Muide atá ciallmhar, sibhse atá craiceáilte – páirtithe SAM ag prapáil do na toghcháin

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil údar imní ag na Poblachtaigh agus go bhfuil an baol ann go gcaillfidh siad smacht ar thithe na Comhdhála ag tús na míosa seo chugainn

Muide atá ciallmhar, sibhse atá craiceáilte – páirtithe SAM ag prapáil do na toghcháin

Ciallmhar nó craiceáilte? Sin an rogha atá curtha i láthair phobal na Stát Aontaithe mar rogha sna toghcháin lár téarma an mhí seo chugainn. Cé atá ciallmhar? Agus cé atá craiceáilte? Ag brath ar cé mhéad den anailís ar pholaitíocht na Stát Aontaithe a chreideann tú is beag nach ndéarfadh gurb é an Teach Bán agus an tUachtarán atá in oifig faoi láthair atá craiceáilte. Creid nó ná creid is é an Leas-Uachtarán JD Vance a deir gurb iad na Daonlathaigh atá craiceáilte agus go gcaithfear fanacht le ciall na bPoblachtach ar mhaithe le leas na tíre sna toghcháin lár téarma.

Tá na Poblachtaigh ciallmhar agus na Daonlathaigh craiceáilte, a deir siadsan. Tá siad ag díriú ar pholasaithe sóisialacha, cumannacha seachas leas na Stát Aontaithe. Tá an díospóireacht in go leor de na stáit is fíochmhaire ina bhfuil an choimhlint gafa le cead imeartha do pháirtí trasinscneach i gcluichí scoile. Sí fírinne an scéil go bhfuil Vance agus a chomhluadar ag tarraingt airde ar na ceisteanna sin mar gur beag gaisce atá le déanamh acu féin as an mbealach a bhfuil na ceisteanna is íogaire sa bhfeachtas seo á láimhseáil acu.

Tá tacaíocht an Uachtaráin Trump ag an leibhéal is ísle dá raibh ag uachtarán ar bith le fada an lá. Tá an pobal oibrithe faoi chostais mhaireachtála agus costais bhreosla. Níl siad sásta leis an gcogadh san Iaráin agus níl muinín acu as Trump nuair a deir sé go ndéanfar réiteach i gcogadh na murascaille tar éis na dtoghchán lár téarma. Ní mó ná sásta atá daoine leis an ngeallúint go mbeidh $5,000 ar fáil dóibh má bhuann na Poblachtaigh agus má ligeann siad orthu féin gur le Donald Trump a bheidh siad ag tacú.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil údar imní ag Vance agus go bhfuil an baol ann go gcaillfidh a pháirtí smacht ar thithe na Comhdhála ag tús na míosa seo chugainn. Tá áiteanna a bhíodh ina ndúnáras ag na Poblachtaigh ar nós Texas, Michigan, Iowa agus Alaska idir dhá cheann na meá agus seans go n-éireoidh leis na Daonlathaigh suíocháin bhreise Comhdhála agus Seanaid a thabhairt leo.

An baol atá ann as seo go ceann míosa nach mbeidh na Daonlathaigh in ann teacht i dtír ar fhearg agus míshásamh an phobail. Má fhreagraíonn siad ionsaithe na bPoblachtach go bhfuil siad craiceáilte agus gan chiall tarraingeoidh siad aird ar na líomhaintí agus déanfaidh siad dochar dóibh féin.

Tá rún ag Trump a bheith ag freastal ar shlógaí sna stáit chinniúnacha agus is féidir a bheith cinnte go mbeidh sé diongbháilte faoin gciall a bhaineann lena bhfuil ag a pháirtí agus ag impí ar an bpobal leanacht lena dtacaíocht dó féin go pearsanta. B’fhéidir gurb é sin an uirlis is fearr le hiad siúd atá idir dhá cheann na meá a mhealladh – cén duine ciallmhar nach mbeadh claonadh iontu vótáil do na Daonlathaigh ar chloisteáil dóibh faoi shuáilcí an Tí Bháin faoi láthair?

Fág freagra ar 'Muide atá ciallmhar, sibhse atá craiceáilte – páirtithe SAM ag prapáil do na toghcháin'