21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge

Don chúigiú bliain as a chéile tá méadú tagtha ar chéatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge sa tSraith Shóisearach

21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge

Ní dhearna 21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí aon scrúdú Gaeilge i mbliana.

Seo an cúigiú bliain as a chéile ar tháinig méadú ar chéatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge.

As an 73,879 dalta a thug faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaí an samhradh seo agus a fuair a dtorthaí maidin inniu, ní dhearna 15,185 acu aon scrúdú Gaeilge.

Méadú a bhí ansin ar an 20% de dhaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge anuraidh.

18% nach ndearna aon scrúdú Gaeilge in 2024, 16% nach ndearna aon scrúdú Gaeilge in 2023 agus 15% a bhí i gceist in 2022.

Don chúigiú bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na Sraithe Sóisearaí – an Tíreolaíocht – ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach.

60,178 , 81% de dhaltaí, a rinne an scrúdú tíreolaíochta, i gcomparáid le 58,694, nó 79%,  a rinne scrúdú Gaeilge.

99% de dhaltaí a rinne scrúdú Béarla, 98% a rinne scrúdú matamaitice agus 97% a rinne scrúdú staire.

57,573 dalta a rinne scrúdú i dteanga Eorpach eile – Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis. D’fhág sin nach ndearna 22% de dhaltaí aon scrúdú sna teangacha sin i mbliana.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daltaí gan scrúduithe stáit a dhéanamh, ach meastar go mbíonn díolúine ag idir 50-60% de na daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge.

Tháinig laghdú, ó 8.4% go dtí 7.9%, ar chéatadán na ndaltaí ar éirigh leo pas le gradam, an marc is airde, a bhaint amach i scrúdú Gaeilge T2 na Sraithe Sóisearaí i mbliana.

Rinne 32,919 dalta an scrúdú ardleibhéil i Gaeilge T2 don tSraith Shóisearach i mbliana.

Fuair 27% de dhaltaí an ardleibhéil i nGaeilge T2 an grád ‘pas le hardtuillteanas’ i mbliana, ardú ar an 26.3% a fuair an grád sin anuraidh.

Bhí titim ar líon na ndaltaí a fuair ‘pas le tuillteanas’ i mbliana, 37.5% a fuair an grád sin i mbliana i gcomparáid le 37.5% in 2025.

Tháinig laghdú, ó 8.4% go dtí 7.9%, ar chéatadán na ndaltaí ar éirigh leo pas le gradam, an marc is airde.

Rinne 2,567 dalta an scrúdú ‘Gaeilge T1’ ag an ardleibhéal i mbliana agus fuair 9% acu sin ‘pas le gradam’, méadú ar éigean ar an 8.9% a fuair an grád céanna anuraidh.

Bhí méadú ar an líon daltaí a rinne an scrúdú Gaeilge T1 ag an ngnáthleibhéal i mbliana. 113  a rinne an scrúdú sin i mbliana i gcomparáid le 95 anuraidh.

Fág freagra ar '21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge'

  • Múinteoir

    Mar mhúinteoir, má tá siad i gcoinne na Gaeilge go poinnte a bhfuil siad ag iarraidh exception, b’fhearr iad a bheith amuigh as an rang ná ann ag cur isteach ar daltaí eile atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim…más foghlaim na teangan a bhíonn ann sa gcóras oideachais.