Fógrófar Buiséad 2027 Dé Máirt agus cuirfear na billiúin euro ar fáil le haghaidh íocaíochtaí tacaíochta breosla agus laghduithe cánach, ach ní chuirfear deireadh le go leor de na fadhbanna atá ann faoi láthair ná leis an gcostas ard a bhaineann leo, a deir Michelle Murphy ó Cheartas Sóisialta Éireann.
Dar léi, ceann de na fadhbanna is mó a bhainfidh leis an mbuiséad ná an dochar a dhéanfaidh sé don phleanáil fhadtéarmach.
“Is údar mór díomá é go mbíonn an iomarca den phlé dírithe ar chúrsaí gearrthéarmacha, mar shampla dleachtanna máil a laghdú.
“Is é costas an fhuinnimh atá ag brú an chostais in airde ar beagnach gach rud eile. Ba cheart smacht a fháil air le hinfheistíocht i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus an fuinneamh sin a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Laghdódh sé sin costas an fhuinnimh agus na costais i gcoitinne.
“Baineann an rud céanna le cúrsaí iompair. Ba cheart na deontais do charranna leictreacha a dhíriú ar theaghlaigh na tuaithe, mar go mbeidh roinnt blianta ann fós sula mbeidh córas iompair phoiblí cuí ar fáil i gceantair thuaithe.
“Ina áit sin, áfach, táimid ag cur fóirdheontais ar fáil do na feithiclí sin i gceantair ina bhfuil iompar poiblí ar fáil cheana féin. Agus is daoine a bhfuil ioncam níos airde acu is mó a bhaineann tairbhe as laghduithe ar dhleacht díosail agus peitril, toisc go mbíonn gluaisteáin níos mó agus innill níos cumhachtaí acu.”
Beidh pacáiste cánach ar fiú €1.5 billiún é sa bhuiséad agus tá sé ráite ag an Aire Airgeadais, Simon Harris, go mb’fhearr leis go dtosódh an ráta is airde cáin ioncaim, 40%, ag €46,000 seachas ag €44,000. An smaoineamh maith é sin?
Deir Michelle Murphy go bhfuil thart ar 1.9 milliún duine atá ag íoc cáin ioncaim ag saothrú thart ar €44,000 nó níos lú sa bhliain agus nach mbainfidís aon leas as plean Harris.
“Ní mór do na hAirí cabhrú leis an oiread daoine agus is féidir, agus is é an bealach is cothroime chun é sin a dhéanamh ná an dá chreidmheas cánach pearsanta a mhéadú,” a deir sí. “Má mhéadaítear na bandaí ina ionad sin, téann formhór den tairbhe chuig daoine ar ioncam níos airde agus méadaíonn an éagothroime idir daoine ar ioncam ard agus daoine ar ioncam íseal.”
Táthar ag súil go n-ardófar an liúntas breosla €5 sa tseachtain agus go mairfidh an laghdú “sealadach” ar dhíosal agus ar pheitreal. Tá caint ann go gcuirfear an cháin charbóin ar fionraí nó go bhféadfaí í a laghdú.
“Ba é cuspóir na cánach carbóin athrú iompraíochta a spreagadh, agus táthar ag súil go n-úsáidfí an t-airgead a bhailítear uaithi chun íoc as an liúntas breosla, as scéimeanna athchóirithe fuinnimh agus as réimse leathan beart eile.
“Má chuirtear moill uirthi nó má laghdaítear í, cad as a dtiocfaidh an t-airgead? Níor cheart dó teacht ó na hioncaim neamhghnácha ó cháin chorparáide. Ba cheart an t-airgead sin a infheistiú inár mbonneagar.”
Tugann sí foláireamh freisin. “Tá spriocanna Eorpacha againn maidir lenár gcuspóirí aeráide. Gearrfar fíneálacha orainn mura mbainimid amach iad. Táimid ag méadú na bhfóirdheontas do thionscal atá thar a bheith truaillitheach. Mar sin, is cosúil go bhfuil an dá bheartas sin ag teacht salach ar a chéile.”
Tá imní ann freisin faoi chostas na dtacaíochtaí le costas breosla.
“Chosnódh an síneadh go dtí mí na Samhna €400 milliún. Mar sin, d’fhéadfá idir €600 milliún agus €800 milliún eile a chur leis sin. D’fhéadfadh costas suas le €1.2 billiún a bheith i gceist. Ní dóigh liom gur láimhseáladh an cheist seo mar ba cheart.”
Bhíothas ag súil le méadú €10 do phinsinéirí, do dhaoine faoi mhíchumas, do chúramóirí, do dhaoine atá ag cuardach poist agus do thuismitheoirí aonair, ach thug tuairiscí sna meáin le fios nach mbeidh sa mhéadú ach €7.50 mar gheall ar chostas na dtacaíochtaí breosla.
Tá Ceartas Sóisialta Éireann ag éileamh an ráta a nascadh le 27.5% den mheántuilleamh seachtainiúil. B’ionann sin agus thart ar €279 sa tseachtain do shochar dífhostaíochta. Chun an leibhéal sin a bhaint amach thar dhá Bhuiséad, bheadh gá le hardú €15 i mbliana agus €10 eile i mBuiséad 2028.
Dá ndéanfaí na híocaíochtaí leasa shóisialaigh a innéacsú bheadh a fhios ag an Rialtas cén costas a bheadh ann sna blianta amach romhainn. Dhéanfadh sé sin an phleanáil fhadtéarmach níos fusa agus laghdódh sé an gá atá le híocaíochtaí aon uaire, a deir Michelle Murphy.
Tá an Taoiseach, Micheál Martin, agus an Tánaiste, Simon Harris, ar aon intinn faoi chreidmheasanna cánach don chíos a mhéadú. An smaoineamh maith é sin?
“Is chuig teaghlaigh mheánioncaim agus ardioncaim a chuaigh formhór na tairbhe go dtí seo, toisc go mbíonn dliteanais chánach níos airde orthu. Mar sin, ba cheart an creidmheas cánach a dhéanamh inaisíoctha ionas go gcuideodh sé le daoine ar ioncam íseal freisin.”
Tá méadú 140% tagtha ar líon na ndaoine gan dídean.
“Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas 12,000 aonad tithíochta sóisialta sa bhliain a sholáthar, ach measaimid gur cheart an figiúr sin a ardú go 20,000 aonad. Chun é sin a bhaint amach, bheadh €2 bhilliún breise d’infheistíocht chaipitil ag teastáil, agus ba cheart an t-airgead sin a fháil ó na hioncaim neamhghnácha ón cháin chorparáide a luaigh mé níos luaithe.”
Tá gealltanais sa Chlár Rialtais chun costas cúraim leanaí a laghdú de réir a chéile go €200 sa mhí in aghaidh an linbh thar théarma an Rialtais. Deir Murphy go bhfuil fadhb níos mó ná sin ann.
“Tá plean ag teastáil chun córas nó seirbhís cúram leanaí a chur ar fáil, agus ní cosúil go bhfuilimid in aon ghaobhar dó ar chor ar bith faoi láthair.”
Is beag trácht atá déanta go dtí seo ar an dá roinn mhóra chaiteachais, cé go mbeidh acmhainní breise ag teastáil uathu de réir mar a mhéadaíonn an daonra. Dar le Murphy, is léiriú é sin ar an easpa pleanála fadtéarmaí.
Bhí róchaiteachas sa chóras oideachais anuraidh agus tá róchaiteachas sa chóras sláinte le roinnt blianta anuas. Cuireann sé sin brú breise ar na ranna an bhliain dár gcionn agus cuireann sé isteach ar phleanáil fhadtéarmach.
“Tá buiséad na Roinne Oideachais bunaithe ar réamh-mheastacháin daonra agus ar líon na ndaltaí, má tá na figiúirí mícheart, caithfear féachaint ar an chaoi a ríomhtar iad.”
Is amhlaidh atá maidir le caiteachas sláinte. Ní mór di [Roinn Sláinte] róchaiteachas na bliana seo caite a bhaint as an mbuiséad atá leithdháilte uirthi. Mar sin féin tá an daonra ag méadú agus ag dul in aois agus cuirfear brú níos mó ar an tseirbhís sláinte.
“Faoi láthair, tá ceathrar in aois oibre ann do gach duine níos sine, ach i gceann níos lú ná fiche bliain ní bheidh ach beirt in aois oibre ann,” a deir sí.
Tá gá, dar léi, le pleanáil fhadtéarmach seachas bearta gearrthéarmacha.
Is Anailísí Taighde agus Beartais í Michelle Murphy le Ceartas Sóisialta Éireann
Fág freagra ar '‘Tá gá le pleanáil fhadtéarmach seachas bearta gearrthéarmacha’'