FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc

Féach ar an bpíosa físe seo agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Tá leagan den fhíseán le fotheidil le fáil ANSEO

Gníomhaíocht 1:

  • Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil leis an míniú/focal gaolmhar.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís.
  • Má bhíonn tú i bponc is féidir míniúcháin a sheiceáil ar teanglann.ie nó focloir.ie.

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
  • Cabhróidh an íomhá thíos leis an bhfocal “gadaíocht”.
  • Ansin déan iad a chur i gcomparáid leis na habairtí atá scríofa ag an duine atá in aice leat.

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Is féidir an físeán a mhoilliú trí bhrú ar chnaipe na socruithe.
    1. Cad a tharla i 1926?
    2. Cad a rinne Tuairisc.ie an tseachtain seo?
    3. Cad a bhí le rá ag Máire Ní Fhinneadha?
    4. Cá bhfuil na comharthaí a bhfuil Donncha Ó hÉallaithe ag trácht orthu?
    5. Cén gearán atá aige?
    6. Cén ghairm atá Lorna Ní Shúilleabháin?
    7. Cén fáth a bhfuil meas aici ar an gCatalóinis?
    8. Cén fáth a luaitear Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness?

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:

  • Seo nasc chuig an scéal a bhí ag Donncha Ó hÉallaithe faoi na comharthaí bóthair.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht 7-10 bpríomhphointe a scríobh síos.
  • Spreagcheisteanna:
    • Cathain a tharla sé?
    • Cén áit?
    • Luaigh teorainneacha na Gaeltachta.
    • Luaigh pointe nó figiúir éigin faoi labhairt na Gaeilge.
    • Cén fáth a bhfuil masla i gceist?

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc'