AN POD GAEILGE: ‘Ag scaipeadh vibes Gaeilge an Uachtaráin ón Áras…

Tá Póilín Ní Chiaráin agus Gormfhlaith Ní Thuairisg linn san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar an gcéad bhliain ag Catherine Connolly in Áras an Uachtaráin agus ar an iarracht is déanaí ag an DUP bac a chur ar dhul chun cinn na Gaeilge

AN POD GAEILGE: ‘Ag scaipeadh vibes Gaeilge an Uachtaráin ón Áras…

 

In éineacht le Darren Ó Dubhgáin an tseachtain seo ar An Pod Gaeilge, tá Gormfhlaith Ní Thuairisg, Póilín Ní Chiaráin agus Maitiú Ó Coimín.

D’fhógair Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo go mbeadh Áras an Uachtaráin ina “áis ar son leas agus cur chun cinn na Gaeilge” sa bhliain atá amach romhainn.

Ach cad atá i gceist le ‘Togra Gaeilge an Uachtaráin’? Agus cén fáth go raibh oiread tionchairí in Áras an Uachtarán don seoladh?

Agus bliain caite aici san Áras pléitear a bhfuil déanta ag Catherine Connolly ar son na Gaeilge agus caitear súil ar a tréimhse mar uachtarán go dtí seo.

Pléitear chomh maith iarrachtaí an DUP bac a chur ar reachtaíocht atá beartaithe don oideachas lán-Ghaeilge sa Tuaisceart agus torthaí na pobalbhreithe is déanaí faoi ‘Éire Aontaithe’.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Ag scaipeadh vibes Gaeilge an Uachtaráin ón Áras…'