Ba chóir caitheamh le hídiú na héagsúlachta teangacha mar a chaitear le hídiú na bithéagsúlachta – sochtheangeolaithe

Deir na scoláirí Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin gur cheart coincheap na cosanta gnáthóg a chur ag obair i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta

Ba chóir caitheamh le hídiú na héagsúlachta teangacha mar a chaitear le hídiú na bithéagsúlachta – sochtheangeolaithe

Ba cheart dul i ngleic le cailliúint na héagsúlachta teangacha agus cultúr ar fud an domhain ar an gcaoi chéanna a bhfuiltear ag dul i ngleic leis an ngéarchéim bhithéagsúlachta, dar le beirt sochtheangeolaithe Éireannacha.

In aiste a foilsíodh le deireanas ar Midas Science Blog deir Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin gur cheart coincheap na cosanta gnáthóg a chur ag obair i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta.

Deir na sochtheangeolaithe go bhfuil géarghá le “creatlach nua” leis an éagsúlacht dhomhanda teangacha a chosaint ar bhealach “iomlánaíoch” agus gurb ionann an chaoi a gcailleann pobal teanga an cumas é féin a athghiniúint agus cailliúint gnáthóige i gcomhthéacs na héiceolaíochta.

Dúirt siad go bhfuil uair na cinniúna buailte le cultúir mhionlaigh ar fud na cruinne agus go bhfuil “ollteangacha” á mbrú chun cinn ag “réabhlóid teicneolaíochta” agus “forsmacht polaitíochta”. Ní thiocfaidh slán, a deir siad, ach na teangacha is mó mura gcosnófar na teangacha eile faoi mar a chosnaítear an comhshaol.

Mhaígh Ó Giollagáin agus Ó Curnáin go bhfuil ráta ídithe na ngnáthóg theangeolaíoch i gcásanna áirithe níos measa ná ídiú na bithéagsúlachta. San áireamh sna cásanna sin, tá na teangacha Ceilteacha, teangacha dúchais Mheiriceá Thuaidh agus na hAstráile, agus mionteangacha san Afraic, san Áise agus i lár na hEorpa.

“D’ainneoin gur measa an chontúirt atá ar theangacha, tá eolas forleathan ar eagraíochtaí amhail an Ciste Domhanda ar son an Dúlra [WWF], ach is beag duine a chuala trácht ar an bhFondúireacht do Theangacha atá i mBaol, mar shampla. Níl formhór na ndaoine ar an eolas faoi cé chomh tromchúiseach agus chomh mór agus atá an chontúirt shochtheangeolaíoch,” a mhaíonn údair an ailt.

Tá easpa tuisceana i measc an ghnáthphobail, de bharr an aineolais seo, faoin gcaoi is fearr leis an éagsúlacht teangacha a chothabháil, a deir siad.

Deir na teangeolaithe freisin go bhfágann an easpa tuisceana seo go mbaineann cultúir mhórtheangacha “taitneamh” as gnéithe de chultúir na mionteangacha gan “imní a dhéanamh faoi inbhuanaitheacht na gcultúr mionlaigh ina ngnáthóga traidisiúnta”.

Dúradh san alt go raibh “lear mór” comhairle á cur ar an bpobal i dtaobh na sláinte poiblí, an chomhshaoil, na polaitíochta agus na heacnamaíochta ach nach raibh “plean straitéiseach sofaisticiúil ardphróifíl” ann go fóill le haghaidh a thabhairt ar na rudaí atá ag bagairt ar an éagsúlacht dhomhanda teangacha.

Leagtar amach san alt achoimre ar an gcreatlach nua ‘LanDS’ atá ceaptha ag Ó Giollagáin agus Ó Curnáin le pobail teanga a “chothabháil mar réaltacht bheo shóisialta”. Tá obair na beirte bunaithe ar obair “bhunaitheoir” na pleanála teanga Joshua Fishman, a rinne taighde ar an ábhar sa chéad seo caite.

Aithnítear ceithre chéim i saol an duine sa chreatlach: an sealbhú agus an t-aistriú teanga, nuair atá páistí “ag sealbhú cultúr teanga”; an sóisialú agus an sealbhú; nuair atá páistí ag cothú caidreamh le daoine eile; an fhorbairt chultúrtha; agus an fhorbairt féiniúlachta agus polaitíochta.

“Creat iomlánaíoch diagnóise é LanDS atá bunaithe ar choincheapanna na cuimsitheachta, na castachta agus na comhlántachta. Cuirtear an bhéim ar choincheap tábhachtach an chomhghrúpa (mionlaigh)  agus áit an duine aonair sa ghrúpa sin.

Deirtear san alt “ar an drochuair sheachain lucht an iarstruchtúrachais an coincheap bunúsach sin agus a ndearcadh bunaithe ar an duine aonair. Lena chur ar bhealach simplí mura gcoinnítear ag imeacht an comhghrúpa (mionlaigh) inniu, ní bheidh aon ghrúpa suntasach cainteoirí (mionlaigh) ann amárach.

Maíonn an bheirt sochtheangeolaithe go bhféadfadh a gcreatlach nua cabhrú le “grúpaí teanga” bogadh ar aghaidh ón “status quo” agus ón “siombalachas saonta” a bhaineann leis an bhféiniúlacht agus le polaitíocht teanga.

Fág freagra ar 'Ba chóir caitheamh le hídiú na héagsúlachta teangacha mar a chaitear le hídiú na bithéagsúlachta – sochtheangeolaithe'