‘Píosa amharclannaíochta, sin an méid’ a deir cara ón mBrasaíl maidir leis an toghchán uachtaránachta sa tír sin Dé Domhnaigh beag seo.
‘An síorchur-i-gcéill sin de choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis agus fios ag an saol is a mháthair gur ag an lár a bhíodh an chumhacht riamh agus a bheas i gcónaí – tá mé réidh leis agus ní bhacfaidh mé le vóta a chaitheamh a thuilleadh. Má chailleann mé mo phas Brasaíleach dá bharr sin, bíodh.’
Tá cónaí ar mo chara, ar a dtabharfaidh mé P. ar mhaithe lena príobháideachas a chosaint, san Ísiltír. A mhalairt ar fad agus muintir na hÉireann a mbíonn cónaí orthu thar lear agus nach mbíonn vóta acu i dtoghcháin na hÉireann, tá dualgas ar chuile Bhrasaíleach idir 18 agus 70 bliain d’aois vóta a chaitheamh sna toghcháin, bíodh cónaí orthu sa Bhrasaíl nó lasmuigh di. Mura gcaitheann duine vóta, ní bhíonn sé in ann pas a athnuachan, a bheith fostaithe ag an stát, oiliúint a fháil in institiúid oideachais de chuid an stáit, agus mar sin de.
Díreach mar a deir mo chara P., idir an eite chlé agus an eite dheis a bheidh an choimhlint i dtoghchán uachtaránachta an Domhnaigh bhig seo – nó, i dtéarmaí na Brasaíle, idir an Lulismo agus an Bolsonarismo.
Beidh an t-uachtarán reatha Luiz Inácio da Silva (Lula, mar is fearr aithne air) ó Pháirtí na nOibrithe (PT) á fhéachaint le Flávio Bolsonaro de chuid an Pháirtí Liobrálaigh (PL), páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis agus nach bhfuil ‘liobrálach’ ach amháin sa chiall eacnamaíoch den fhocal sin.
Go deimhin is é Flávio Bolsonaro an mac is sine ag an iar-uachtarán conspóideach Jair Bolsonaro, a bhí i gceannas ar an mBrasaíl idir 2019 agus 2022, agus atá faoi bhraighdeanas baile ó gearradh téarma príosúin 27 mbliana agus 3 mhí air anuraidh as iarracht coup d’état a dhéanamh i mí Eanáir 2023.
Níl dul amú ar éinne sa Bhrasaíl faoina dtarlóidh más ag Flávio Bolsonaro a bheidh an bua i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo: sa chás sin, tiocfar ar bhealach chun an pionós a gearradh ar a athair Jair a chur ar neamhní, agus is mór an seans gur sa phríosún a chríochnóidh an t-uachtarán reatha Lula, a chaith tréimhse i bpríosún cheana idir 2018 agus 2019 nuair a cuireadh calaois ina leith. (Cuireadh an bhreith sin ar neamhní ina dhiaidh sin. Glactar leis go forleathan gur cleas polaitiúil a bhí ann agus gur cuireadh Lula i bpríosún ionas nach bhféadfadh sé seasamh i dtoghchán uachtaránachta 2018, a bhuaigh Jair Bolsonaro.)
Má bhíonn cuma chasta ar chúrsaí polaitíochta na Brasaíle ar an gcéad radharc, tá cuid mhór den cheart ag mo chara P. nuair a deir sí gur ag an lár a bhíonn an chumhacht i gcónaí. Tá 30 páirtí polaitiúil éagsúil sa Bhrasaíl faoi láthair agus ní bhíonn aon iarrthóir in ann rialtas a chur i dtoll a chéile gan tacaíocht ghníomhach nó chiúin pháirtithe an láir. Ba í mo thaithí féin ar feadh na 16 bliana go raibh cónaí orm sa Bhrasaíl (‘blianta Bolsonaro’ ina measc) ná nach n-éiríodh leis an eite chlé ná leis an eite dheis an chuid is radacaí dá gcuid beartas a chur i bhfeidhm.
13 iarrthóir san iomlán a bheidh ag seasamh i dtoghchán uachtaránachta an Domhnaigh bhig seo agus cé go bhfuil sciartha beaga den vóta á dtuar don scríbhneoir leabhar féinchabhrach Augusto Cury atá ag seasamh don pháirtí de chuid an láir, Avante, agus don iar-agóidí pobail Renan Santos atá ag seasamh don pháirtí nua de chuid na heite deise, Missão, tá na tráchtairí ar aon intinn faoi gur idir Lula (39 faoin gcéad sa phobalbhreith dheireanach) agus Flávio Bolsonaro (34 faoin gcéad) a bheidh an rás.
Mura n-éireoidh le hiarrthóir ar bith 50 faoin gcéad +1 de na vótaí a fháil Dé Domhnaigh, agus tá gach cuma ar an scéal nach n-éireoidh, beidh gá leis an dara babhta vótála ar an 25 Deireadh Fómhair.
Gan choinne – in iarracht, gach seans, aird na vótóirí a mhealladh ó na fíorcheisteanna, is iad sin an síorardú ar an gcostas maireachtála agus an chogaíocht drugaí, bronnadh ról tánaisteach san fheachtas an tseachtain seo ar Mhuire Aparecida, naomhphátrún na Brasaíle.
Is é an chaoi gur foilsíodh tráchtanna ar na meáin shóisialta le laethanta beaga anuas go mbeadh sé i gceist ag Flávio Bolsonaro, ar Críostaí soiscéalach é, an stádas mar naomhphátrún náisiúnta a bhaint de Mhuire Aparecida dá dtoghfaí é. Maíonn Flávio Bolsonaro gur raiméis é sin, gur ‘nuacht bhréige a chruthaigh Páirtí na nOibrithe’ atá sna líomhaintí, agus le linn mhórshiúil toghchánaíochta i gcathair São Paulo Dé Luain d’ardaigh an Protastúnach Bolsonaro bábóg chróiseáilte de Mhuire Aparecida san aer, le teann ómóis.
An rud a bhí le rá ag mo chara P. faoi amharclannaíocht an chéad rud a rith liom nuair a chonaic mé na ceannlínte agus na grianghraif sin.
Fág freagra ar 'An ‘Lulismo’ agus an ‘Bolsonarismo’ in adharca a chéile arís eile sa Bhrasaíl'