Cén uair a shéidfear an fheadóg ar Patrick O’Donovan?

Is é nádúr an chluiche go mbíonn teannas áirithe idir an aicme pholaitiúil agus na meáin ach rud eile é aire na meán a bheith chomh glórach sin faoi na meáin phoiblí

Cén uair a shéidfear an fheadóg ar Patrick O’Donovan?

Tá go leor ar aigne Simon Harris faoi láthair. Tá achrann bhagarthach na léirsithe breosla fós ina thairne sa mbeo. Tá ardú ar rátaí úis i limistéar an euro. Tá torthaí ballóide na gceardchumann ag teacht go tréan. Tá an Chomhairle Fhioscach i ndiaidh seacht bhfainic a chur air faoi cháin chorparáideach. Ach i gcúl a chinn tá ceist chigilteach eile nach bhfuil réiteach fós aige air, Aire neamhchlaonta na Meán, Patrick O’Donovan.

Bhain scéal thinneas an Aire i bhfad ó bhaile sa mBruiséil siar as gach aon duine. Níl sé i bhfad ó d’fhill sé ó thréimhse théarnaimh i ndeireadh an tsamhraidh. Neamhord néareolaíoch atá sa titimeas agus deir Titimeas Éireann go mbíonn 45 míle duine sa tír ag maireachtáil leis. Ní saol réidh ná éasca a bhíonn acu siúd ná ag a gcomhluadair go deimhin.

Teachtaireacht shuntasach a bhí ag an Aire in agallamh raidió ar Newstalk i dtús na míosa seo. Bhain tábhacht as cuimse le bheith in ann leanacht dá ról poiblí agus nach dtabharfaí air cúl a thabhairt do phost a bhfuil dúil mhór aige ann.

Agus seo é cruachás cheannaire Fhine Gael. Cé mar is féidir leat dul i ngleic le hAire atá in ann a bheith tobann, teasaí agus treallach? Tréithe iad nach mbaineann leis an titimeas dubh ná dath ach tréithe iad nach bhfuil furasta a leigheas ná a cheansú fiú. Fuair muid léargas an-luath ar an gcur chuige nuair a ceapadh ina Aire Meán i dtosach é. Tugadh greasáil don Ghailearaí Náisiúnta i mí Feabhra 2025 nuair a sceitheadh scéal díreach roimh chruinniú comhaireachta faoi scanóir costasach a fágadh díomhaoin cheal spáis chuí.

Seo coicís i ndiaidh don Aire ‘meamram faoi ascaill’ a chur os comhair na comhaireachta faoi chiseach chóras deontais na Comhairle Ealaíon. Tugadh bata is bóthar don stiúrthóir Maureen Kennelly nuair a dhiúltaigh an tAire féin síneadh a chur lena conradh fostaíochta. Bhí caismirtí poiblí idir An Post agus an tAire ar cheisteanna cúitimh agus airgeadais i mí Mheithimh i mbliana. Rímhaith a thuigtear do chomhlachtaí poiblí a fheidhmíonn faoi choimirce a roinne gur túisce maide ná mil in aon déileáil a bhíonn acu leis.

Le linn na léirsithe breosla i mí Aibreáin léirigh an tAire imní faoi oibiachtúlacht chraoladh nuachta RTÉ maidir leis na hagóidí. Dúirt sé le Tipp Fm, WLRFM agus Limerick Live 95 go raibh sé leis an scéal a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán féachaint an raibh bunús fiosraithe san ábhar. Ar ndóigh, ní raibh aon ghnó reachtúil ag an Aire a leithéid a iarraidh. D’áitigh Ceardchumann na nIriseoirí (NUJ) go raibh mianach na hurchóide sa méid a dúirt sé. Shéan O’Donovan go ndeachaigh sé thar cailc ach ghlac leis go raibh cocstí déanta aige dá chuid cainte.

Scéal a bheadh ann dá ndéanfadh aire rialtais ar bith idirghabháil mhístuama mar sin ach Aire na Meán féin? In aimsir na paindéime, cheistíodh sé Leo Varadkar go glórach cén fáth a rabhthas ag déanamh mórfhógraí sláinte poiblí ar Nuacht RTÉ seachas ar na meáin tráchtála. Go deimhin féin, rinne sé mór is fiú de chruinniú a bhí aige le Craoltóirí Neamhspleácha Raidió na hÉireann ar a chuntas Instagram an tseachtain seo caite. Is é nádúr an chluiche é go mbíonn teannas áirithe idir an aicme pholaitiúil agus na meáin ach is annamh a léirítear coimhthíos chomh domhain sin os ard i leith na meán poiblí.

D’inis sé scéal suimiúil eile air féin ag cruinniú de choiste Oireachtais an tseachtain seo caite, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo. Tháinig faobhar agus goimh ar an bplé faoi inniúlacht Ghaeilge Chomhairlí Lucht Éisteachta TG4 agus RTÉ. Dúirt an tAire nár theastaigh uaidh go mbeadh cruinnithe Chomhairle TG4 á reáchtáil trí mheán an Bhéarla ach go rabhthas ag súil go ndéanfaí soláthar dóibh siúd nach raibh inniúlacht Ghaeilge acu mar sin féin. Cén soláthar go díreach a bhfuil Aire na Meán ag súil leis? Ateangaireacht? Fotheidil? Mím?

Tá bliain mhór fhada agus tuilleadh beag le cois fós ag Simon Harris sula gcuirfidh sé faoi in Oifig an Taoisigh arís de réir shocrú an chomhrialtais. Ach an dtabharfar cead a chinn do Patrick O’Donovan mar Aire i réimse criticiúil na meán chomh fada sin? Ceist íogair phearsanra agus pholaitiúil. Idir an dá linn, tá airí stáit de chuid Fhine Gael ar an mbinse fearacht Neale Richmond, Emer Higgins agus Kieran O’Donnell: triúr atá socair tomhaiste agus iad ag fanacht go foighdeach ar ghairm chun imeartha ar pháirc na sinsear. Cén uair a shéidfear an fheadóg ar Patrick O’Donovan?

Fág freagra ar 'Cén uair a shéidfear an fheadóg ar Patrick O’Donovan?'

  • Peter

    Tuilleadh ón scríbhneoir seo le bhur dtoil.

  • Fionn Ó Gráda

    Chonaic mé Patrick O’Donovan ar RTÉ uair agus bhí iriseoir thar a bheith diúltach ag cur ceisteanna air ach sheas Patrick Uasal an fód agus bhí lán an chirt aige. Déanaim cláracha mar Morning Ireland agus This Week (ar an Domhnach) a sheachaint le fada mar is fearr don sláinte meabhrach agus spioradálta éisteacht le leithéidí Athmhaidin ar Raidió na Gaeltachta nó Lyric FM. Tá Sinéad Mooney ar fheabhas ar Playback ach, seachas ise agus corrdhuine eile, tá tinneas ar RTÉ Radio 1, dar liomsa. Ar éist sibh le clár Oisín Mac Cóil ar Raidió na Life? Tá sé ar fheabhas. Luimneach Abú.

  • Páid Ó Donnchú

    Píosa breá scríbhneoireachta.

  • Seán Mistéil

    Cothrom agus cróga san am céanna, a Dhónaill.

  • Bertie Ó hAinmhire

    Ráite go maith agus iomlán fíor.

  • Seán Mag Leannáin

    Is canóin scaoilte é an tAire O’Donovan agus de réir dealraimh tá drogall ar Simon smacht a chur air.