Tá plean nua cúig bliana á réiteach ag lucht bainistíochta agus eagarthóireachta an irisleabhair An Timire agus tá tuairimí lucht a léite faoi threo an fhoilseacháin á lorg acu.
Is é An Timire, a foilsíodh den chéad uair i 1911, an t-irisleabhar Gaeilge is faide ar an bhfód agus é os cionn 115 bliain d’aois anois. Tá sraith ceisteanna curtha ar an 900 síntiúsóir atá ag An Timire i suirbhé a seoladh amach in éineacht leis an eagrán is deireanaí den iris, eagrán an fhómhair 2026.
Lorgaítear sa suirbhé tuairimí na léitheoirí faoin ábhar a fhoilsítear san iris, faoi chaighdeán na scríbhneoireachta, agus faoin bhfreastal a dhéantar ó thaobh na spioradáltachta de.
Fiafraítear de na léitheoirí, freisin, cé acu ar mhaith leo nó nár mhaith leo ailt ar ábhair níos leithne a fheiceáil ar leathanaigh An Timire – ailt faoi dhaoine cáiliúla, ábhar grinn, clúdach ar spórt agus cluichí, sláinte na bhfear agus na mban, an spioradáltacht dhúchasach, agus ailt faoin mBíobla ina measc. Tá ceist eile ann faoi ailt ar “thábhacht agus ar úsáid na hintleachta saorga in obair An Timire/Foilseachán Ábhar Spioradálta” freisin.
Agus é ag labhairt ag ócáid cheiliúrtha do An Timire ag Oireachtas na Samhna 2025, dúirt stiúrthóir na hirise, an tAthair Frainc Mac Brádaigh, go raibh an baol ann nach mbeadh sí ann i bhfómhar na bliana seo mura socrófaí múnla nua maoinithe don fhoilseachán.
Bunaíodh An Timire i 1911 agus tá sí ar cheann de na hirisí is sine sa tír. Foilsítear gach ráithe í agus pléitear inti cúrsaí creidimh, cultúir, agus cúrsaí sóisialta. Is iad na hÍosánaigh a chuireann an t-irisleabhar amach, agus é mar aidhm ag an bhfoireann foilsitheoireachta “spreagadh agus tuiscint a thabhairt do bhaill Aspalacht na hUrnaí ar intinní an Phápa, trí altanna suimiúla agus ábhar atá inspéise do chách a chur ar fáil”.
Fág freagra ar 'Tuairimí a léitheoirí á lorg ag lucht ‘An Timire’ do phlean nua cúig bliana'