Is gearr go mbeidh Nuacht TG4 tríocha bliain ar an aer. Go maire an tseirbhís a nuacht féin agus a gaisce. Samhail eile de nuacht an lae a cuireadh chun cinn nuair a seoladh an tseirbhís, dlúthchuid de thacaíocht reachtúil RTÉ do TG4. Foireann dhíograiseach a choinnigh an misneach i gcaitheamh na mblianta agus tá an-ómós ag dul dóibh, idir iriseoirí agus chriú léiriúcháin, as seasamh lena gcúram laethúil.
Níorbh fhurasta sin a dhéanamh le scaitheamh blianta. Léirigh TG4 míshásamh leis an socrú le Nuacht RTÉ go fíochmhar féiltiúil nó gur ghéill an Coimisiún um Thodhchaí na Meán don stocaireacht. Mhol an Coimisiún (Iúil 2022) go mba cheart go mbeadh ‘smacht neamhspleách eagarthóireachta ag TG4 ar sheirbhís nuachta na heagraíochta’.
Measadh go gcinnteodh sin ‘iolracht níos fearr … maidir leis an gclúdach nuachta agus cuirfear ar chumas TG4 seirbhís fheabhsaithe a chur ar fáil dá lucht féachana’.
Ní minic cáineadh díreach agus indíreach a bheith in aon abairt amháin ach is deacair gan an mheabhair sin a bhaint as moladh úd an Choimisiúin. Tá an scéal ina bhrachán ó 2022. Mar sin féin, cuirfear tús le seirbhís dhigiteach nua go luath. Tugann Tuarascáil Bhliantúil 2025 TG4 le fios go bhforbrófar ‘suíomh gréasáin ar leith dó féin do Nuacht TG4, aschur ar na meáin shóisialta agus infheistíocht sa bhonneagar agus sa teicneolaíocht a bheidh ag teastáil don iriseoireacht dhigiteach atá scéal-lárnach.’
Ábhar dóchais a bheadh ann ar an ngnáthbhealach aon infheistíocht bhreise a bheith á déanamh san iriseoireacht. Ina dhiaidh sin féin, tagann roinnt ceisteanna chun cinn faoi chaiteachas poiblí, dúbláil soláthair agus ilroinnt acmhainní. Is comhlachtaí poiblí iad RTÉ agus TG4. Meáin seirbhíse poiblí iad. Cén fáth ar oibrigh TG4 chomh tréan sin in éadan na seirbhíse a bhí á cur ar fáil ag RTÉ? Céard iad na héilimh a bhí ag TG4 nár chomhlíon RTÉ agus cén fáth? Tuige nár éirigh leis an dá mheán phoiblí teacht ar shocrú céillí faoi seo fadó agus leis an discréid is dual don stuaim?
Bíonn iomaíocht áirithe riachtanach ach tá an caidreamh idir na comhlachtaí poiblí sa gcás seo breac le comharthaí sóirt na mífheidhmiúlachta. Bíonn an t-ábhar faoi chaibidil ag Bord TG4 go rialta. Ocht gcruinniú a bhí ag an gCoiste Nuacht agus Cúrsaí Reatha le linn 2025, an líon is mó cruinnithe d’aon fhochoiste boird de chuid TG4 anuraidh. I miontuairiscí boird ó mhí na Samhna 2025, deirtear go ndearnadh ‘plé mion ag an gCoiste ar neamhspleáchas eagarthóireachta agus pléadh malairt tuairimí’.
Is aisteach liom nach bhfuil aon trácht mór go dtí seo ar sheirbhís ‘scéal-lárnach’ eile, is é sin, an nuacht a chraoltar Domhnach is dálach ar Raidió na Gaeltachta. Idir Adhmhaidin, na cláir réigiúnacha irise agus na feasacháin áitiúla go léir, is gnách go mbíonn ar a laghad 25-30 scéal bunúil craolta ar an Raidió ón uile cheantar Gaeltachta faoi am lóin. Bíonn míreanna cuimsitheacha spóirt ann ó mhaidin go tráthnóna freisin. Cuirtear leis an ábhar go mbíonn feasachán cuimsitheach náisiúnta agus Gaeltachta ar fáil de nuacht an lae faoi 1800 gach lá den bhliain.
Glacaim leis go bhfuil na seanphatrúin éisteachta réabtha ó bhonn agus nach seirbhís théacsbhunaithe é go dtí seo. Ní hé nach bhféadfadh an Raidió bior a chur ar chuid den chlúdach a dhéantar ar phobal na Gaeilge go náisiúnta ach oiread. Ach i dtéarmaí eagarthóireachta, ní féidir le seirbhís dhigiteach nua sruth faisnéise agus cóipe den scála thuas a shárú – ná oilteacht agus líofacht na n-iriseoirí shílfeá – mura dtéitear go domhain i gcostas.
Tuairiscíodh cheana anseo gur €3.3 milliún atá á lorg ag TG4 mar infheistíocht i gcúrsaí nuachta in 2027.
Bheadh €1.9 milliún den mhaoiniú úd le caitheamh ar uasghrádú an stiúideo nuachta i mBaile na hAbhann. Sprioc eile a luaitear leis an tseirbhís nua sa Tuarascáil Bhliantúil ná ‘dílseacht don bhranda’.
Cuirtear i mbéal bhainistíocht TG4 go mba mhaith leo é dá mbeadh an tseirbhís dhigiteach mar chéad rogha ag pobal na Gaeilge ó thaobh nuachta de, go fiú má bhaintear greim as béal an Raidió. Anois tuigim riachtanas físe. Molaim uaillmhian. Ach cuireann sprioc mar sin masmas orm.
Má d’fheidhmigh meáin phoiblí na Gaeilge ina bpoblachtaí beaga go dtí seo, tá uair an chomhair tagtha. Má fhéachtar le tús áite a thabhairt do leas branda seachas leas an phobail éisteachta trí chéile, cliseadh eagarthóireachta agus ceannaireachta a bheidh ann.
Múineann an stair dúinn go mba cheart a bheith san airdeall ar chlaonta impiriúla gan trácht ar impireachtaí a thógtar le maoiniú poiblí.
Fág freagra ar 'Seachain go dtabharfadh TG4 tús áite do bhranda seachas do leas an phobail éisteachta'