‘Cothromaíocht’ le baint amach idir soláthar tithíochta sa nGaeltacht agus cosaint don teanga – Roinn na Gaeltachta

Deir ceannasaí Roinn na Gaeltachta go mbeidh eastáit tithíochta “mar chuid den réiteach” ar an nganntanas tithíochta sa nGaeltacht ach go gcaithfí déanamh cinnte nach leagfaí síos coinníollacha teanga a bheadh chomh docht go gcuirfeadh bac ar fhorbróirí iad a thógáil

‘Cothromaíocht’ le baint amach idir soláthar tithíochta sa nGaeltacht agus cosaint don teanga – Roinn na Gaeltachta

Tá sé ráite ag ceannasaí Roinn na Gaeltachta go gcaithfear “cothromaíocht” a fháil i bpolasaithe pleanála an rialtais idir soláthar tithíochta sa nGaeltacht agus cosaint don teanga.

Dúradh go mbeidh eastáit tithíochta “mar chuid den réiteach” ar an nganntanas tithíochta sa nGaeltacht ach go gcaithfí déanamh cinnte nach leagfaí síos coinníollacha teanga a bheadh chomh docht sin go gcuirfeadh bac ar fhorbróirí na heastáit a thógáil.

Bhí an Dr Aodhán Mac Cormaic ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais faoin soláthar tithíochta sa nGaeltacht agus faoin dréachtráiteas pleanála don Ghaeltacht a d’fhoilsigh an rialtas níos luaithe i mbliana.

Moltar sa dréachtphlean go gcuirfeadh na húdaráis áitiúla coinníoll teanga i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí, móide 10%.

Má ghlactar leis an moladh, coinníoll teanga níos laige ná mar atá ann anois a bheadh i gceist in an-chuid ceantar Gaeltachta agus an leasú beartaithe cáinte ag lucht gníomhaíochta agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra dá bharr.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary le gairid go raibh an cheist faoin gcoinníoll teanga á plé faoi láthair aige.

Dúirt ceannasaí na Roinne, an Dr Mac Cormaic, gur céim chun cinn a bheadh ann “córas foirmeálta” a chur i bhfeidhm ar fud na gceantar Gaeltachta uile “den chéad uair riamh”. Dúirt sé freisin go gcruthódh céatadán ró-ard don choinníoll teanga deacrachtaí.

“An t-aon rud a déarfainn faoi na céatadáin sin ná go gcaithfidh muid cothromaíocht a fháil idir cosaint a thabhairt don Ghaeltacht agus don teanga laistigh den Ghaeltacht agus, ar an taobh eile, a bheith cinnte go dtógfar tithe sna Gaeltachtaí.”

Dúirt Mac Cormaic, mar shampla, nárbh fhiú coinníoll teanga “le céatadán an-ard” a chur ar eastát tithíochta i gceantar lag Gaeltachta “mar ní bheadh na cainteoirí Gaeilge ann” chun na tithe a cheannach.

“Nuair atá muide chun moltaí a dhéanamh [maidir leis an dréachtráiteas] leis an Roinn Tithíochta, caithfidh muide a bheith airdeallach faoi sin, go gcaithfidh cothromaíocht a bheith ann faoin ghá le tithe a bheith tógtha, eastáit bheaga a bheith tógtha, agus an gá leis an teanga a chosaint. Is cothromaíocht atá ann agus caithfidh muid an chothromaíocht sin a bhaint amach.”

Agus é ag tagairt do staidéar nua a rinne taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide ar an ngéarchéim thithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, mhaígh an Dr Mac Cormaic gur aontaigh na taighdeoirí leis an moladh atá déanta sa dréachtráiteas pleanála faoin gcur chuige nua chun coinníollacha teanga a leagan síos ach ní fíor sin.

Dar leis na taighdeoirí, bhainfeadh an cur chuige atá molta an bonn ó thodhchaí Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, áit a raibh 29% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir dhaonáireamh 2022.

Moltar sa staidéar go mbeadh an coinníoll teanga i gceantar Gaeltachta bunaithe ar chéatadán na ndaoine le Gaeilge sa gceantar, móide 10%. Dá gcuirfí moladh na dtaighdeoirí i bhfeidhm ar eastát tithíochta nua i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, mar shampla, chaithfí 84% de thithe ann a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge i gcomparáid le 39%.

Dúradh sa staidéar nach leor an méid atá leagtha amach sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus go bhfuil idirghabháil dhíreach ón rialtas ag teastáil.

Pléadh arís ag an gcruinniú i dTeach Laighean ról Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta. Dúirt an Dr Mac Cormaic nach bhfuil cás ann chun cúram i leith cúrsaí pleanála sa nGaeltacht a thabhairt don Údarás. Dúirt sé freisin go bhfeictear dó nach bhfuil sé chomh deacair sin cead pleanála a fháil chun teach a thógáil sa nGaeltacht agus go raibh ráta ceadaithe na n-údarás áitiúil “thar a bheith ard”.

Fág freagra ar '‘Cothromaíocht’ le baint amach idir soláthar tithíochta sa nGaeltacht agus cosaint don teanga – Roinn na Gaeltachta'

  • Pádraig

    “cothromaíocht”, mo thóin!
    Leathcheal dearfach ó bhonn a theastaíonn chun an mhionteanga .i.
    seod náisiúnta na hÉireann a chosaint AGUS a fhorleathnú nó slogfaidh craos na bhforbróirí sinn.
    Cad a dhein na forbróirí sin don tír seo riamh?

  • Stiofán

    B’fhearr teach amháin a thógáil agus é a líonadh le cainteoirí Gaelainne ná eastát beag tithíochta a thógáil agus 60% de na tithe a líonadh le cainteoirí Béarla. Ní chreidim go raibh ról ag saineolaí sochtheangeolaíochta i ndréachtú phlean na Roinne…

  • M'ainm

    “ach go gcaithfí déanamh cinnte nach leagfaí síos coinníollacha teanga a bheadh chomh docht go gcuirfeadh bac ar fhorbróirí iad a thógáil”

    “coinníoll teanga níos laige ná mar atá ann anois a bheadh i gceist in an-chuid ceantar Gaeltachta”
    Ceannasaí Roinn na Gaeltachta agus faic le rá aige faoi chúrsaí athraithe teanga/cothaithe teanga/sochtheangeolaíochta.

    ““mar ní bheadh na cainteoirí Gaeilge ann” chun na tithe a cheannach.”

    Ná tógaigí an méid sin tithíochta mar sin! Íosa Críost. Feictear dom go bhfuil siad ar a seacht ndícheall ag iarraidh cóilíniú a dhéanamh ar an nGaeltacht, an gcuimhin libh an buille mór sin a tugadh don Ghaeilge i gCiarraí blianta ó shin nuair a tógadh eastáit tithíochta i mBaile an Fheartéaraigh? Thógadar an iomarca tithe agus thugadar do Bhéarlóirí iad, d’athraigh sé sin leagan amach teangeolaíochta an Bhaile thar oíche. D’éirigh le Comharchumann Ráth Cairn a Ghaeltacht féin a chosaint nuair a bhuaigh siad ar Bord Pleanála sna Cúirteanna cúpla bliain ó shin, beidh níos mó gníomhaíochta mar sin ag teastáilt amach romhainn is cosúil.

  • Feilimí

    Caithfear bogadh ar aghaidh ón smaointeoireacht seo faoin ‘chothromaíocht’. Tá an lámh in uachtar ag an Bhéarla fud fad na tíre (agus an domhain). Ní gá cothromaíocht a thabhairt di sa chuid bheag bídeach den tír ina bhfuil an Ghaeltacht go fóill ann.

    Níl aon uaillmhian ag baint leis an mholadh maidir le céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge, móide 10%. Ní dhéanfaidh sé ach an meath teanga a bhuanú seachas é a aisiompú.

    Cá bhfuil an mhórsmaointeoireacht? Níl ort PHD bheith agat le teacht ar an réiteach simplí: tithe a thógáil do Ghaeilgeoirí amháin sa Ghaeltacht, nó ní bheidh Gaeltacht ar bith fágtha ann.

    Níor cheart todhchaí na Gaeltachta a fhágáil faoi chúram an mhargaidh phríobháidigh tithíochta ach an oiread. Ní fhágfaí todhchaí TG4, RnaG, Tuairisc, ná na nGaelscoileanna faoin earnáil phríobháideach. Cén fáth a ndéanfaí amhlaidh le tithíocht sa Ghaeltacht, go háirithe nuair nár éirigh leis an gcur chuige sin dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta ar fud na tíre le breis agus deich mbliana anuas?

  • An Teanga Bheo

    Tithe do chuile dhuine le Gaeilge agus sin sin dualgas naisiunta é seo ón Rialtas !