Teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge fágtha ‘faoi mhíbhuntáiste’ ag geo-bhlocáil

Ritheadh rún i Stormont ag léiriú imní faoin tionchar a bhíonn ag an geo-bhlocáil ar mhuintir Thuaisceart Éireann go háirithe nuair a chuirtear bac orthu cláir Ghaeilge agus ócáidí móra spóirt a fheiceáil

Teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge fágtha ‘faoi mhíbhuntáiste’ ag geo-bhlocáil

Tá sé ráite go bhfuil sé in am ag rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine teacht le chéile chun deireadh a chur leis an mbac a bhíonn ar dhaoine ó thuaidh féachaint ar ábhar ar RTÉ agus TG4.

Ritheadh rún i dTionól Thuaisceart Éireann aréir ag léiriú imní faoin tionchar a bhíonn ag an geo-bhlocáil ar dhaoine go háirithe nuair a chuirtear bac orthu cláir Ghaeilge agus ócáidí móra spóirt a fheiceáil.

Dúirt Colm GIldernew, duine de chomhaltaí Shinn Féin a mhol an rún, go raibh an gheo-bhlocáil ar TG4 ag teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Leagtar amach sa gcomhaontú gur chóir an scóip atá ann chun Teilifís na Gaeilge, mar a bhí ag an am “a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne i dTuaisceart Éireann a scrúdú, mar ábhar práinne, in éineacht le húdaráis iomchuí na Breataine agus i gcomhar le húdaráis chraolacháin na hÉireann”.

Dúirt Gildernew go raibh an gheo-bhlocáil ag cur isteach ar oideachas páistí agus gan teacht acu ar leaganacha Gaeilge de leithéidí Dora the Explorer agus Sesame Street agus go mbeadh tairbhe mhór ann dóibh dá mbeadh siad ar fáil.

Dúirt sé gur chóir do na rannpháirtithe leasmhara teacht le chéile chun deireadh a chur leis an geo-bhlocáil “faoi dheireadh is faoi dheoidh”.

Dúirt Justin McNulty ón SDLP gurb ionann an gheo-bhlocáil agus “Bluey blocking” agus é ag tagairt don chlár iomráiteach de pháistí, a bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil ar sheinnteoir RTÉ ó dheas ach nach bhfuil ar fáil ó thuaidh. Rinneadh tagairt do Bluey sa Dáil níos luaithe i mbliana nuair a bhí an gheo-bhlocáil á plé leis an rialtas ó dheas.

Tá sé ráite ag an Aire Cumarsáide ó dheas, Patrick O’Donovan, ó shin go dtuigeann sé an frustrachas a bhaineann leis an fhadhb agus go bhfuil sé i gceist aige an scéal a phlé leis an aire cumarsáide i rialtas na Breataine. Dúirt sé go gcaithfeadh réiteach na faidhbe teacht ó Westminster.

I Stormont, dúirt an Comhalta Gerry Carroll ón bpáirtí Pobal Seachas Brabús gur fhág an scéal tuismitheoirí ó thuaidh atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste agus go luann daoine sa toghcheantar aige an fhadhb leis go minic.

Cháin Nicola Brogan ó Shinn Féin an easpa dul chun cinn a bhí déanta chun an fhadhb a réiteach. Dúirt sí gur tháinig sí chun solais den chéad uair in 2009 nuair a seoladh seinnteoir RTÉ agus go raibh breis is 15 bliain ag craoltóirí agus rialtais réiteach a fháil.

Dúradh le linn an phlé go raibh tionchar mór ag an geo-bhlocáil ar chraoltaí spóirt agus troid dheireanach Katie Taylor, cluiche fhoireann sacair ban na hÉireann agus gaiscí Daniel Wiffen agus Rhys McClenaghan ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras luaite i measc na n-ócáidí a chraol RTÉ nach raibh an pobal ó thuaidh in ann teacht orthu.

Dúirt Colm Gildernew go raibh sé “scannalach” go raibh geo-bhlocáil i bhfeidhm ar chraoladh RTÉ ar throid Katie Taylor i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite, an troid dheireanach ag duine de mhórlaochra spóirt na hÉireann. Dúirt sé gur léirigh an cinneadh an “dearcadh críochdheighilteach” atá “neadaithe go domhain” in RTÉ.

Fág freagra ar 'Teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge fágtha ‘faoi mhíbhuntáiste’ ag geo-bhlocáil'