Tá lucht Phobal Wikimedia Éireann anois “sa chéim dheireanach” de dhréachtú straitéis Gaeilge na Vicipéide. Bhíothas ag súil go mbeadh an straitéis, a fógraíodh i samhradh na bliana 2025, foilsithe faoi dheireadh na bliana seo caite ach tháinig moill ar chúrsaí de bharr athruithe foirne san eagraíocht.
“Níl sí foilsithe fós. Is tionscadal mór é, agus táimid á réiteach i gcomhar le pobal na Vicipéide. Bhí cúpla athrú foirne againn, agus mar sin tá níos mó ama ag teastáil ná mar a cheapamar ag an tús,” a dúirt Amy Uí Ríordáin, bainisteoir pobail na heagraíochta.
“Táimid anois sa chéim dheireanach den dréachtú: ag obair leis an bpobal chun na príomthosaíochtaí forbartha a leagan amach. Nuair a bheidh sé sin déanta, beimid in ann an treochlár straitéiseach a chríochnú.”
Is é seo an chéad uair i stair na ciclipéide a bheidh plean straitéiseach ann don Ghaeilge ar an Vicipéid.
Dúirt Uí Ríordáin le Tuairisc go bhfuil “dul chun cinn” déanta ag Pobal Wikimedia Éireann le bliain anuas ar thograí eile seachas an straitéis Gaeilge.
“Tá beirt bhall foirne fostaithe a bhfuil Gaeilge acu anois – mé féin i mo bhainisteoir pobail agus Pádraig [de Búrca], ár nOifigeach Gaeilge nua. Tá pobal eagarthóireachta na Vicipéide ag fás, agus tá Vicipéideoirí ag cabhrú linn leis an obair.
“Mar shampla, d’ardaigh eagarthóirí ceist na gcatagóirí ag ár gcruinniú míosúil le déanaí, agus táimid ag obair le chéile anois chun caighdeán a dhéanamh dóibh. Tá níos mó ná 64,000 alt ar an Vicipéid anois – beagnach 65,000 – agus iad scríofa ag daoine le Gaeilge ar fud an domhain,” a dúirt sí.
Dúirt sí go raibh réimse leathan daoine anois ag cur “spéis mhór” sa Vicipéid – an gnáthphobal, taighdeoirí, agus lucht forbartha uirlisí teanga agus intleachta saorga.
Agus í ag labhairt le Tuairisc an bhliain seo caite, dúirt Uí Ríordáin gurbh í an traenáil do Vicipéideoirí an chloch ba mhó ar a paidrín. Dúirt sí i mbliana go bhfuil an cúrsa ‘Slí na Vicipéideoirí’ i gcroílár na hoibre sin anois agus go bhfuil ábhair i nGaeilge cruthaithe aici féin agus ag Vicipéideoirí eile le bliain anuas.
Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach don eagraíocht go gcloisfeadh siad ó chainteoirí Gaeilge agus lucht úsáide na Vicipéide agus an straitéis nua á cur i dtoll a chéile acu.
“Tá sé tábhachtach go gcloisfimid ó chainteoirí agus ó fhoghlaimeoirí de gach leibhéal, ionas go mbeidh an Vicipéid, agus tionscadal eile ar nós Vicifhoclóir, áisiúil agus inrochtana do dhaoine de gach aois agus de gach leibhéal Gaeilge.
“Is iad pobal na Gaeilge a thógann an Vicipéid: na heagarthóirí go léir, idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí, agus aon duine a chuireann léi in Éirinn agus ar fud an domhain,” a dúirt sí.
Dúirt Uí Ríordáin go leagann gach pobal teanga “síos a chaighdeán agus a threoirlínte féin” agus go bhfuil ailt ar Vicipéid na Gaeilge ar ábhair a bhfuil tábhacht leo i saol na Gaeilge nach bhfuil ar Wikipedia an Bhéarla ar chor ar bith.
Ceapadh Pádraig de Búrca, bunaitheoir an chomhlachta GaelTeic, ina oifigeach Gaeilge le Pobal Wikimedia Éireann an mhí seo caite. Tá post an oifigigh Gaeilge ann i bPobal Éireann Wikimedia ó bhí an bhliain 2023 ann agus maoiniú á chur ar fáil ag Fondúireacht Wikimedia don ról. Is é an príomhchúram a bheidh ar de Búrca úsáid agus forbairt na Gaeilge a chur chun cinn ar fud thionscadail Wikimedia: leithéidí Wiktionary, Wikiquote, Wikibooks, agus Wikimedia Commons.
Tá an Vicipéid ar an bhfód ó 2005. Tá leagan Gaeilge den chiclipéid áirithe i measc na leaganacha atá i dteangacha “íseal-acmhainní” agus atá “i mbaol an díothaithe dhigitigh”. Tá isteach is amach le 65,000 alt ar an leagan Gaeilge den chiclipéid agus tuairim is 80-100 duine i mbun eagarthóireachta ar an suíomh gach mí. Cuireadh tuairim is 2,000 alt leis an Vicipéid le bliain anuas nó mar sin.
Fág freagra ar 'Straitéis Gaeilge na Vicipéide sa ‘chéim dheireanach’ anois agus 2,000 alt curtha leis an suíomh le bliain anuas'