Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais go bhfuil beirt daltaí ó gach iarbhunscoil sa tír le cur chun na Gaeltachta chun a bheith ina ‘Laochra Teanga’.
Cuireadh maoiniú €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais agus Óige faoi Bhuiséad 2027 chun tús a chur le tionscnaimh nua darb ainm ‘Clár Laochra Teanga na Gaeltachta’.
Deir an Roinn go dtabharfaidh an tionscnamh “uaillmhianach” seo deis do bheirt daltaí idirbhliana ó gach scoil sa stát “freastal ar eispéireas tumtha teanga sa Ghaeltacht” agus go bhfillfidh siad ar a scoileanna “mar laochra don Ghaeilge”.
“Forbróidh na daltaí inniúlacht teanga agus scileanna abhcóideachta teanga le linn a gcuairte sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo glúin nua de laochra na Gaeilge a chur chun cinn i ngach cearn den tír,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais.
Níor tugadh le fios cé acu a mbeadh na daltaí a roghnaíodh le cur chuig coláiste samhraidh sa nGaeltacht nó an mbeadh tumoideachas de chineál eile le cur ar fáil. Dúradh go bhfuil sonraí an tionscnaimh fós á bhforbairt agus go roinnfear tuilleadh eolais in am trátha ach tá súil go gcuirfear tús le cur i bhfeidhm an chláir sa scoilbhliain 2027/28.
Fógraíodh go mbeidh buiséad €14.4 billiún ag an Roinn Oideachais agus Óige in 2027, an buiséad is mó riamh atá faighte ag an Roinn. Ba é an €1 milliún do Chlár Laochra Teanga na Gaeltachta an t-aon bheartas nua a raibh an Ghaeilge luaite go sonrach leis.
Tá €21 milliún de mhaoiniú breise le cur i dtreo forbairt curaclaim agus oiliúint múinteoirí mar chuid d’athfhorbairt na sraithe sinsearaí, curaclam na bunscoile agus oideachas Gaeltachta.
Dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton chomh maith go gcuirfí tacaíocht ar fáil do scoileanna atá ag iarraidh dul i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge.
Tá suim léirithe cheana féin ag os cionn deich mbunscoil timpeall na tíre ag athrú ina ngaelscoileanna.
Agus í ag labhairt ag preasócáid i rith na seachtaine, dúirt an tAire Naughton go raibh aiseolas ó bhunscoileanna le teacht ag deireadh na míosa seo mar chuid den suirbhé náisiúnta bunscoile.
“Beidh an t-aiseolas againn ansin maidir leo siúd atá ag iarraidh athrú ó bhunscoil mheán-Bhéarla go gaelscoil,” a dúirt an tAire. “Tabharfar tacaíocht dóibh mar chuid den athrú sin. B’fhéidir go mbeadh maoiniú ag teastáil uathu chun sin a dhéanamh agus déanfaidh muid é sin a éascú.”
Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais le beirt daltaí ó gach iarbhunscoil sa tír a chur chun na Gaeltachta'