Níl aon mhasla i gceist le comharthaí Gaeltachta nua, ach tá sé fíormhaslach gadaíocht chultúrtha a lua leo

Ní hionann an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste agus An Cheathrú Rua i gConamara ach cé a thabharfadh gadaíocht chultúrtha ar an méid atá bainte amach ag na Feirstigh?

Níl aon mhasla i gceist le comharthaí Gaeltachta nua, ach tá sé fíormhaslach gadaíocht chultúrtha a lua leo

I rith an tsamhraidh d’fhoilsigh Tuairisc alt le Donncha Ó hÉallaithe faoi chomharthaí bóthair nua thart ar Chathair na Gaillimhe ag fógairt ceantracha Gaeltachta na cathrach.

“Masla do mhuintir na Gaeltachta na comharthaí nua Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe” a bhí mar theideal ar an alt, ach deargmhasla a bhí san alt ar fad do na daoine atá ag gníomhú ar son na Gaeilge in oirthear Chathair na Gaillimhe le tamall de bhlianta anuas.

Ba é tuairim Uí Éallaithe gur “siléig Roinn na Gaeltachta” is cúis le haitheantas áiteanna áirithe in oirthear Chathair na Gaillimhe mar chuid den Ghaeltacht Oifigiúil, ainneoin go bhfuil laghdú ollmhór tagtha ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge iontu ó shlog an chathair na bailte beaga tuaithe a bhí ina timpeall nuair a leagadh teorainneacha na Gaeltachta Oifigiúla amach. Is féidir plé a dhéanamh faoi theorainneacha na Gaeltachta Oifigiúla, ach ní hé sin an rud a rinne an t-alt seo.

Tugadh “gadaíocht chultúrtha” agus “leithghabháil chultúrtha” ar chrochadh na gcomharthaí bóthair sin. Fear as Tiobraid Árainn atá ag cur faoi i gConamara le fada a scríobh an t-alt. Rinne an fear céanna éacht mar chuid den ghluaiseacht ar son chearta sibhialta na Gaeltachta tráth. Ar cuireadh forghabháil chultúrtha ina leith nuair a bhog sé go Conamara le fear Gaeltachta a dhéanamh de féin? Caolseans gur cuireadh mar tá muintir Chonamara fíorfhlaithiúil, inár dtaithí, ag roinnt an chultúir is na teanga le daoine a chuireann suim iontu.

Tá a fhios ag ‘chuile dhuine i saol na Gaeilge go bhfuil áiteanna go leor sa nGaeltacht Oifigiúil a bhfuil céatadán íseal cainteoirí Gaeilge iontu agus gur ar chúinsí tíreolaíochta agus staire go bhfuil sé amhlaidh. Aithníodh an méid sin i straitéis an rialtais don Ghaeilge agus tá sé mar chuid de chúlra na pleanála teanga, próiseas a cuireadh i gcrích, i bpáirt, le go mbeadh níos mó ná teorainn tíreolaíochta i gceist le Gaeltacht. Níos mó ná trí bliana ó shin bunaíodh An Bruach Thoir, mar eagraíocht phobail chun plean teanga a chuir i bhfeidhm in oirthear Chathair na Gaillimhe.

Dá mbeadh an Plean Teanga sin léite ag Ó hÉallaithe sula ndeachaigh sé i mbun pinn, bheadh a fhios aige nach bhfuil aon dul amú orainn gurb ionann oirthear chathair na Gaillimhe agus Conamara Theas nó Oileáin Árann agus nach bhfuil sé mar aidhm againn aon rud a bhaint ó na Gaeltachtaí sin. Tugann an Plean Teanga, atá ar fáil ar ár suíomh idirlín, san áireamh gur ceantar pearuirbeach atá in oirthear chathair na Gaillimhe anois. Tagann dúshláin ar leith leis sin, maidir le pobal teanga a thionól is a neartú, ach tá féidearthachtaí ann chomh maith, mar atá leagtha amach inár bplean.

Maith, baoth, nó olc, tá áiteanna ar imeall thoir na cathrach sa nGaeltacht Oifigiúil. An cheist atá ann don am i láthair ná céard is ceart a dhéanamh faoi sin? Dúinne atá páirteach sa mBruach Thoir, is luach linn an oidhreacht sin agus ba mhaith linn an splanc sin, atá beo i gcónaí, a fhadú.

An chéad chéim, dar linn, ná a chinntiú go bhfuil deiseanna ann do chainteoirí Gaeilge casadh ar a chéile agus cuid dá saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Sular thosaigh an phleanáil teanga ní raibh aithne ag ceachtar againne ar chainteoirí Gaeilge eile sa gceantar. Anois táimid rannpháirteach i bpobal teanga a chasann ar a chéile go rialta, cainteoirí dúchais a dtéann a gceangal leis an teanga siar na mílte bliain ina measc.

I measc an iliomad beart eile sa bplean, tá sé i gceist againn feiceálacht na Gaeilge agus na hoidhreachta Gaeltachta a mhéadú sa gceantar. D’iarramar cabhair ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus sin cuid den fháth go bhfuil na comharthaí nua crochta. Tá súil againn go spreagfaidh siad mórtas áite leis na logainmneacha as Gaeilge agus go meabhróidh siad ár n-oidhreacht Ghaeltachta do mhuintir na háite. B’fhéidir go spreagfaidh siad daoine nua sa gceantar leis an teanga a fhoghlaim, nó daoine atá anseo le fada ach a bhfuil lagmhisneach orthu maidir le todhchaí na teanga sa limistéar, le teagmháil a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge eile.

Is cosúil go gcuireann an fheiceálacht sin atá á forbairt againn olc ar Dhonncha Ó hÉallaithe agus gurbh fhearr leis go bhfanfaimis ciúin faoi stádas Gaeltachta ár gceantair, amhail is gur chúis náire a bhí ann dúinn, ach ní hea agus ní fhanfaidh.

Tá an ceart aige go bhfuil céatadán na gcainteoirí laethúla íseal inár gceantar, ach is féidir líon sách ard daoine a bheith i gceist le céatadán íseal nuair atá an daonra iomlán ard. An cheist atá ann ná an bhfuil na daoine seo le tréigean mar chuid de phobal na Gaeltachta toisc gur fhás an chathair amach ina dtreo? An bhfuil bréag le cur inár leith, mar a chuir Ó hÉallaithe, má bhíonn sé de dhánacht againn comharthaí bóthair a chrochadh a léiríonn mórtas áite agus bród in oidhreacht Ghaeltachta na háite, mar chuid dár n-iarrachtaí splanc leochaileach na hoidhreachta sin a fhadú?

Is é an ról atá ag cathair na Gaillimhe, de réir alt Uí Éallaithe, ná feidhmiú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Go deimhin, is ceart go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann seirbhísí áirithe nach bhfuil ar fáil i mbailte beaga a lorg i nGaeilge i gcathair na Gaillimhe ach cá bhfuil an uaillmhian ansin? Thaispeáin muintir Bhéal Feirste gur féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir le Gaeltacht uirbeach a chruthú. Ní hionann an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste agus An Cheathrú Rua i gConamara ach cé a thabharfadh gadaíocht chultúrtha ar an méid atá bainte amach ag na Feirstigh?

Tá stair agus oidhreacht Ghaeltachta in áiteanna áirithe i gcathair na Gaillimhe. Is é ár dtuairim gur féidir tógáil air sin agus gur cheart go mbeadh níos mó ná baile seirbhíse Gaeltachta i gceist le Gaillimh, gur cheart gur bhaile a bheadh ann a mbeadh Gaeltachtaí uirbeacha fite fuaite tríd.

Ní gadaíocht gan úinéireacht agus ní leithghábháil chultúrtha gan geatóireacht chultúrtha de shaghas éigin. Bíonn muintir Chonamara fial fáilteach le baill ón Bhruach Thoir i gcónaí. Bhíomar anonn is anall go Conamara Theas go minic agus isteach is amach go dtí Oileáin Árann agus níor chasamar ach le daoine lácha, cabhracha a thacaigh lenár n-iarrachtaí pobal Gaeltachta a chothú in oirthear chathair na Gaillimhe. Níl aon choimhlint ann idir an dul chun cinn atá mar aidhm againne agus leas na gceantracha láidre Gaeltachta sin agus níl uainn aon rud a bhaint uathu. Ach, faraor, ina alt ar Tuairisc cothaíonn Ó hÉallaithe dearcadh a chuirfeadh daoine in aghaidh a chéile mar is “masla do na ceantair Ghaeltachta i gConamara Theas/Oileáin Árann na comharthaí Gaeltachta atá crochta … i gcathair na Gaillimhe” dar leis. Níl aon mhasla i gceist leis na comharthaí sin ach tá sé fíormhaslach gadaíocht chultúrtha a chur inár leith as iad a bheith crochta.

Ó bhunaíomar An Bruach Thoir, tá dhá chineál duine atá an-éagsúil ó chéile a chothaíonn éadóchas inár gceantar, dream amháin nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus dream eile atá i measc na ‘Gaeil is Gaelaí’. Tá an dá dhream ar aon intinn le chéile gur áiféiseach an rud é a bheith ag iarraidh pobal Gaeltachta a chothú in oirthear chathair na Gaillimhe – tá an cath caillte, bogaigí ar aghaidh. B’fhéidir go bhfuil an ceart acu agus is cinnte go gcuireann an dearcadh sin lagmhisneach ar dhaoine sa gceantar scaití, ach leanfaimid orainn go fóill ar a laghad ag iarraidh an splanc a fhadú agus tine a athlasadh in áit an dorchadas a cháineadh.

Is é Cathal Seoighe cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe agus Joe McGinley rúnaí an choiste

 

Fág freagra ar 'Níl aon mhasla i gceist le comharthaí Gaeltachta nua, ach tá sé fíormhaslach gadaíocht chultúrtha a lua leo'

  • Lorna Johnson

    Aontaím libh go huile is go hiomlán. Chuir sé iontas orm na pointí a ardaíodh sa chéad alt a léamh. Bheifeá ag súil le spreagadh ó chainteoirí Gaeilge eile, seachas gearán. Bail ó Dhia ar an obair ⁊ nár lagaí Dia bhur lámh.

  • Donncha eile

    Ní fíorcheantair Ghaeltachta iad na ceantair seo, agus ní raibh siad amhlaidh leis na scórtha bliain ar a laghad. Is iad na ceantair is gaire do Chathair na Gaillimhe iad agus, dá bhrí sin, is iad a bheidh mar “eispéireas Gaeltachta” de facto — mar is ar an eispéireas sin atá an mhargaíocht ar fad bunaithe agus tuigeann muid uilig gur beart margaíochta é seo ó thaobh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Tá sé bréagach a mhaíomh gur fíorcheantair Ghaeltachta iad seo, tuigeann madaí an bhaile é seo agus ba chóir stop a chuir leis an gcur i gcéill, seachas a bheith ag cur leis.

  • Cothrom na Féinne

    Aontaím go hiomlán lena bhfuil ráite san alt seo. Tá togha na hoibre ar bun ag an mBruach Thoir agus ag dreamanna eile atá ag iarraidh an fód a sheasamh ar son na teanga i gceantair atá ar imeall na Gaeltachta. Ba cheart chuile thacaíocht a thabhairt dóibh.

  • Ciaran O Tiarnaigh

    Tá gach áit sa Bhunrang Ghaeilge do dhaoine fásta i mBaile Chláir líonta go hiomlán deich lá sula dtosaíonn an cúrsa. Tá liosta feithimh againn. Ní bheadh na ranganna seo ar fáil murach an pleanáil teanga.
    Nil Gaeilge iontach ag na foghlaimeoiri seo ach tá grá acu don teanga and meas ar oidhreacht na háite. Cuireann siad an milleán ar an gcóras oideachais, agus an easpa measa a bhí ag daoine ar an teanga fiche nó tríocha (nó 50!) bliain ó shin, agus teastaíonn uathu go mbeadh an Ghaeilge mar chuid dá saol ar bhealach éigin.
    An deireadh seachtaine seo, tá grúpa 15 duine ó Ghaeltacht an Eachréidh ag dul ar thuras treoraithe go hInis Meáin, áit a mbeidh siad ag cothú cairdeas agus ag fáil spreagadh ó “fíor” Gaeltacht atá i bhfad níos láidre ó thaobh cainteoiri laethúil. Beidh siad ag foghlaim, ag caint Gaeilge, agus ag déanamh iarracht geilleagar an oileán a neartú beagán ag deireadh an tséasúir.
    Mar a léiríonn na húdair, ní masla ar bith do phobail i gceantair eile é na hiarrachtaí atá a dhéanamh acu forbairt a dhéanamh ar oidhreacht Ghaeltachta in áiteanna a labhraíodh níos mó Gaeilge fadó. Tá obair iontach ar siúl ar An Bruach Thoir.
    Is in áiteanna cosúil le Béal Feirste agus Doire atá athbheochan na Gaeilge faoi lánsheol, agus baineann an teanga le muintir na hÉireann ar fad.
    Cén fáth a rachadh aon duine i mbun ionsaithe ar dhaoine atá ag iarraidh an teanga a athbheochan in áiteanna ina bhí sé ag dul in éag le blianta fada?

  • confused

    thiar, thoir, thuaidh, theas? ‘Bhfuil Cnoc na Cathrach ar an mbruach thoir de what?

  • Colm

    “Tá an ceart aige go bhfuil céatadán na gcainteoirí laethúla íseal inár gceantar, ach is féidir líon sách ard daoine a bheith i gceist le céatadán íseal nuair atá an daonra iomlán ard”

    Cheapfá go dtuigfeadh pleanálaithe teanga cúpla rud faoi athrú teanga, cothú teanga, cén chaoi a mhaireann teanga i bpobal, cén chaoi a bhásann teanga i bpobal, cén chaoi a chuirtear teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin i bpobail, go nádúrtha.

    Is cuma ‘líon sách ard’ a bheith ann mura bhfuil dlús acu, céatadán ard den daonra áitiúil. Dá gcuirfí gach duine ar domhan in aon chathair amháin (cathair mhór ar ndóigh) agus dá meascfaí le chéile iad go léir, bheadh gach duine ag labhairt an tSínis taobh istigh de chúpla ghlúin.

    Ní rud ‘oidhreachtúil’ Gaeltacht. “Mórtas áite” a spreagadh trí Potemkin Gaeltacht a chruthú in áit nach labhraítear an Ghaeilge mar theanga phobail, cosúil le duine a úsáideann leagan Gaelach dá ainm (le bród) ach nach bhfuil focal ar bith Gaeilge aige, nó ‘Cluain na Darach’ a thabhairt ar eastáit tithíochta nua i gCill Dara nó áit éigint, nó Aire Gaeltachta/Uachtarán a deireann “Foghlaimeoidh mé an Ghaeilge níos déanaí, ach tabhair dom an post ar dtúis”.

    Cad a thabharfaimid ar ‘ceantar ina labhraíonn an chuid is mó den daonra an Ghaeilge mar theanga phobail’ amach anseo má ghlactar le ‘Gaeltacht’ mar chur síos ar ‘áit a mbíodh an Ghaeilge beo mar theanga phobail cúpla glúin ó shin’?

    Beidh mé ar ais i gceann tamaill, tá mé chun comhtharthaí Gaeltachta a chrochadh timpeall Iarthair an Chláir, chaill muid an deis seo, tabhair dúinn ár stádas Gaeltachta ar ais más rud oidhreachtúil anois é!

  • Pilib Ó Duinn

    Aontaím go hiomlán leis an bhfiontar seo agus tréaslaím libh. Tá do chuid aidhmeanna le moladh agus ma tá sibh ag déanamh aithrise ar an méid atá déanta ó thuaidh – i mBéal Feirte agus in áiteanna eile, tá sibh ar an mbóthar ceart. Leanaigí ar aghaidh. Tá go leor maitheas déanta ag Donncha O hÉallaithe thar na mblianta ach níl saoi gan locht! Rachaidh mé ar thóir an t-alt sin uaidh anois. Aon rud a dhéanann sibh leis an nGaeilge a scaipeadh, is rud fiúntach é. Má dhéanann gach duine a dhícheall leis an nGaeilge a neartú – fiú iarracht bheag – cuirfidh sé le todhchaí na Gaeilge a dhaingniú. Tá sé thar am ag Gaeilgeoirí – cibé sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht tacaíocht a thabhairt dá chéile – muna bhfuil dochar á ndéanamh acu don Ghaeilge. Gura mbuaine bhur n-obair. Dorn san aer!