Is iomaí gáire a bhain Dad’s Army amach. Bíonn sean-eagráin den chlár grinn seo le feiceáil. fós ar stáisiún Breataineach. Beidh daoine óga sa saol anois nach bhfuil cuimhne acu ar an scéal a bhain le Dad’s Army. Fir a bhí iontu a chuaigh isteach i bhfórsa cúltaca arm sa mBreatain in aimsir an dara cogadh domhanda. Má b’fhíor don dream a scríobh an dráma teilifíse, bhíodar ar an bpaca amadán ba mhístuama a leag cos ar an talamh ariamh.
Ní mar sin a bhí, a deir Robert Jocylyn.
Thug mé suntas don phriocadh a thug Jocylyn, a chónaíonn ar an gCaiseal i gConamara, do lucht déanta na gclár sin i leabhar a scríobh sé le gairid. Baineann an leabhar le Major Thomas Falcon Hazel a bhí ina phíolóta sa gcéad chogadh mór. Duine de theaghlach Angla-Éireannach a bhí ann a raibh cónaí orthu san áit a bhfuil Óstán Cashel House i gConamara anois. Laoch a bhí ann ó thaobh an chogaidh de; bhuaigh sé beagnach dhá scór caismirt sa spéir in aghaidh na nGearmánach. Tugadh onóracha ríoga dó. Bhí a dhualgas airm déanta aige nuair a tharla an dara cogadh mór. Cé go raibh cónaí air in Éirinn chuaigh sé isteach aríst sa bhfórsa cúltaca sa mBreatain sna 1940idí.
Seasann údar an leabhair, Robert Jocylyn, cearta don Chúltaca. Dúirt go raibh cúltaca na Breataine bunaithe ar eagraíochtaí den chineál céanna ar an mór-roinn ‘especially Norway’s Home Guard, which put up stoic resistance to the Germans both before and during the German occupation’.
Ar ndóigh, ní i Sasana amháin a rinneadh greann faoi lucht chúltaca an airm. Cé nach mb’ábhar cláir an Fórsa Cosanta Áitiúil (FCA.) sa tír seo, b’ábhar diabhlaíochta iad go minic.
‘Chuadar isteach ann le haghaidh an chóta.’ Sin a raibh de mheas ag cuid acu ar an FCA. Bhí mé féin agus mo chóta mór ann, ag saighdiúireacht d’Éirinn! An FCA, ‘fíor-chrowd amadán’, a deirtí freisin. Ach, ar ais chuig an gcóta. Ar ndóigh b’fhéidir go ndeachaigh leaids óga isteach san FCA le haghaidh an chóta scaití; cé a thógfadh orthu é. Bhí airgead agus éadach gann in áiteacha faoin tuath. Ní raibh daoine ag ceannacht na gcótaí ‘designer’ an uair úd.
Is beag amharc atá ar bhuíonta an FCA anois ar bhóithre na tuaithe, nó an Cúltaca Airm mar a thugtar orthu ó 2005 i leith. Ba mhinic a d’fheictí leoraí airm ag dul anonn agus anall agus na fir óga ag beannú do dhaoine a bheadh ag dul thar bráid, nó ag fógairt orthu scaití. Ina dhiaidh sin féin, níor fheil sé go mbeifeá cúthaileach agus tú faoi réir le cosaint a dhéanamh ar an tír. Ach de réir freagra Dála a tugadh cúpla bliain ó shin, níl an dá mhíle féin sa gCúltaca anois. Bhíodh na scórtha nó na céadta féin as Conamara amháin san FCA tráth den saol.
An dream atá i gCúltaca an airm sa lá inniu, cuirtear scrúduithe colainne agus ábaltachta orthu sula nglactar leo. Ach ar bhealach, ní raibh gá leis sin sna blianta siar mar bhí daoine óga na tuaithe aclaí agus neartaithe ag obair throm fhisiciúil. Ba gheall le coicís saoire acu é nuair a théidís isteach ar an Rinn Mhóir ar chúrsaí traenála.
Bhíodh oifigigh ann scaití a bhíodh géar. Lá dá raibh is cuimhin liom go raibh oifigeach ag gríosú na bhfear óg. Thiocfadh an lá go mbeadh an namhaid i bhfoisceacht cúpla coisméig dóibh agus a ghunna lódáilte. Chuir sé teannadh lena ghlór: ‘What do you then?’ Bhí leaid géimiúil ann as Dúiche Sheoigheach agus chuir scairt ghlórach gháirí as. D’éirigh an t-oifigeach ina choileach agus d’fhógair amach gur ceannairc a bhí san eachtra! Ceithre bhabhta reatha timpeall na cearnóige móire a cuireadh ar an leaid. Sílim go raibh sé fós ag gáirí. Chleacht sé an choisíocht in ndiaidh caorach ar shléibhte Mhám Toirc.
I ndeireadh na dála, is iomaí sin cúis, post agus pá, nó b’fhéidir cóta mór, a bhí ag daoine a chuaigh sa gcúltaca, nó san arm.
Bhraith go leor ort féin san FCA nó sa gCúltaca. Bhí oiliúint mhaith ann agus taithí ar an saol agus cén dochar corrgháire?
Fág freagra ar '‘Chuadar isteach ann le haghaidh an chóta’ – sin a raibh de mheas ag cuid acu ar an FCA'