4% atá á thuar mar thoradh bonnlíne ar na cainteanna pá cheana féin. Ní fios fós cén t-achar a mhairfidh cibé comhaontú nua a bheidh ann. Tosaíodh ar stailc a phleanáil ar lá na cáinaisnéise anuraidh. Gníomh féile Fhine Gael don earnáil óstaíochta a chuir an lasair sa mbarrach. Go mór mór nuair a bhíothas chomh gortach le hoibrithe Íoc Mar a Thuillir. Níor chuidigh na léirsithe breosla. Ina cheann sin, thuig Comhdháil na gCeardchumann go raibh fabhar á cheilt orthu ó thús an tsamhraidh.
Dhiúltaigh Jack Chambers oiread is steip damhsa féin a dhéanamh leo.
Mhéadaigh ar an neamhaird agus leag ICTU ar dhúshlán díreach a thabhairt ar bhealach an-chomhordaithe. Bhí a shliocht ar na torthaí ballóide a léirigh míshásamh na mball. Bhí torthaí eile ar an bpleanáil freisin. Tugadh baill cheardchumainn le chéile, eagraíodh iad, cuireadh ar phicéid iad den chéad uair ó 2009 i gcuid mhór cásanna.
Tugadh faoi bhaill nua a mhealladh agus a earcú. D’éirigh le straitéis Choiste Seirbhísí Poiblí ICTU agus meabhraíodh do ghnáthbhaill cheardchumainn cén tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus comhar.
Tréithe deasa teolaí iad dóibh siúd ar phicéad lá garbh báistí mar a bhí thiar ach ba bheag an sólás na buanna sin don phobal mór a bhí thíos leis an stailc. Cuireadh coinní ospidéil siar, dúnadh scoileanna agus b’éigean do Thithe an Oireachtais imeachtaí parlaiminte a chur ar athló. Mionlach iad an 300,000 oibrí seirbhíse poiblí sa bhfórsa oibre trí chéile ach is mionlach eagraithe iad atá meáite ar ardú pá a bhaint a choinneoidh snáth faoin bhfiacail nuair atá gach costas beo ag méadú leis.
Is baill de cheardchumainn iad 550,000 duine sa stát seo de réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh a bhaineann leis an dara ráithe i mbliana. Is ionann sin agus dlús ballraíochta i measc an fhórsa oibre de 22% nó mar sin. Nuair a bhí borradh agus bruth faoin ngeilleagar sa dara ráithe de 2006 tuairim is 32% den fhórsa oibre a bhí ina mbaill de cheardchumainn nó 564,000.
An t-athrú is suntasaí atá tar éis teacht ar thoisí an gheilleagair idir an dá linn ná líon iomlán na n-oibrithe: 1.779 milliún a bhí ann in 2006 le hais 2.456 milliún i mbliana.
Is iomaí athrú eile atá tagtha ar shocruithe fostaíochta – obair ón mbaile, obair ar ardáin dhigiteacha, an claochlú glas, chomh maith le teacht chun cinn earnálacha nach mbíodh ceardchumainn iontu go traidisiúnta.
Cuireann na socruithe ócáideacha, neamhthipiciúla agus forbhásacha constaicí móra roimh earcú agus eagrú oibrithe. Tá méadú mór tagtha ar líon na bhfostóirí a mhaíonn gur fearr leo déileáil go díreach le fostaithe seachas dul i mbun cómhargála le ceardchumainn. Is furasta cuimhneamh ar na mórchomhlachtaí teicneolaíochta ach nós sách coitianta é san earnáil phríobháideach faoi seo.
Áirítear an ráta náisiúnta cómhargála ag 34%, toradh atá le teacht le meán thíortha ECFE/OECD a bheag nó a mhór. Mar sin féin, bíonn ráta cómhargála dhá oiread níos mó le fáil – idir 70-80% – i measc an AE14, ballstáit an Aontais roimh 2004. Luaitear socracht thionsclaíoch ar cheann de bhuntáistí móra na cómhargála ach ó bhain an rialtas an córas páirtnéireachta sóisialta as a chéile in 2009 tá ceist bhunúsach ann maidir le cumhacht na gceardchumann sa bhfearann poiblí. Tráth dá raibh bhíodh tionchar nach beag ag ceardchumainn agus fostóirí ar phróiseas idirbheartaíochta na gclár rialtais nó gur tugadh droim láimhe don tsamhail oibre úd in aimsir na géarchéime.
Más léiriú ar chumhacht an chomhair a bhí i stailc na seachtaine seo caite ní foláir do cheardchumainn scrúdú as an nua a dhéanamh ar an dlús ballraíochta.
Tá obair mhór chomhtháite déanta ag ceardchumainn mhóra amhail Fórsa le deich mbliana anuas nó mar sin. Tá foirne móra oifigeach gairmiúil ag na ceardchumainn anois chun seirbhísiú a dhéanamh ar a gcuid ball agus léiríonn tuairiscí laethúla ón WRC a chasta agus a achrannaí a bhíonn aighnis chomhaimseartha fostaíochta. Ní hé an t-áiteamh a dhéanfadh Jim Larkin é ach shílfeá go mba shaoire i bhfad táille ballraíochta ceardchumainn ar feadh bliana ná litir aonraic amháin ó chomhlacht aturnaetha.
Athrú mór millteach eile le fiche bliain anuas ná an dealú 58:42 atá ar chomhdhéanamh inscne na ballraíochta reatha i bhfabhar na mban. 53:47 i bhfabhar na bhfear a bhí ann in 2006. An ngéarófar ar fheachtais in éadan na héagothromaíochta pá dá bharr? An léireofar an mórathrú seo i struchtúir cheannaireachta na gluaiseachta? Is cinniúnaí i bhfad na ceisteanna úd do bhisiúlacht na cómhargála ná cibé toradh a bheidh ar na cainteanna reatha seo.
Fág freagra ar 'Ceisteanna níos tromchúisí le hionramháil ag na ceardchumainn ná toradh na gcainteanna pá'