Deir roinnt cainteoirí Gaeilge i mBéal Feirste gur ‘masla’ é “gadaíocht chultúrtha” a chur ina leith mar go mbaintear úsáid an bhfocal ‘Gaeltacht’ chun cur síos a dhéanamh ar cheantar in iarthar na cathrach.
Mhaígh an gníomhaí aitheanta Gaeltachta, Donncha Ó hÉallaithe an mhí seo caite gur “gadaíocht chultúrtha” é an teideal ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt ar an gceantar thart timpeall ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.
Dúirt Séimí Mac Aindreasa, atá ag obair le Raidió Fáilte, gur masla a bhí ansin ar an “an dea-obair” atá déanta ar son teanga sa cheantar “le breis agus caoga bliain”.
Dúirt Mac Aindreasa, go bhfuil sé “cineál maslach” a rá gur ‘gadaíocht chultúrtha’ “ar bhealach ar bith” é an focal Gaeltacht a úsáid in ainm an cheantair. Dúirt sé go bhfuil an pobal Gaelach in iarthar na cathrach “ag fás níos gaiste ná an mhórchuid de na pobail Ghaeilge ar an oileán seo”.
Colún a scríobh Ó hÉallaithe ar Tuairisc faoi comharthaí nua Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe a chuir tús leis an gconspóid faoi céard is Gaeltacht ann.
Dúirt Mac Aindreasa le Tuairisc go bhfuil “difear mór idir eastát tithíochta atá ar imeall chathair Gaillimhe ina bhfuil an mhórchuid de na daoine ag úsáid an Bhéarla agus ceantar cosúil leis an Cheathrú Ghaeltachta ina bhfuil obair “ar siúl achan uile lá leis an Ghaeilge a chur chun cinn”.
“D’aithin daoine anseo ins na hochtóidí na rudaí a bhí de dhíth le Gaelphobal a thógáil agus chuir siad i bhfeidhm iad. Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill agus daoine mar sin – d’aithin siad na rudaí a bhí de dhíth ar achan ghlúin le pobal a thógáil. Ní dóigh liom gur sin an rud atá ag tarlú ar imeall chathair na Gaillimhe.”
“Tá mé sásta leithscéal a ghabháil leis na daoine ins na heastáit tithíochta sin má tá mé mícheart, ach níl na daoine ins an eastát sin ag rá gur Gaeltacht iad, is duine éigin eile atá ag rá gur Gaeltacht iad agus tuigim go bhfuil Donncha buartha faoi rud éigin mar sin,” a dúirt sé.
Dúirt Ó hÉallaithe ina cholún a foilsíodh ar Tuairisc roinnt seachtainí ó shin gur “gadaíocht chultúrtha” a bhí i gceist leis na comharthaí nua a crochadh ar theorainneacha cheantair Ghaeltachta chathair na Gaillimhe le gairid agus gur “masla” a bhí iontu do mhuintir na gceantar oifigiúil Gaeltachta ina bhfuil an teanga fós láidir.
Ina dhiaidh sin, dúirt Ó hÉallaithe ar Raidió na Gaeltachta gur “gadaíocht chultúrtha” é chomh maith an teideal ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt ar an cheantar thart timpeall ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.
Deir Fionntán de Brún, Ollamh na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhaigh Nuad, arb as Béal Feirste ó dhúchas dó, go bhfuil an focal Gaeltacht mar atá sé “róscaoilte” mar théarma sa lá atá inniu ann agus nach ionann na ceantracha ar fad atá sa Ghaeltacht oifigiúil féin.
“Tuigeann muid uilig go bhfuil tú sa Ghaeltacht má tá tú ar Oileán Thoraí nó i Rann na Feirste nó ar an Cheathrú Rua. Tá a fhios agat gur sin an Ghaeltacht ach ansin tá an oiread sin ceantracha atá sa Ghaeltacht oifigiúil go gcaithfidh tú cainteoirí Gaeilge a chuartú, cineál.”
“Níl mé ag rá go bhfuil mórán de dhifear idir sin agus an rud atá siad a dhéanamh in oirthear na Gaillimhe nó i mBéal Feirste,” a dúirt sé le Tuairisc.
“Sílim go bhfuil sé iontach deacair sainmhíniú a thabhairt ar an Ghaeltacht san am i láthair gan daoine a mhaslú fosta agus tuigim go raibh Donncha [Ó hÉallaithe] ag iarraidh an Ghaeltacht stairiúil a chosaint agus stádas na Gaeltachta a chosaint.”
“Ach caithfidh an Ghaeltacht a bheith in ann fás fosta,” a dúirt sé.
Deir Séimí Mac Aindreasa nach bhfuil pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste ag iarraidh an “dallamullóg” a bhualadh ar dhuine ar bith agus go bhfuil siad ag iarraidh pobal Gaelach a thógáil sa Cheathrú Ghaeltachta.
Tuigeann sé go maith, a dúirt sé, nach bhfuil stádas oifigiúil Gaeltachta ag an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste den sórt atá leagtha amach ag na húdaráis ó dheas agus gur diúltaíodh d’iarratas a rinneadh leis an stádas sin a fháil blianta ó shin.
“Dúradh linn blianta ó shin nuair a d’iarr muid seo go raibh muid go bunúsach, ar an taobh mícheart den teorainn.”
“Achan duine a thagann anseo ó achan Ghaeltacht eile ins an tír, bíonn siad iontach spreagtha faoin mhéid a fheiceann siad. Ní bhíonn siad ag rá, ní Gaeltacht sibh go fírinneach.”
“Má tá an Ghaeilge ag fás áit ar bith agus má tá sí beo beathach agus ag labhairt idir na glúnta, sílim gur féidir a rá go bhfuil Gaeltacht ansin,” a dúirt sé.
Deir an tOllamh Fionntán de Brún gur dóigh leis nach “dochar ar bith é” do dhuine ar bith an Cheathrú Ghaeltachta a bhaisteadh ar an cheantar in iarthar Bhéal Feirste ach go mb’fhéidir go mb’fhearr ‘Nua-Ghaeltacht’ a thabhairt air.
“B’fhéidir gurbh fhearr an téarma Nua-Ghaeltacht a thabhairt air seachas go díreach ceathrú Ghaeltachta ach baineann an rud fá Cheathrú Ghaeltachta le pleanáil na cathrach féin agus go raibh siad ag iarraidh go mbeadh na ceathrúna seo ann.”
Dúirt Fionnghuala Nic Roibeaird, taighdeoir in Ollscoil na Banríona arb as Béal Feirste ó dhúchas di, go raibh an méid a bhí le rá ag Donncha Ó hÉallaithe faoin Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste “frithghníomhach” agus go bhfágann sé “drochbhlas” ina béal.
“An ghadaíocht chultúrtha a bheinn féin buartha fá dtaobh di ná an ghadaíocht chultúrtha a tharla nuair a goideadh an Ghaeilge uainn agus go ndearnadh iarracht í a mharú.”
“An rud atá muid ag iarraidh a dhéanamh ná athshealbhú agus athghabháil a dhéanamh ar an ghadaíocht sin,” a dúirt sí le Tuairisc.
Dúirt sí nach “iarsma” í an Ghaeilge nó fiú an Ghaeltacht ach gur ceantracha beo atá iontu agus go bhfuil an baol ann go bhfaighidh siad bás mura ndéantar iarracht “an sealbhú sin a dhéanamh”.
“Tuigim go bhfuil stádas oifigiúil ag ceantracha áirithe sna 26 contae chun tabhairt le fios gur Gaeltacht iad ach go teicniúil an rud atá ann ná áit ina labhraítear Gaeilge.
“Déanann sé ciall go dtugann muid an Cheathrú Ghaeltachta ar an phíosa sin d’iarthar Bhéal Feirste, áit a bhfuil an mheánscoil Ghaelach is mó sa tír ann, áit a bhfuil go leor gníomhaíochtaí Gaeilge ina labhraítear an Ghaeilge iontu agus áit a bhfuil go leor daoine ag tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith,” a dúirt Fionnghuala Nic Roibeaird.
Fág freagra ar '‘Má tá an Ghaeilge ag fás áit ar bith sílim gur féidir a rá go bhfuil Gaeltacht ansin’'