Eolas ar bith ag an Roinn Oideachais faoi cén uair go mbeidh foirgneamh nua ag gaelscoil atá ag fanacht 20 bliain

Dúradh sa Seanad go raibh foirgneamh nua do Ghaelscoil Choláiste Mhuire ‘mar thosaíocht’ ag an Roinn Oideachais agus go gcuirfí ar fáil é ‘chomh tapa agus is féidir’

Eolas ar bith ag an Roinn Oideachais faoi cén uair go mbeidh foirgneamh nua ag gaelscoil atá ag fanacht 20 bliain

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil súil le dul chun cinn a dhéanamh roimh an Nollaig ar fhoirgneamh nua a thógáil do ghaelscoil i mBaile Átha Cliath a gealladh breis is 20 bliain ó shin.

Tá Gaelscoil Choláiste Mhuire i lár na cathrach gan foirgneamh buan ó 2003 agus moill mhór leis an bhforbairt atá geallta ar shuíomh ar Shráid Dominic.

Bhí sé beartaithe go mbeadh an foirgneamh nua oscailte i samhradh 2025 ach cuireadh stop leis an obair thógála ag tús na bliana sin. Chuir an Roinn Oideachais deireadh leis an gconradh leis an gconraitheoir ó shin.

Tá an Roinn Oideachais i mbun breithnithe ar thairiscint chun conraitheoir nua a cheapadh ach deirtear nach féidir dáta a thabhairt maidir le cén uair a bheidh an foirgneamh scoile nua oscailte.

Agus an scéal á phlé sa Seanad inné, dúirt an tAire Stáit Kieran O’Donnell, a bhí ag labhairt thar ceann an Aire Oideachais Hildegarde Naughton, nach bhféadfaí a rá “cén dáta go díreach a chríochnófar an obair” ach go raibh súil ann go mbeadh conraitheoir nua ceaptha laistigh de roinnt seachtainí agus go mbeifí ag obair ar an suíomh roimh an Nollaig.

Dúirt an t-aire stáit go raibh sé “mar thosaíocht” ag an Roinn Oideachais foirgneamh scoile nua a chur ar fáil do Ghaelscoil Choláiste Mhuire “chomh tapa agus is féidir”.

Is in 2002 a d’iarr Gaelscoil Choláiste Mhuire ar an roinn foirgneamh nua a a chur ar fáil don scoil toisc nach raibh an seanfhoirgneamh ina raibh an scoil lonnaithe ar Chearnóg Pharnell oiriúnach. Aimsíodh foirgneamh ‘sealadach’ eile ar Chearnóg Pharnell agus bogadh an scoil arís anuraidh chuig foirgneamh ar Shráid Chathail Brugha.

Aimsíodh suíomh nua don scoil ar Shráid Dominic in 2006 ach níor thosaigh an obair thógála ar an bhfoirgneamh nua 16 seomra ranga go dtí 2023.

Chuir roinnt fadhbanna isteach ar an obair ó shin áfach, ina measc an suíomh a bheith buailte ar struchtúr atá faoi chosaint. Bhí fadhb eile ann chomh maith le línte leictreachais agus seirbhísí a bhíonn ag freastal ar an líne Luas in aice an tsuímh, deacrachtaí nár tháinig chun solais go dtí gur cuireadh tús leis an tochailt.

An Seanadóir nua-thofa Ray McAdam ó Fhine Gael a lorg an scéal is déanaí ón Roinn Oideachais maidir leis an scoil.

Dúirt McAdam gur togra “iontach tábhachtach” a bhí i bhforbairt na scoile do thuaisceart lár na cathrach.

Dúirt sé go raibh an-áthas ar dhaoine sa gceantar nuair a fógraíodh go raibh an foirgneamh nua le tógáil ach nach raibh rompu ina dhiaidh sin ach moill agus éiginnteacht.

Chuir McAdam fáilte roimh an scéal go raibh dul chun cinn déanta maidir le conraitheoir nua a cheapadh, ach dúirt sé go gcaithfí tosú ar an bhforbairt ar an suíomh féin. D’iarr sé ar an Aire Oideachais pobal na scoile a choinneáil ar an eolas faoin obair ar bhonn rialta.

Nuair a pléadh cás na scoile sa Seanad anuraidh, dúirt aire rialtais gur bhain an mhoill a bhí ar sheachadadh an fhoirgnimh “stangadh” as.

Fág freagra ar 'Eolas ar bith ag an Roinn Oideachais faoi cén uair go mbeidh foirgneamh nua ag gaelscoil atá ag fanacht 20 bliain'