Níos lú ná coicís atá idir muid anois agus na toghcháin lár téarma sna Stáit Aontaithe. Reifreann ar thacaíocht na bPoblachtach agus an Uachtaráin Trump atá sna toghcháin a bheidh cinniúnach don bhealach a rialaítear Meiriceá san dá bhliain atá fágtha aigesean sa Teach Bán. Tá an tUachtarán agus a pháirtí ar a míle dícheall ag tabhairt le fios gur reifreann atá anseo ar chlaonadh na nDaonlathach agus an fhreasúra i Washington sóisialachas a chur i réim sa tír.
Tá na mílte ról le líonadh sna toghcháin seo – i Meiriceá toghtar maoir na madraí agus ceannfoirt na gceantar scoile agus beidh iliomad ainm eile ar na páipéir bhallóide ach is iad na hionadaithe a thoghfar sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe a thabharfaidh léargas ar dhearcadh an phobail. Téarma dhá bhliain a bhíonn ag ionadaithe Comhdhála agus tá os cionn cheithre chéad acu sin le toghadh.
Toghfar an 435 ball ar an 3ú Samhain. Tá móramh ag na Poblachtaigh ansin faoi láthair agus dóchas ag na Daonlathaigh go mbeidh ar a gcumas féin na trí shuíochán breise a theastaíonn uathu a bhreith leo chun go mbeidh siadsan i gceannas ansin.
Tá an tuairimíocht sin bunaithe ar chomh híseal agus atá tacaíocht Trump agus an Tí Bháin ach fearacht an uile thoghchán ar fud na cruinne níl ach líon an-bheag de na suíocháin uilig idir dhá cheann na meá. Ceisteanna áitiúla, atarraingt teorainneacha sna ceantair thoghcháin agus athruithe ar chlárlann na dtoghthóirí is cúis leis an éiginnteacht seo.
Scéal eile is ea an Seanad mar nach n-athraíonn na teorainneacha ó thoghchán go chéile. Beirt sheanadóirí agus an limistéar bunaithe ar thoghchán an Stáit. Má scrúdaítear na Stáit ina bhféadfadh athrú tarlú, tagann cuid mhór acu leis na Stáit a bhíonn cinniúnach i dtoghcháin uachtaránachta. Bítear ag faire i gcónaí ar áiteanna ar nós Michigan, Iowa agus Ohio nó crios na meirge mar a thugtar air.
Bhí bua éasca ag Trump sna stáit sin in 2024 ach tá seans i mbliana nach mbeidh an lá leis na Poblachtaigh. Teastaíonn ceithre shuíochán breise Seanaid ó na Daonlathaigh más leo ceannas a fháil ar an Seanad agus i measc na stát a bhfuil siad ag faire orthu tá Maine, Texas, Kansas agus Alaska. Tá Donald Trump ag taisteal timpeall ar na stáit ag achainí ar an bpobal tacú leis.
Is cuma cé mhéad achainí a dhéanann sé tá an pobal míshásta faoin gcostas breosla, an cogadh san Iaráin, imirce, an córas sláinte agus an costas maireachtála trí chéile. An éireoidh le Trump an ceann is fearr a fháil ar a laghad tacaíochta atá aige sna pobalbhreitheanna?
Tá go leor vótaí caite cheana féin agus muid fós ag fanacht le hiontas mhí Deireadh Fómhair – an ‘October Surprise’. Tá éirithe le Trump cheana iontas a chur ar dhaoine agus go háirithe lucht na bpobalbhreitheanna – is gearr uainn fios an mbeidh sé in ann an beart céanna a dhéanamh an babhta seo.
Fág freagra ar 'D’éirigh le Trump cheana iontas a chur ar dhaoine ach tá sé faoi bhrú ag togcháin an tSeanaid'