Léiríonn an phobalbhreith is deireanaí maidir le hathaontú na tíre nach bhfuil an Taoiseach Micheál Martin ar aon intinn beag ná mór leis an bpobal i leith na n-iarrachtaí le reifreann faoin teorainn a reáchtáil.
Tá sé léirithe go seasta go bhfuil os cionn 60% de vótálaithe an Deiscirt i bhfabhar Éire Aontaithe, agus léiríonn an phobalbhreith Ipsos is déanaí a foilsíodh san Irish Times go bhfuil 68% ag iarraidh go gcuirfí tús leis na hullmhúcháin anois do reifreann teorann, agus go bhfuil 57% ag iarraidh go dtarlódh sé sin taobh istigh de dheich mbliana.
Tagann an tuairim sin salach glan ar dhearcadh an Taoisigh, a deir go mbíonn sé le ceangal nuair a chloiseann sé baill dá pháirtí ag caint faoi reifreann faoin teorainn.
Mar mhalairt air sin, molann an Taoiseach go ndíreoimis ar a thionscnamh Oileán Comhroinnte faoina bhfuil an rialtas ag iarraidh comhthionscadail a mhaoiniú leis an Tuaisceart.
Cuireann lucht critice in iúl, áfach, nach bhfuil aon chontrárthacht idir an dá chur chuige: gur céim ullmhúcháin é an tOileán Comhroinnte i dtreo an reifrinn teorann agus nár cheart féachaint air mar mhalairt ar reifreann.
Ceapaim go léiríonn diúltú fíochmhar an Taoisigh don chaint faoi reifreann teorann seasamh a bhfuil an chuma air go gcreidtear nach féidir dul ar aghaidh le haontú na hÉireann ach amháin nuair a vótálfaidh 50% d’Aontachtóirí ar a son, is é sin go bhfuil cosc nó cros éifeachtach ag aontachtóirí ar an gceist ar fad.
Gan trácht ar an bhfíric nach bhfuil aon duine ag argóint gur cheart go mbeadh aon chros ag náisiúnaithe an Tuaiscirt – agus go dtagann sé sin salach ar a bhfuil leagtha síos i gComhaontú Aoine an Chéasta – ciallaíonn an seasamh seo nach dtarlódh aontacht na hÉireann go deo.
Labhraíonn an Taoiseach faoi athmhuintearas mar réamhchéim don aontacht, cé nach bhfuil aon choinníoll den sórt sin i gComhaontú Aoine an Chéasta. Is ionann é seo agus tréigean na hiarrachta chun Éire Aontaithe a bhaint amach.
De réir na bpobalbhreitheanna, ní aontaíonn formhór an phobail le dearcadh seo an Taoisigh.
Ach céard faoi Fhianna Fáil?
In alt spéisiúil san iris Irish Border Poll deir iar-ambasadóir na hÉireann chuig Ceanada, Ray Bassett, go bhfuil sé “deacair aon nasc atá ag páirtí nua-aimseartha Fhianna Fáil faoi Mhicheál Martin, leis an ngrúpa a bhunaigh an páirtí, a aithint.
“Ba é an rud a rinne Fianna Fáil a bhí difriúil,” a deir sé, “ná a thiomantas don Phoblachtánachas agus don aontacht náisiúnta. Ba é Fianna Fáil an páirtí ceannasach i gceantair na haicme oibre.
“Inniu, tá an páirtí tar éis a chroí-Phoblachtánachas a thréigean. Tá a cheannaire reatha, i ndáiríre, tar éis cúlú ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, a rinne iadsan a bhí ina gceannairí ar an bpáirtí roimhe seo, Bertie Ahern, go mórmhór, an idirbheartaíocht ar a shon. Cuireann Martin i gcoinne phríomhphrionsabal lárnach den Chomhaontú.”
Is cosúil go n-aontaíonn cuid mhaith de pháirtí Fhianna Fáil leis an mbreithiúnas sin, ach, go dtí seo ar aon chuma, ní léir go bhfuil an páirtí ar tí aon rud a dhéanamh faoi. Nach ait ar fad é go bhfuil Fine Gael anois níos láidre ar son Aontacht na hÉireann ná Fianna Fáil faoi cheannas Mhicheál Martin?
Tá míshástacht ann, cinnte, go háirithe i measc Theachtaí Dála óga de chuid an pháirtí ar nós James O’Connor, Ryan O’Meara agus Albert Dolan. Ach is cosúil go bhfuil lucht cáinte Martin ag súil go n-imeoidh sé leis gan troid. Ní dóigh liomsa go bhfuil sé ar intinn ag Martin é sin a dhéanamh.
Bhí a lán cainte ann gur chóir ligean dó fanacht ina Thaoiseach go dtí deireadh a thréimhse ag deireadh na bliana seo, nuair a thiocfaidh deireadh freisin le huachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.
Ach má dhiúltaíonn sé imeacht go ciúin beidh troid ag teastáil.
Sé Jim O’Callaghan is mó a luaitear mar chomharba air do cheannaireacht Fhianna Fáil agus fear é sin freisin a bhfuil ráite aige go bhfuil sé riachtanach go dtosóimid ar an ullmhúchán don reifreann teorann is d’aontacht na hÉireann.
Ach má éiríonn le Martin fanacht i gceannas ceapaim go gcaillfidh Fianna Fáil tacaíocht go tréan agus polasaí acu nach dtacaíonn a gcuid vótóirí leis.
Sé mo thuairim féin go bhfuil an-chuid de ghnáthbhaill Fhianna Fáil an-mhíshásta faoi sheasamh an pháirtí faoi láthair, ach an mbeidh sé de mhisneach ag aon duine dúshlán ceannaireachta a fhógairt?
Tá buíon bheag ann, cinnte – i mbruachbhailte cluthair oirdheisceart Bhaile Átha Cliath – nach dteastaíonn aontacht uathu, cuid díobh toisc nach dteastaíonn uathu scoilteanna an Tuaiscirt a thabhairt ó dheas, agus cuid eile díobh toisc nach dteastaíonn uathu solamar an cheannais a roinnt leis an meánaicme ó thuaidh.
Ach is mionlach iad siúd, agus is mó a chaillfidh Fianna Fáil má éisteann siad leosan námá fhilleann siad ar a gcuid fréamhacha.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘Níl dearcadh an Taoisigh faoi reifreann teorann ag teacht le meon an phobail,’ tuairisc.ie, Dé Luain, Deireadh Fómhair 5, 2026.
Is léir ar alt Eoin Uí Mhurchú gurb é meon phobal na Sé Chontae Fichead atá i gceist aigesean le ‘meon an phobail’, maidir le Reifreann ar ‘athaontú’ na tíre de. Ní éireodh lena leithéid sin de Reifreann i láthair na huaire lastuaidh den Teorainn, agus is léir ar an achrann is déanaí ar Bhóthar Gharbhachaidh gur fada go n–éireodh leis. Tá céatadán cuibheasach mór de ‘Chaitlicigh’ na Sé Chontae a bhfuil glactha acu leis an stáitín Breataineach thuaidh, agus nár mhaith leo ceangal le Stát na Sé Chontae Fichead. Is léir ar fhilí ar nós Sheamuis Heaney, agus Sheamuis Deane, nárbh í Éire na 32 Chontae a dtírsean, dar leo féin, ach domhan mór an Bhéarla. Páirtí na Comhghuaillíochta thuaidh, tá cuid mhór de ‘Chaitlicigh’ an stáitín sin ag tacú leis, agus iad sásta go maith leis mar stáitín.
Chuir Náisiúnaithe na hÉireann suas le 200 bliain amú le haisling Éire na 32 Chontae. Dá mba chríochdheighilt chóir a mholfadh Coimisiún na Teorann sa bhliain 1925, bheadh síocháin ó shin ar fud Éireann, thuaidh agus theas. Ach is réiteach an–éagórach ar phobal Caitliceach Náisiúnaíoch na Sé Chontae, ba ea réiteach 1925. Bhí Conor Cruise O’Brien agus Gearóid Mac Ádhaimh ar aon fhocal air sin. Mura ndéanfar athrú ar bith ar an socrú atá i réim, déanfar comhshamhlú iomlán ar phobal Caitliceach Náisiúnaíoch na 6 Chontae sula i bhfad. Tá an Bhreatain Mhór ag titim as a chéile mar Stát, agus ní fada go mbeidh pobal Aontachtaíoch Breataineach an Taoibh Thoir Thuaidh, gan Mhurchadh gan Mhánas. Sin é a gcúram.
An bhfuil leigheas ar bith ar scéal an phobail Chaitlicigh Náisiúnaíoch? Tá seans go n–éireodh leis an réiteach seo a leanas: an saghas ceart Reifrinn a eagrú sna 6 Thoghlach ar feadh na Teorann, agus i dtrí cinn de Thoghlaigh Bhéal Feirste: Béal Feirste Thuaidh; Béal Feirste Thiar; agus Béal Feirste Theas agus Lár an Dúin. Is é rud atá i gceist agamsa leis ‘an saghas ceart Reifrinn’, réamh–Reifreann a bheith ar dtús ann, d’fhonn a fháil amach an dteastaíonn ó bhreis is 50% de na vótálaithe cláraithe, Toghlach ar Thoghlach, ceist an aontaithe le Stát na 26 Chontae, a chur ar Reifreann. Dá n–éireodh leis an réamh–Reifreann, Reifreann a eagrú ansin sna 9 dToghlach réamhráite i dtaobh a n–aontaithe, Toghlach ar Thoghlach, le Stát na 26 Chontae –– ach Reifreann ina gcaithfeadh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe vótáil TÁ ar son aontú le Stát na 26 Chontae.
Chuirfeadh socrú den saghas sin éagóir an tsocraithe sa bhliain 1925 ar ceal. Dá mbeadh fonn ar cheann ar bith de na 9 dToghlach eile thuaidh córas Reifrinn den saghas sin a chur ar bun ina dToghlach féin, a chead sin a bheith acu.
Mura n–éireodh leis an gcur chuige sin, cuid shuaithinseach de Thoghlaigh na Sé Chontae a aontú le Stát na 26 Chontae, níorbh fhiú dúinn leanúint orainn go deo de bheith ag cur ár gcuid ama amú ag iarraidh Éire a ‘athaontú’. Tar éis an tsaoil, ní Síónaigh iad Náisiúnaithe na hÉireann, ach daoine réasúnta tuisceanacha!