Tá an scríbhneoir, cumadóir agus oide Fearghas Mac Lochlainn imithe ar shlí na fírinne. Bhásaigh sé go tobann Dé Luain.
Rugadh agus tógadh Fearghas Mac Lochlainn i mBaile Átha Cliath ach bhí sé ag cur faoi i gceantar Chois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe le breis is scór bliain anuas. Bhí aithne mhór air mar phríomhoide ar Scoil Sailearna sna hAille agus chaith sé 20 bliain ag obair sa scoil sular éirigh sé as in 2019.
Leasdeirfiúr le Pádraig Mac Piarais ab ea a shin-seanmháthair, Emily Pearse. Fuair Mac Lochlainn a chuid scolaíochta trí Ghaeilge i Scoil Náisiúnta Bhríde i Raghnallach ar dtús agus i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Parnell sa gcathair ina dhiaidh sin. Fís an Phiarsaigh a spreag Fearghas ar feadh a shaoil an Ghaeilge agus an dúchas a chothú san aos óg ar bhealach lán spraoi agus pléisiúir.
D’fhreastail sé ar Choláiste Phádraig ina dhiaidh sin agus i Scoil Neasáin i mBaile Átha Cliath fuair sé a chéad phost múinteoireachta. Thugadh sé daltaí ón scoil go hInis Oírr gach bliain chun seal a chaitheamh sa nGaeltacht. Chaith sé seal ag teagasc ar chúrsa samhraidh Choláiste Lachtnáin ar an oileán.
Fuair sé post i Scoil Sailearna in 2001 agus D’éirigh sé as post an phríomhoide ansin in 2019 agus d’oibrigh sé mar chúntóir riachtanais speisialta i nGaelscoil Dara ar an Rinn Mhór ina dhiaidh sin.
Scríbhneoir agus aistritheoir leabhar do pháistí ab ea é. Bhuaigh leabhair leis Gradam Reics Carló ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais faoi dhó. An Slipéar Gloine a fuair an gradam in 2022 agus Puisín na mBróg a bhuaigh in 2026.
Bhí ceangal mór ag Fearghas Mac Lochlainn le hOireachtas na Samhna agus thug sé blianta fada ag glacadh páirt sna comórtais amhránaíochta agus sna hagallaimh bheirte. Chuir sé béim mhór ar na healaíona béil mar phríomhoide chomh maith agus spreag sé páistí ar fud Chois Fharraige chun páirt a ghlacadh i gcomórtais an Oireachtais.
Fág freagra ar 'Fearghas Mac Lochlainn, scríbhneoir, cumadóir agus oide, ar shlí na Fírinne'