Níl aon ghanntan féilte ar mhuintir Chois Fharraige an fómhar seo. Is ar éigean go bhfuil mí caite ó mealladh na sluaite chuig Fhéile John Ford sa Spidéal, agus b’éigean daoine a chur ó dhoras mar gheall ar an tóir a bhí ar thicéid don oíche ómóis do Johnny Chóil Mhaidhc a bhí mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige nach bhfuil i bhfad thart. Agus tá féilte eile agus imeachtaí éagsúla ar na bacáin do na míonna amach romhainn.
Is í an fhéile nua-bhunaithe Féile Bhia Chois Fharraige is túisce chugainn agus í ar siúl le linn deireadh seachtaine bainc an fhómhair ón Aoine an 23 Deireadh Fómhair go Luan an 26 Deireadh Fómhair.
Is léiriú atá sa bhféile nua seo ar an bhforbairt atá tagtha ar chúrsaí beatha sa gceantar le tamall de bhlianta.
Cé go bhfuil an Builín Blasta ar an bhfód i gCeardlann an Spidéil ón na 1990idí, tá an caifé agus an táirgeoir bia úd ag dul ó neart go neart i gcónaí. Níos túisce i mbliana, bronnadh an gradam ‘Nuálaí na Bliana’ i gCúige Chonnacht air ag gradaim ‘Bialann na hÉireann’ agus tá boinn go leor Blas na hÉireann bainte amach ag an gnó dá chuid anlann, maonáis is táirgí eile.
Ón mbliain 2010, tá Antonio Castagna, ó Napoli na hIodáile, ag soláthar píotsaí den scoth ag Fiordigrana i sráidbhaile an Spidéil agus is iomaí duine a bhfuil taisteal déanta acu ar mhaithe le ceann de na píotsaí céanna a bhlaiseadh.
Agus ó 2021, tá Dónal Lally agus a chriú i Rúnda ag cur caife, scónaí agus sólaistí milse is blasta éagsúla ar fáil do mhuintir na háite agus dóibh siúd atá ag dul thar bráid. Roinnt míonna ó shin, tugadh aitheantas do Rúnda mar cheann de na siopaí caife is fearr sa tír.
Tamall blianta ó shin, thosaigh Aonghus Chóil Mhaidhc Ó Coistealdha ag soláthar glasraí orgánacha ag an Garraí Glas in Indreabhán agus tá an-rath ar a ghnó ó shin i leith. Cuireann sé bia ar fáil do bhialanna is do shiopaí sa gceantar agus níos faide ó bhaile.
Ní fada ó shin ó bhunaigh Diarmuid Ó Mathúna Café Pota ar an Tulaigh agus ní fios an moladh agus an méid gradam atá bainte ag an áit. Bíonn tarraingt ag muintir na háite agus ag cuairteoirí ar Chafé Pota.
Seans go gceaptar gurb é An Feirmeoir Beag Glas, i mBaile Éamoinn sa Spidéal, an ‘new kid on the block’ ó thaobh cúrsaí bia de sa gceantar, cé go bhfuil Declan Ó Raghallaigh agus a chomhluadar ag soláthar uibheacha orgánacha , mil agus táirgí eile ó bhosca ionracais le roinnt blianta. Bhain an táirgeoir seo amach bonn óir ag gradaim Bhlas na hÉireann 2026.
Tá Óstán an Chrúiscín Lán ar an bhfód le fada agus bíonn John Foy agus a fhoireann ag cur lón agus dinnéar ar fáil ansin cuid mhaith den bhliain.
Siad Comhlacht Forbartha an Spidéil atá ag reáchtáil na féile bia nua i gCois Fharraige agus tá réimse mór imeachtaí leagtha amach don chéad bhliain den fhéile seo ag an bhfoireann eagraithe; Eimear Killian ó Chaifé an Builín Blasta; Seán Seoighe ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil; Joe Flaherty ón mbialann Sáile agus Diarmuid Ó Mathúna ó Chafé Pota.
Beidh béilte speisialta, margadh, turas, ceardlanna le táirgeoirí bia agus le cócairí, imeachtaí teaghlaigh agus ceol beo ar bun lena linn. Cé nach bhfuil clár na féile i bhfad foilsithe is léir go raibh gaoth an fhocail amuigh le tamall faoin tionscnamh nua seo, mar tá na ticéid uilig díolta cheana féin do chúpla ceann de na himeachtaí.
Is ag a cúig a’ chlog tráthnóna Dé Aoine, an 23 Deireadh Fómhair a osclófar an fhéile sa mbialann nua Sáile i sráidbhaile an Spidéil. Beidh deis ansin bia áitiúil a bhlaiseadh agus beidh snagcheol á chasadh ag Paul O’Driscoll agus Éanna Ryder.
Ar an Satharn, beidh táirgeoirí agus ceardaithe ó cheantar Chois Fharraige agus níos faide ó bhaile ag margadh na féile i gColáiste Chonnacht ó 10am go dtí 4pm.
Reáchtálfar trí cinn de cheardlanna i gColáiste Chonnacht ar an Satharn chomh maith. Tabharfar deis do dhaoine saghdar (leann úll) tine a dhéanamh, i dteannta Cáit Dwyer ó Neantóg Collective, ag an gcéad cheann de na ceardlanna sin a bheas ag tosú ag meán lae.
Sé Charles Carr a bhfuil feirm ar a dtugtar an Bullaun Ark sa mBallán in oirthear na Gaillimhe a bheas i bhfeighil na ceardlainne, faoin gcoipeadh a thosós ag 1.30. Na bealaí le do ghairdín a réiteach don gheimhreadh a bheas faoi chaibidil ag Aonghus Ó Coistealbha ón nGarraí Glas sa tríú ceardlann a thosós ag 3.30pm.
Tá na ticéid uilig díolta do Chóisir na Samhna do na gasúir a bheas ar bun ag meán lae is ag a 3pm ar an Satharn.
Satharn na féile chomh maith, beidh turas bus lae á reáchtáil ag Fable Tours a thabharfaidh cuairt ar ionaid bhia éagsúla i gCois Fharraige. Cuirfear tús leis an turas ag Ardeaglais na Gaillimhe ag 9.30am an mhaidin sin.
Beidh seal á chaitheamh ag lucht an turais ag an margadh i gColáiste Chonnacht sular dtabharfaidh siad a n-aghaidh siar chomh fada leis an mbialann Sáile i sráidbhaile an Spidéil, áit a mbeidh blaiseadh ar fáil de bhia mara an cheantair.
I gCafé Pota a bheas lón agus ina dhiaidh sin tabharfar cuairt ar an nGarraí Glas. Agus beidh deis foghlaim faoi céard a spreag na húinéirí tabhairt faoin dá ghnó rathúil sin an chéad lá ariamh.
Ar an mbealach soir, stopfar ag Caifé an Builín Blasta i gCeardlann an Spidéil le blaiseadh a fháil de na táirgí éagsúla ón gcaifé sin. Agus iad ag filleadh ar Ghaillimh, stopfar ag Óstán Chois Fharraige áit a mbeidh blaiseadh ar fáil den phoitín ó Dhrioglann Mhicil a bhunaigh Pádraic Ó Griallais as Cois Fharraige.
Leanfar le himeachtaí na féíie ag 10am maidin Dé Domhnaigh le ceardlann ar Thrá Sáilín le hAmelian Ó Donnagáin, a bheas ag roinnt eolais faoi na cineálacha éagsúla feamainne inite atá ar fáil ar an gcladach.
Sí Aedín Ní Thiarnaigh a bheas i mbun na ceardlainne Flúirse an Fhómhair agus í ag trácht ar an mbia fiáin atá ar fáil an t-am seo den bhliain. Cuirfear tús leis an ócáid sin ag meán lae ag oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
Ag 2pm Dé Domhnaigh, san ionad céanna, a reáchtálfar ceardlann a fhiosraíonn an ceangal atá ag an mbia a fhaightear sa gcistin sa mbaile le leigheas luibhe agus le béaloideas na hÉireann.
Beidh ceann de mhórimeachtaí na féile – An Féasta Mór – ar bun sa mBuilín Blasta tráthnóna Domhnaigh, ag tosú ag a 7pm. Cuirfear béile trí chúrsa agus fíon ar fáil agus siad Bláithín UÍ Shúilleabháin agus Camille a bheas i mbun ceoil.
Sí an t-ealaíontóir Andrea Rossi, a bhfuil siopa aici i gCeardlann an Spidéil, a chruthaigh an póstaer mealltach.
Tá an t-eolas ar fad faoi Fhéile Bhia Chois Fharraige sa leabhrán breá atá ar fáil sna gnóthaí áitiúla agus i Leabharlann an Spidéil. Agus tá na sonraí faoi na himeachtaí uilig, chomh maith le ticéid, ar fáil ar Eventbrite. Féach an nasc thíos.
Tá tuilleadh imeachtaí beartaithe ag Comhlacht Forbartha an Spidéil aimsir na Nollag. Orthu seo tá an ócáid chlainne ‘Draíocht sa Spidéal’ a bheas ar bun i gColáiste Chonnacht ón 17 go dtí an 22 Nollaig.

Fág freagra ar 'ÓCÁIDÍ: Féastaí móra agus feamainn inite – an chéad Fhéile Bhia Chois Fharraige'