir. Bhí buntáiste sa gcíb ariamh ó thaobh beathú beithíoch de freisin. Sna blianta siar – agus fós in áiteacha – coinnítear beithígh ar an sliabh ar feadh na bliana. Bhíodh an-bheathú sa gcíb agus chruinníodh beithígh ar na moingeanna agus bhíodh sé ráite nach raibh beathú níos fearr le fáil.

Ar an gcéad iarraidh bheadh an fásra ar na cnocáin, idir fhraoch agus mhínleach ídithe agus choinníodh an chíb teacht aniar sa mbó. Ach níor mhór go mbeadh dhá fhiacail curtha ag an mbeithíoch leis an gcangailt a dhéanamh; thugtaí na beithígh óga abhaile nó go mbeadh an greim agus an gearradh ina ndrad.

D’inis Breandán Ó Máille as Both Íseal ar an Sraithe Salach dom le gairid faoi rud bearránach a tharla i dteach sa gceantar lá a raibh an teach le deasú. Bhí na hualaí cíbe leagtha go stuama le chéile ach céard a tharlódh roimh mhaidin an deasaithe ach go ndearna na beithígh a mbealach isteach agus gur leag siad ar an gcíb. Idir scaipeadh na cíbe agus cac bó, ní raibh sé inrásta mórán den chíb a chur ar an teach. Ní raibh le déanamh ach an chuid a bhí fágtha a chur ar an díon nó go ndeachaigh na comharsana amach ar an sliabh agus gur bhaineadar agus gur iompraíodar na hualaí breise isteach ar a ndroim aríst.

Ar ndóigh ní taobh le deasú tithe agus beathú beithíoch a bhí leas sa gcíb. Bhíodh scéal acu thart anseo faoi fhear a shiúil amach as teach ‘time’ sa tsean-aimsir agus a chuir cheist ar an mbean óg: “An bhfuil tú ag dul abhaile nó an bhfuil tú ag dul chun cíbe?”

Pebí freagra a bhí ar sin, tá a fhios againn nach é lá na gaoithe lá na scolb.

Fág freagra ar 'Ní hé lá na gaoithe lá na scolb – an obair a thug dúinn an seanfhocal'