‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha

Tá Gormfhaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh faoi sháinn Bhóthar Gharbhachaidh, conspóid faoi cad is Gaeltacht ann agus an dara cluiche sacair in aghaidh Iosrael

‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha

In éineacht le Darren agus Maitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá na hiriseoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn chun scéal léanmhar Bhóthar Gharbhachaidh a chíoradh. Pléitear an dochar atá déanta ag an tsáinn do Choimisiún na bParáidí agus do Stormont féin. An dtitfidh an feidhmeannas roimh an Nollaig? Pléitear ‘dreach nua ar sheanchréachta’ Dhrom Crí agus ról Jamie Bryson, gníomhaí dílseach, sa chonspóid.

Tá plé bríomhar againn freisin faoin gconspóid a lean alt le Donncha Ó hÉallaithe ar Tuairisc faoi chomharthaí Gaeltachta a cuireadh suas i gceantair oifigiúla Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. ‘Gadaíocht chultúrtha’ a dúirt Ó Donncha Ó hÉallaithe. ‘Caint mhaslach’ a bhí ansin, dar le lucht pleanála teanga. Cuireadh leis an gconspóid nuair a dúirt Ó hÉallaithe gur gadaíocht chultúrtha a bhí i gceist chomh maith leis an ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ i mBéal Feirste?

Ach cad is brí leis an téarma Gaeltacht sa lá atá inniu ann? Nó an ndéanann sé aon difríocht?

Ar deireadh pléitear an dara cluiche conspóideach ag Éirinn in aghaidh Iosrael, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh.

É sin go léir agus uasdátú ar na hullmhúcháin roimh phósadh Mhaitiú…

Fág freagra ar '‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha'