Foláirimh nua eisithe agus an tír ag réiteach do Stoirm Boelo

Beidh foláireamh oráiste fearthainne i bhfeidhm i gCiarraí óna 7.00sm amárach agus foláireamh oráiste stoirme i bhfeidhm ón 2.00pm i nDún na nGall, Sligeach, Liatroim, Maigh Eo agus Gaillimh

Foláirimh nua eisithe agus an tír ag réiteach do Stoirm Boelo

Tá foláirimh aimsire éagsúla eisithe ag Met Éireann agus stoirm eile, Boelo, ag teacht inár dtreo amárach.

Tá “díle thréan bháistí” á tuar ag na meitéareolaithe. Tá fainic á cur acu go mbeidh cúrsaí taistil contúirteach agus dúshlánach agus go bhféadfadh tuilte a bheith in áiteanna agus imeachtaí faoin aer i mbaol.

Ag a 7.00am amárach a thiocfaidh an fógra oráiste fearthainne i bhfeidhm i gcontae Chiarraí. Tá rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm i gcúig chontae eile óna 2.00pm amárach, Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, Maigh Eo agus Gaillimh.

Agus an stoirm Austen ag téaltú léi, beidh ropadh níos tréine faoi Boelo agus tabharfaidh sí rilleadh trom báistí agus siotaí tréana chugainn ina teannta, a dúirt Gerry Murphy ó Met Éireann ar maidin inniu ar Morning Ireland, RTÉ Radio 1.

“Is mór idir an stoirm seo agus Austen mar is amhlaidh atá lagrach na stoirme seo ag déanamh a bhealaigh ó thuaidh dínn agus ó mheán oíche anocht feicfimid duartan trom báistí san iarthar agus réabfaidh sí sin trasna na tíre go scafánta, rud a fhágfaidh an lá amárach an-fhliuch agus an-ghaofar,” a thuar sé.

Tá foláireamh buí eisithe faoin mbáisteach sin óna 4.00am amárach do dheich gcontae – Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Liatroim, Sligeach, agus Dún na nGall agus ar ndóigh tiocfaidh an foláireamh oráiste gaoithe i bhfeidhm sna cúig chontae is faide ó thuaidh acu sin óna 2.00pm

Óna 1.00pm amárach beidh foláireamh buí gaoithe i bhfeidhm leis an gcósta thiar – Connachta, an Clár, Luimneach, Ciarraí agus Dún na nGall

Tá oifig aimsire na Ríochta Aontaithe tar éis na sé chontae ó thuaidh a chur faoi fholáireamh buí gaoithe óna 3.00pm amárach go dtí a 3.00pm Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Foláirimh nua eisithe agus an tír ag réiteach do Stoirm Boelo'

  • Pádraig

    Gealann na tuairiscí breátha aimsire, leis an gcolúnaí anaithnid seo, mo chroí i gcónaí, fiú amháin nuair is drochaimsir amach is amach
    – an spéirling ifreanda féin- a bhíonn á tuar!!