Scaip an ‘builcín’ de léim le teann an fhuadair a bhí faoi. Fear acu, cuireadh amach an doras dúnta é de sciotán agus níor éirigh leis stiúir a fháil ar a chosa nó gur leagadh béal faoi é i ngarraí na neantóg ar chúl an tí. Bhíodh m’uncail Cóilín ag rá ‘gur speireadh agus gur scóladh é, ó chluas go drioball’.
Nárbh iontach an spraoi é.
Damhsa, nó ‘time’ mar a thugtaí orthu i dteach den bhaile sna blianta i bhfad siar. Ba é an ‘builcín’ an sméar mhullaigh ar Ionsaí na hInse, nó an Chaidhp nó pé ar bith leithscéal a bheadh ann ag ceathrar éigean le racht ‘damhsa’ a chur díobh. D’fháisceadh ceathrar na lámha timpeall a chéile agus ní bheadh fanacht acu le torann a gcos, agus gan a fhios acu cén spéir ba gaire dóibh. Timpeall ar luas na gaoithe, nó scaití, go gcaillfeadh duine éigin a ghreim.
Ar an gcaoi sin a cuireadh méit m’uncail amach an doras dúnta.
Seachas scóladh na neantóg, ní móide go ndearnadh aon dochar dó ach is cinnte gur gortaíodh daoine ar an gceird seo. Ach bhí chuile dhuine óg, no óigeanta ina gcroíthe.
Is beag deis ‘builcín’ a bheidh ann feasta.
Faoin tráth seo bliana a chuirtear isteach na hiarratais ar cheadúnais damhsa poiblí na bliana. Cuirtear iad faoi bhráid na Cúirte Dúiche i mí Mheán an Fhómhair, ach caitear fógra poiblí a chur san nuachtán áitiúil roimhe sin. Shamhlóinn gurb é macasamhail Chonamara é i nGaeltachtaí eile i mbliana. Tá fógraí a bhaineann le hóstáin, go háirithe, sna nuachtáin áitiúla i nGaillimh le feiceáil ach is ar éigean go bhfuil oiread agus iarratas amháin a bhaineann le hallaí, ná mórán áit ar bith eile, i gConamara. Slán leis an ‘mbuilcín’.
Ar na sagairt an milleán, a dúradh, maidir leis an gcosc ar ‘timeanna’ tithe. Bhíodh aithinní á mbaint as urláir go dtí 1935. Bhuail imní mhór an chléir. Chuireadar an ruaig ar dhaoine a bhí ag damhsaí na gcrosbhóithre agus na dtithe. Chluininn caint ar ruathar a thug an sagart pobail faoi theach ‘time’ thart anseo. Rinneadh críonach den mhileoidean agus tugadh ciceanna do dhuine ar bith nach raibh an doras dúnta tugtha leis aige, go pras. Bhí scéal ann faoi bheirt chailíní a chuaigh trasna na ngarrantaí le teann scéine ó láthair an léigir. Nuair a chuadar isteach i dteach den bhaile bhí an oiread de chreathnú curtha iontu agus go rabhadar ag iarraidh a dhul suas an simléar ar fhaitíos go dtiocfadh an sagart ina ndiaidh.
Imní a bhí ar an gcléir a dúradh go raibh fir óga agus cailíní ag déanamh an iomarca teanntáis ar a chéile, ar chuile bhealach. Tá inseacht eile ar an scéal agus sin gur ceist airgid a bhí ann; bhíothas ag iarraidh gur ag na sagairt – ciste an pharóiste – a bheadh an tsóinseáil. B’fhéidir nach raibh ann ach sé pingine (bhí áit atá ina scioból anois gar dom féin a mbaintí an réal amach ann) ach b’fhiú é sin féin a chruinniú. Ach chuir Acht na Hallaí Damhsa 1935 deireadh leis sin.
Bhíodh plódú sna hallaí damhsa agus baineadh barr feabhais amach sna 1960idí in aimsir na Showbands. Bhí gaisce ag fear i gConamara go raibh sé ag damhsaí ocht n-oíche dhéag as a chéile gan cos a leagan taobh thoir den Teach Dóite. Aimsir ollphubaill damhsa a bhí ann (na marquees) chomh maith leis na hallaí. Ach tá an taoille sin tráite.
Tuige?
Tá rialacha sábháilteachta agus slándála an-ghéar agus tá cúrsaí árachais go mór i gceist. Ní féidir locht a fháil ar shábháilteacht, ach tá freagracht ag baint leis. Tá costas ceoil ann agus caithfidh beirt atá oilte ar chúrsaí slándála a bheith i láthair – bean agus fear. Mura mbíonn na coinníollacha seo coinnithe, ní ghlacann na comhlachtaí árachais le dliteanas.
Creidtear go forleathan nach fiú damhsaí a eagrú, ó thaobh airgid de, murar ionad mór ar nós óstáin é. Mar atá an saol anois freisin, táthar san airdeall i measc coistí agus comhlachtaí pobail, maidir le haon ionsaí nó líomhaintí de chineál ar bith ag damhsa. D’athraigh an saol.
‘Builcín eile’ a deir an lad a scóladh sna neantóga fadó.
Fág freagra ar 'Slán leis an ‘mbuilcín’, is beag leithscéal atá anois ann le racht ‘damhsa’ a chur díot'