FÉILTE
Féile na Samhna i bPort Laoise
Cuirfear tús inniu le Féile na Samhna i bPort Laoise, féile a bheidh ar bun ón Aoine, an 23 go dtí an Domhnach 25 Deireadh Fómhair. Déanfar ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar thraidisiúin na Samhna i rith na féile agus clár imeachtaí leagtha amach ina bhfuil cainteanna, ceol, scéalaíocht agus imeachtaí cultúrtha eile san áireamh.
Is é Cumann Gaelach Laoise atá ag eagrú na féile agus é d’aidhm acu an pobal a thabhairt le chéile trí mheán na Gaeilge. Tá imeachtaí na féile in oiriúint do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge agus do chainteoirí líofa.
Cuirfear tús leis an bhféile sa Parish Centre i bPort Laoise agus an múinteoir scoile Dearbhla Ní Dhuinn ag caint faoin stair a bhaineann le logainmneacha áitiúla. Leanfar leis na himeachtaí ar an Satharn agus imeacht scéalaíochta do theaghlaigh á chur ar bun ag Julie Anne de Brún sa Dunamaise Arts Centre. Níos deireanaí ar an Satharn, beidh an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin ag caint ar an mbéaloideas agus na traidisiúin Cheilteacha a bhaineann leis an tSamhain.
Tuilleadh eolais agus clár na féile ar leathanach Instagram Chuman Gaelach Laoise.
Gaillimh Ah-Boo!
Tá an fhéile Gaillimh Ah-boo! ar ais don dara bliain as a chéile agus ceiliúradh Samhna ar bun ar fud na cathrach. Beidh paráid Samhna an chomhlachta Macnas ar ais arís i mbliana agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Fiáin, is teideal do pharáid na bliana seo agus é ráite ag Macnas gur ag tagairt d’eilimintí fiáine Iarthar na hÉireann atá siad, iontais atá mar chuid den inspioráid acu le dhá scór bliain anuas.
Cuirfear an pharáid ar bun an Domhnach beag seo, an 25 Samhain agus tosóidh sé ag 5.30pm ag Ollscoil na Gaillimhe, uaidh sin soir thar Ardeaglais na Gaillimhe, trasna ar Dhroichead na mBradán agus tríd an baile mór ina dhiaidh sin.
Beidh imeachtaí éagsúla na féile ar bun go dtí an 2 Samhain agus tá gach eolas agus an clár le fáil anseo.

‘Na Púcaí ina Cheann’ ag Féile IMRAM
Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Gabriel Rosenstock ag an ócáid ‘Na Púcaí ina Cheann’ ag Féile IMRAM ar an Luan, 9 Samhain ag 7.30pm i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath.
File agus scríbhneoir ildánach ab ea Gabriel a d’fhoilsigh os cionn 400 leabhar i gcaitheamh a shaoil agus a bhíodh páirteach go minic i dtograí IMRAM. Beidh léamh ceiliúrtha á dhéanamh ar an oíche as scoth a chuid filíochta le buíon filí, lena n-áirítear Amanda Bell, Paddy Bushe, Des Geraghty, Aifric Mac Aodha, Caitríona Ní Chleirchín, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Tristan Rosenstock. Beidh ceol beo ar an oíche le Cormac Breathnach agus cairde, agus beidh íomhánna á soláthar ag Margaret Lonergan. Is é Cathal Póirtéir a bheidh ina fhear an tí.
Gach eolas agus clár na féile IMRAM le fáil anseo.
CEARDLANN
Ceardlann puipéadóireachta in Amharclann Chois Fharraige
Cuirfear ceardlann puipéadóireachta do pháistí ar bun ag campa Samhna in Amharclann Chois Fharraige a bheidh ar bun ó 26 go 28 Deireadh Fómhair. Beidh an cheardlann á stiúradh ag Cillian Ó Donnchadha agus Neasa Ní Chuanaigh agus tabharfar deis do pháistí a gcuid puipéad féin a dhearadh agus a dhéanamh.
Tá an cheardlann dírithe ar dhaoine óga idir 8 agus 12 bliain d’aois a bhfuil suim acu i gceardaíocht, sna healaíona agus san aithriseoireacht. Beidh an campa ar bun ón 10am go dtí 2.oopm gach lá agus tá costas €30 leis. Tá líon teoranta spásanna ar fáil agus moltar áit a chur in áirithe go luath.
Tuilleadh eolais agus áirithintí.
GREANN
Gáire as Gaeilge i nGaillimh
Beidh ócáid ghrinn as Gaeilge á cur ar bun tráthnóna inniu mar chuid d’Fhéile Greann na Gaillimhe. Cuirfear ‘Gáire as Gaeilge’, seó fuirseoireachta ar na boinn ar bun i bpictiúrlann Pálás ag scáileán 3.
Is iad Paddy McDonnell, Seán Begley, Aideen McQueen agus Eddie Mullarkey a bheidh le feiceáil ar stáitse mar chuid den ócáid. Osclófar na doirse ag 7.30pm agus cuirfear tús leis an seó ag 8pm agus críoch ag 9.30pm
Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.
TEILIFÍS

Amhrán Mhaínse ar Aistear an Amhráin
Caitear solas ar an stair agus an scéal a bhaineann leis an amhrán aitheanta ar an sean-nós, Amhrán Mhaínse, in eagrán na seachtaine seo den tsraith ‘Aistear an Amhráin’ ar RTÉ 1.
Roghnaíodh an t-amhrán as na céadta amhrán i bpobalbhreith a chuir an clár Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bun i mbliana mar chuid de chomóradh 100 bliain RTÉ.
Is é Garry Mac Donncha a chuireann an clár faoi Amhrán Mhaínse i láthair, agus leanann sé scéal Mháire Ní Chlochartaigh, an bhean atá i gcroí an amhráin. Déantar iarracht a fháil amach an raibh a leithéid de bhean ann, agus má bhí, an i Reilig Mhaínse a cuireadh í, mar a bhí uaithi ag deireadh a saoil, de réir an amhráin?
Tarraingítear ar sheanchas áitiúil sa gclár agus cloistear ó amhránaithe ar an sean-nós i rith an chláir, ina measc, Máirtín Tom Sheáinín, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, agus Síle Denvir.
Is féidir breathnú siar ar an gclár ar sheinnteoir RTÉ anseo.
IMEACHTAÍ
Dioscó na Samhna do dhaoine óga i nDoire
Beidh dioscó na Samhna á chur ar bun do pháistí i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an gCéadaoin, 28 Deireadh Fómhair ó 6.30pm go 9pm Moltar do thuismitheoirí clárú roimh ré agus an seisiún a roghnú de réir mar a oireann d’aois na bpáistí.
Tá cuireadh tugtha ag an gCultúrlann do pháistí cultacha Samhna a chaitheamh ag an dioscó agus beidh DJ, ceol agus duaiseanna ann do na cultacha is fearr. Costas £3 an páiste atá ar an ócáid agus gabhfaidh an t-airgead i dtreo Chlub Óige Setanta.
Beidh neart imeachtaí Samhna eile ar bun sa gCultúrlann, gach eolas agus áirithintí anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Na Púcaí ina Cheann, Ceardlann Puipéadóireachta, Dioscó Samhna i nDoire, Gáire as Gaeilge'