Níl laincis ar bith curtha ag ceannaire a pháirtí ar Robbie Butler mar Aire Sláinte Stormont. Sin é a deir an t-aire nua. Níl cúis ag éinne a cheapadh go bhfuil an t-aire nua spárálach leis an bhfírinne; tá meas ag comhghleacaithe air mar fhear díreach, ionraic.
An mar sin a bheas áfach? Jon Burrows, ceannaire an UUP gan ‘líne dhearg’ ar bith don aire nua? B’éigean Butler a cheapadh nuair a d’éirigh Mike Nesbitt as an aireacht toisc gur bhain Burrows an bonn dá údarás gan oiread is leide a thabhairt dó. Fuair Nesbitt amach ó na meáin chumarsáide go raibh gné lárnach de pholasaí a roinne ‘do-ghlactha’ ag Burrows nuair a theann sí lena thoghcheantar féin.
Beidh Burrows, a comhthoghadh mar Theachta Tionóil an t-am seo anuraidh, ina fhear ionaid ar fhear ionaid eile, ag seasamh san toghchán in Aontroim Thuaidh sa Bhealtaine seo chugainn, an chéad uair aige ina iarrthóir i dtoghchán de chineál ar bith. Cén t-iontas go mbeadh sé neirbhíseach faoi chiorrú ar sheirbhísí éigeandála máinliachta in ospidéal i gCúl Raithin a mbíonn triall air ag mórán de vótóirí Aontroma Thuaidh?
Ina choinne sin caithfear a chur san áireamh gurb é polasaí na Roinne le breis is deich mbliana go ndeinfí lárnú ar sheirbhísí éigeandála áirithe in ionaid speisialta ar mhaithe le sábháilteacht othar, lena chinntiú go mbeadh dóthain foirne ar fáil agus na seirbhísí inacmhainne. Cuid bhunúsach de léirmheas Burrows ar pháirtithe agus ar Theachtaí eile ab ea gur mhinic a loic siad ar an bpobal ar mhaithe le leas pearsanta nó páirtí.
An ligfidh sé dá aire nua an polasaí a bhí ag Mike Nesbitt a chur i bhfeidhm? An polasaí a dúirt Burrows a bhí do-ghlactha? Ní fhéadfadh Butler, Teachta Tionóil do Ghleann an Lagáin an aireacht a dhiúltú nuair a tairgeadh dó í. Cé chomh neamhspleách is a thig leis a bheith? Dúirt sé go mbunódh sé a chinntí ar fhianaise na saineolaithe agus ‘ar ghuth na ndaoine’. An mbeidh guth na ndaoine aige mar shlí éalaithe ó aighneas le ceannaire a pháirtí? An é tuairim Jon Burrows ‘guth na ndaoine’ in oirthear Dhoire agus in Aontroim Thuaidh?
Cén seasamh a bheas ag fianaise na saineolaithe i gcomparáid le guth na ndaoine? Tá a fhios ag cait an bhaile go molann na saineolaithe athchóiriú ar sheirbhísí. Mhol ceithre athbhreithniú ar an tseirbhís sláinte idir 2001 agus 2016 go raibh an iomarca ospidéal ag iarraidh barraíocht seirbhísí a chur ar fáil agus nár mhór leithéidí cúram ailse agus máinliacht speisialta a lonnú in ionaid ardchaighdeáin. In 2016 ghlac páirtithe an Fheidhmeannais ar fad le polasaí athchóirithe. Bhí Nesbitt ag iarraidh cuid de a chur i gcrích, é saor ó imní faoi thoghchán na bliana seo chugainn toisc go raibh cinneadh déanta aige go n-éireodh sé as an bpolaitíocht mar go mbeidh sé 70 bliain d’aois.
Cúpla lá ó shin, i gcéim neamhchoitianta, d’fhógair grúpa máinlianna gur baolach go mbeadh othair i gcontúirt mura ndeinfí an t-athchóiriú a bhí molta. Ní bheifí in ann dóthain foirne ar chaighdeán sách ard a choinneáil sna hospidéil go léir. Dúirt siad i litir go mb’éigean dóibh labhairt amach nuair ba chosúil go raibh polaitíocht ag teacht salach ar shábháilteacht othar. Tá roinnt speisialtóirí, áfach a cheapann go gcuirfeadh lárnú an iomarca brú ar ospidéil ar nós an chinn in Aontroim a n-aistreofaí an tseirbhís ó Chúl Raithin chuige.
Is furasta a thuiscint go mbeadh an pobal logánta ag iarraidh gach seirbhís a choinneáil san ospidéal áitiúil. Ní raibh sé i gceist go gcuirfí deireadh le máinliacht in ospidéal Chúl Raithin; bhain an plean le hobair éigeandála a mbeadh speisialtóirí riachtanach chuici. Mhaígh lucht agóide in aghaidh an phlean gur chreimeadh ar sheirbhísí eile a bheadh mar thoradh air. Deir an roinn nach fíor sin.
Is léir gur cheart don roinn cumarsáid leis an bpobal áitiúil a fheabhsú agus a bplean a shoiléiriú. Sin má tá plean ag an roinn anois – cá bhfios? Caithfidh Robbie Butler a chruthú gur féidir muinín a bheith ag daoine as. Níl aige ach seacht mí go deireadh an Mhárta nuair a scorfar Stormont le haghaidh thoghchán an Tionóil sa Bhealtaine. An mbeidh sé in ann muinín a chothú, agus obair a chur i gcrích sa tréimhse ghearr sin? Nó ar chinntigh Burrows nach ndéanfar cinneadh conspóideach a ghoillfeadh air idir seo agus an 6ú Bealtaine 2027? Cibé, fágann an suaitheadh an roinn in aimhréidh agus aire nua, Robbie Butler leis an gcupán nimhe is ea athchóiriú na seirbhíse sláinte agus amhras mór faoi dhearcadh a cheannaire.
Fáilte ar ais tar éis shaoire an tsamhraidh!
Fág freagra ar 'An cupán nimhe ag aire sláinte nua Stormont'