Inniu a fhógrófar Buiséad 2027 agus caint ann go mbeidh an ceann seo ar an mBuiséad is gortaí a facthas le tamall blianta agus nach bhfaighidh go leor de na ranna rialtais ach leath den ardú a bhí á éileamh acu.
Tuairiscítear teannas a bheith idir an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, agus a chomhghleacaithe rialtais agus roinnt de na cruinnithe buiséid gangaideach teasaí.
De réir tuairisc amháin, bhí Patrick O’Donovan, an tAire Cultúir agus Meán atá freagrach as maoiniú TG4, chomh corraithe sin gur shiúil sé amach as cruinniú le Jack Chambers mar gur eitíodh é faoin gcuid is mó dá chuid éileamh.
Tá an tAire Chambers ag cloí le cinneadh rialtais na harduithe ar chaiteachas a choinneáil ag 6% agus gan aon athrú a theacht ar chaiteachas i roinnt de na ranna rialtais.
Ag an deireadh seachtaine dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “an leibhéal seirbhíse [sa tír] níos airde” de bharr na mbuiséad méadaithe a bhí againn le linn thréimhse na paindéime Covid-19. Luaigh sé mar shampla an Roinn Coimirce Sóisialaí a dteastaíonn billiún euro uaithi díreach “le feidhmiú mar atá”.
Is beag seans atá ag forais agus áisíneachtaí fostáit maoiniú breise a fháil sa mbuiséad seo, caint a chuirfeas imní ar leithéidí Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
Ní raibh ioncam an stáit ó chánacha chomh flaithiúil riamh ach is dúshlán ollmhór go háirithe na harduithe ar chostas fuinnimh agus ar earraí grósaera agus tís.
Is í mian an rialtais an buiséad seo a dhíol mar cheann a laghdóidh an brú ar líonta tí agus ar theaghlaigh de réir mar a théann an ghéarchéim fuinnimh in olcas.
Síor-ardú ar chostas fuinnimh an bhró mhuilinn is mó faoi mhuineál an rialtais agus an buiséad seo á réiteach.
Níl de rogha ag an rialtas, dar leis, ach athmhachnamh a dhéanamh ar a chur chuige i leith caiteachais agus cánacha fad is atá an t-achrann sa Mheánoirthear agus sna bealaí loingseoireachta ansin gan réiteach.
Cuirfear breis is billiún euro ar fáil i bpacáiste costas maireachtála i mBuiséad 2027, a bhuíochas don laghdú ar cháin charbóin agus gan deireadh a chur leis an bhfaoiseamh ar dhleachtanna máil go ceann tamaill eile.
Thart ar €7 billiún an caiteachas ar fad a bheidh sa mbuiséad seo, rud a fhágann gur €125.5 an t-uasmhéid caiteachais in 2027.
Beidh €1.5 billiún sa bpacáiste cánach ach cuirfidh an laghdú ar an gcáin charbóin agus an síneadh leis an bhfaoiseamh ar dhleachtanna máil biseach air sin.
Tá caint go leor ann go bhfógrófar laghdú ar an gcáin charbóin ar ghás agus ola théite tithe sa mbuiséad seo agus go mb’fhéidir go bhfágfaí an laghdú sin i bhfeidhm chúns a sheasfaidh an rialtas seo.
Meastar go bhfógrófar nach bhfaighfear réidh leis an laghdú ar dhleacht máil ar pheitreal agus díosal go mbeidh sé ina earrach.
Cuirfear ardú €2,000 ar an ioncam a chaithfeas a bheith ag duine le bheith ag íoc sa mbanda cánach is airde. €46,000 an t-ioncam bliana sin anois.
Táthar ag tuar go n-ardófar an t-íosphá 79 cent agus gur €14.94 san uair a bheidh i gceist ó mhí Eanáir ach cloistear go bhfuil an gealltanas go mbeadh pá maireachtála i bhfeidhm sa tír seo faoi 2029 curtha ar atráth.
Táthar ag súil go mbeidh €10 d’ardú ar an bpinsean stáit agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile.
Cuid de na bearta eile a bhfuil trácht orthu is ea íocaíocht costas míchumais €400 agus cárta cultúir a fhorbairt do dhéagóirí 16 agus 17 bliain d’aois arbh fhiú €100 é.
Inniu freisin a fhógrófar an tairseach saor ó cháin a bheidh i gceist leis na cuntais nua choigiltis agus infheistíochta.
Tá €150 milliún le fáil ag an gCiste Náisiúnta Oiliúna chun uasoiliúint a chur ar fhostaithe agus gnóthaí le déileáil leis an mborradh atá faoin Intleacht Shaorga.
Fág freagra ar 'BUISÉAD 2027: Buiséad níos gortaí á thuar, costas fuinnimh an bhró mhuilinn is mó faoi mhuineál an rialtais'